An Cheathrú Rua, An Spidéal agus an Daingean i measc na bhfoirne Gaeltachta atá ag dul sa ghleo

Idir pheil agus iomáint, tá cumainn Ghaeltachta ag dul chun páirce i gcluichí craoibhe i nGaillimh, Ciarraí, Dún na nGall, Corcaigh, Maigh Eo agus an Mhí tráthnóna

An Cheathrú Rua, An Spidéal agus an Daingean i measc na bhfoirne Gaeltachta atá ag dul sa ghleo

Naomh Conaill. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Deireadh seachtaine mór cluichí CLG é d’fhoirne Gaeltachta ar fud na tíre agus na craobhacha contae anois faoi lán seoil. Tá cumainn Ghaeltachta ag dul chun páirce i gcluichí craoibhe i ngach contae Gaeltachta inniu agus amárach idir pheil agus iomáint. Caitear súil anseo ar chluichí an lae inniu.

Gaillimh

I nGaillimh, tá na babhtaí ceathrú ceannais linn sa chraobh shinsir peile agus dhá fhoireann Ghaeltachta atá cáilithe dóibh.

Tar éis dóibh an chraobh idirmheánach a thabhairt leo anuraidh, tá an-dul chun cinn déanta ag peileadóirí an Spidéil sa phríomhghrád i mbliana agus iad tagtha slán óna ngrúpa.

Fuair an Spidéal an ceann is fearr ar Bhearna sa chluiche deireanach i nGrúpa 1 chun áit a fháil sa bhabhta seo agus tabharfaidh siad aghaidh anois ar Réalta Thuama i gcluiche crua i Staid an Phiarsaigh tráthnóna.

Níl teacht ag an Spidéal ar Antaine Ó Laoi mar tá an t-imreoir de chuid na Gaillimhe ag teacht chuige féin i ndiaidh dó dul faoi scian ag deireadh an tsamhraidh.  Is laige iad dá uireasa ach beidh siad ag súil go ndéanfaidh a dheartháireacha, Finnian agus Cormac, an beart agus iad ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais sinsir den chéad uair riamh.

Is i Staid an Phiarsaigh chomh maith atá cluiche ceathrú ceannais eile an lae inniu idir Maigh Cuilinn agus Naomh Micheál. Bhí cuma láidir ar fhir Mhaigh Cuilinn go dtí seo sa chraobh ach tá cúpla fadhb ag cur as dóibh.

Ní raibh an t-imreoir idirchontae Peter Cooke ar fáil dóibh le cúpla cluiche anuas agus é i Meiriceá agus bhain gortú d’imreoir idirchontae eile, Seán Kelly, sa bhabhta deireanach. Buille mór a bheadh ann mura mbeadh teacht acu ar an mbeirt sin tráthnóna agus fir chrua na cathrach, Naomh Micheál, rompu.

Beidh cúpla cluiche mór ann sna babhtaí dícháilithe tráthnóna chomh maith, agus cuirfidh muintir na Gaeltachta suim ar leith sa chath idir na comharsana i gConamara, an Cheathrú Rua agus Naomh Anna, Leitir Móir, a bheidh ar siúl i Ros Muc.

Bliain sách crua a bhí inti don dá fhoireann go dtí seo in 2019. Chríochnaigh Naomh Anna ag bun Ghrúpa 2 agus cúig chluiche as cúig cinn caillte ag fir cheantar na nOileán. Níor éirigh mórán níos fearr leis an gCeathrú Rua. Bhuaigh siad a gcéad chluiche i gcoinne Chathair Loistreáin ach sáraíodh iad i ngach chluiche eile agus tugadh stánáil dóibh i gcuid acu.

Tá Bearna i mbaol ísliú céime a fháil chomh maith agus beidh siad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Séamus i dTuaim inniu. Ní hin deireadh leis na foirne a chaillfidh tráthnóna, áfach, mar beidh deis eile acu áit sa chraobh shinsir a choinneáil. Ar ndóigh, b’fhearr leo go mór an beart a dhéanamh inniu.

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

Babhta Ceathrú Ceannais

An Spidéal v Réalta Thuama – Staid an Phiarsaigh, 3.00pm

Maigh Cuilinn v Naomh Micheál – Staid an Phiarsaigh, 4.45pm

Babhta Dícháilithe

Naomh Anna, Leitir Móir v An Cheathrú Rua – Ros Muc, 4.45pm

Bearna v Naomh Séamus – Páirc Naomh Iarflaith, 4.45pm


Ciarraí

Is fánach an scíth a bheidh ag imreoirí Chiarraí a chaill athimirt chluiche ceannais peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. Cuirfear tús le craobh shinsir peile an chontae tráthnóna agus Daingean Uí Chúis ag dul chun páirce sa chéad bhabhta.

Bhain fir an Daingin cluiche ceannais an chontae amach anuraidh agus is cinnte go mbeidh súil acu bheith chomh láidir céanna arís i mbliana. Is i gcoinne Aibhistín de Staic a bheidh siad anocht i bPáirc an Ághasaigh.

Fuair fir Thrá Lí an ceann is fearr ar fhir an Daingin sa chluiche a imríodh eatarthu i gcraobh na gclubanna níos luaithe i mbliana ach nuair a chasadar ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh, bhí an lá leis na Duibhnigh, 3-9 in aghaidh 0-9.

Idir mhuintir Geaney agus Tom O’Sullivan atá ar fhoireann an chontae agus an scata imreoirí óga atá tagtha chun cinn sa chumann le blianta beaga anuas, tá Daingean-Uí Chúis ar cheann de na foirne is fearr sa chontae. Beidh siad ag súil cruthúnas a thabhairt anocht gurb amhlaidh atá agus tús maith a chur leis an gcraobh.

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Babhta 1

Daingean-Uí Chúis v Aibhistín de Staic – Páirc an Ághasaigh, 5.00pm


Dún na nGall

Imreofar na cluichí deireanacha i mbabhta na ngrúpaí i gcraobh shinsir Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus dhá chluiche i nGrúpa B á n-imirt anocht.

Tá Naomh Conaill nach mór cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais ach beidh siad cinnte dá n-áit chomh fada agus nach gcaillfidh siad i gcoinne Sheáin Mhic Cumhaill tráthnóna. Bhí fir na nGleanntach cumasach sa dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo agus na Cealla Beaga agus An Clochán Liath cloíte acu, ach d’fhéadfadh sé tarlú fós go bhfágfaí ar an trá fholamh iad.

Ba cheart go bhfaigheadh na Cealla Beaga an ceann is fearr ar an gClochán Liath tráthnóna agus má bhuann Seán Mac Cumhaill ar Naomh Conaill, bheadh difríocht na scór i gceist. Chaithfeadh athrú mór teacht ar chúrsaí chun go bhfágfaí Naomh Conaill sa tríú háit ach níl siad slán fós.

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Babhta 3

Na Cealla Beaga v An Clochán Liath – Na Cealla Beaga, 6.00pm

Naomh Conaill v Seán Mac Cumhaill – Na Gleannta, 6.00pm


Corcaigh

Tá Cill na Martra fós san iomaíocht d’áit i gcraobh shinsir peile Chorcaí 2020 agus iad ag fáil réidh don chluiche ceathrú ceannais sa phríomhghrád idirmheánach tráthnóna. Bhuaigh fir Mhúscraí an chraobh idirmheánach anuraidh agus tá siad dulta ó neart go neart i mbliana.

Bhí bua cumasach acu ar Mhaigh Chromtha sa bhabhta deireanach, 6-12 in aghaidh 1-11, agus tabharfaidh siad aghaidh anois ar Cheann Toirc tráthnóna agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche leathcheannais.

Príomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí

Babhta Ceathrú Ceannais

Cill na Martra v Ceann Toirc – Sráid an Mhuilinn, 4.45pm


Maigh Eo

Dream eile atá imithe ó neart go neart ó bhain siad ardú céime amach is ea iad Béal an Mhuirthead. Bhuaigh fir Iorrais craobh idirmheánach Mhaigh Eo anuraidh agus tá siad ag imirt i ngrád na sinsear den chéad uair le breis agus scór bliain dá bharr.

Bhuaigh siad péire de na trí chluiche a d’imir siad i nGrúpa 4 ach tá obair le déanamh acu más leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach agus iad ag tabhairt aghaidh ar churaidh 2018, Baile an Tobair, tráthnóna i mBéal an Átha.

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo

Babhta Ceathrú Ceannais

Béal an Mhuirthead v Baile an Tobair – Béal an Átha, 5.00pm


An Mhí

Beidh Clann na nGael ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Ghaeil Cholmcille inniu i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach iomána na Mí. Bhí bua dhá phointe ag fir Cheanannais ar Chlann na nGael sa bhabhta céanna anuraidh ach tá cuma na maitheasa ar fhir Ráth Chairn agus Bhaile Átha Buí i mbliana.

Bhuaigh Clann na nGael cúig chluiche as cúig cinn i nGrúpa A agus bhí bua cumasach acu ar Ghaeil Cholmcille sa chluiche deireanach sa ghrúpa, 3-14 in aghaidh 0-9. Ní raibh an oiread céanna tábhachta ag baint leis an gcluiche sin áfach agus beidh áit sa chluiche ceannais ag buaiteoir chluiche an lae inniu.

Craobh Idirmheánach Iomána na Mí

Babhta Leathcheannais

Clann na nGael v Gaeil Cholmcille – Páirc Tailteann, 3.30pm

Fág freagra ar 'An Cheathrú Rua, An Spidéal agus an Daingean i measc na bhfoirne Gaeltachta atá ag dul sa ghleo'