Tá an chéad radharc tugtha ag Comhlacht Forbartha Inis Meáin den ionad pobail nua ar an oileán Gaeltachta.
Scaipeadh pictiúir den ionad nua ar na meáin shóisialta, pictiúir a thugann spléachadh ar áilleacht an tsuímh agus ar sheomraí snasta an fhoirgnimh.
Ní fada uainn anois é: Ionad Pobail Inis Meáin pic.twitter.com/fApMOjSgeM
— Comhlacht Forbartha Inis Meáin (@cfinismeain) September 17, 2021
Is é Cuan Ó Seireadáin, iarchoiméadaí Chonradh na Gaeilge atá ina bhainisteoir ar an ionad nua agus tá súil aige go mbeidh an foirgneamh réidh le hoscailt i gceann roinnt seachtainí.
Ar láthair an tsean-ionaid tumadóireachta ar Inis Meáin atá an t-ionad nua tógtha.
Beidh halla don phobal, oifigí agus mol digiteach san ionad nua.
Anuraidh a cuireadh tús leis an obair tógála don ionad nua agus chuir Roinn na Gaeltachta breis is €450,000 ar fáil don fhorbairt.
Fág freagra ar 'An chéad radharc den Ionad nua pobail ar Inis Meáin'