An chéad ‘Post-Match Gaeltacht’ á reáchtáil ag CLG Átha Cliath

Imreoidh peileadóirí Átha Cliath in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn agus tá sé i gceist ag CLG Átha Cliath ‘Post-Match Gaeltacht’ a eagrú do lucht tacaíochta an dá fhoireann i ndiaidh an chluiche

An chéad ‘Post-Match Gaeltacht’ á reáchtáil ag CLG Átha Cliath

Tá imeacht nua, an ‘Post Match Gaeltacht’ á eagrú ag CLG Átha Cliath an deireadh seachtaine seo agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn i measc lucht tacaíochta peile agus iomána na hardchathrach.

Imreoidh Áth Cliath agus Gaillimh in aghaidh a chéile i Roinn 1 na sraithe peile i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn ag 7.00pm agus, i ndiaidh an chluiche, tá sé i gceist macasamhail an ‘Pop-Up Gaeltacht’ a eagrú sa chathair do lucht tacaíochta na bhfoirne.

Reáchtálfar an ócáid i dteach tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde san ardchathair agus tá sé i gceist imeacht dá leithéid a eagrú i ndiaidh fhormhór na gcluichí a imreoidh Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh i rith na sraithe.

“Tabharfaidh an ‘Post Match Gaeltacht’ deis do lucht tacaíochta an dá fhoireann teacht le chéile i gcomhluadar Gaelach tar éis an chluiche,” a deir Oifigeach Gaeilge nua CLG Átha Cliath, Cóilín Ó Cearbhaill.

“Is oíche neamhfhoirmeálta a bheidh ann agus beidh deis ag daoine aithne níos fearr a chur ar a chéile i dtimpeallacht Ghaelach. Tá muid ag súil chomh maith go gcuirfidh sé leis an ócáid, leis na cluichí i bPáirc an Chrócaigh agus go mbeidh sé mar chuid den ‘match routine’ ag daoine ansin.”

Chomh maith leis an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe Dé Sathairn, beidh cluichí in aghaidh Mhaigh Eo (23 Feabhra) agus Tír Eoghain (16 Márta) ag peileadóirí Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh oícheanta Sathairn.

I dtús na bliana a thosaigh Ó Cearbhaill, iarUachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge, ina ról nua ar choiste an chontae ach tá pleananna go leor ar na bacáin aige, a deir sé, agus suim mhór léirithe ag an gcoiste agus ag na clubanna i mBaile Átha Cliath i gcur chun cinn na Gaeilge.

“Bhí mé ag comhdháil bhord an chontae agus tá gach duine ann an-dhearfach faoin nGaeilge. Bíonn mé i dteagmháil le John Costello [Príomhfheidhmeannach CLG Átha Cliath] agus tá gach tacaíocht tugtha dom ó thaobh mo chuid oibre a dhéanamh,” arsa Ó Cearbhaill, ball de na Gaeil Óga.

“Tá trí chineál sprioc ag dul leis an ról seo; tacaíocht a thabhairt do na clubanna a bhíonn ag reáchtáil ócáidí ina gceantair féin, imeachtaí a eagrú ar bhonn an chontae chun daoine ó na clubanna uile a thabhairt le chéile agus, freisin, féachaint ar conas is féidir le CLG Átha Cliath féin an Ghaeilge a chur chun cinn beagáinín níos mó.”

Fág freagra ar 'An chéad ‘Post-Match Gaeltacht’ á reáchtáil ag CLG Átha Cliath'