An chéad Pop Up Gaeltacht le beagnach dhá bhliain curtha ar ceal de dheasca Covid-19

I ráiteas a chuir siad amach ar Twitter, dúirt lucht an Pop Up Gaeltacht gurb é an rud ‘stuama’ gan dul ar aghaidh leis an ócáid

An chéad Pop Up Gaeltacht le beagnach dhá bhliain curtha ar ceal de dheasca Covid-19

Tá an chéad Pop Up Gaeltacht le beagnach dhá bhliain curtha ar ceal.

D’fhógair lucht eagraithe na hócáide, a bhí le bheith ar siúl ag deireadh na míosa, go raibh sí curtha ar ceal de dheasca chúrsaí Covid-19.

I ráiteas a chuir siad amach ar Twitter, dúirt lucht an Pop Up Gaeltacht gurb é an rud “stuama” ná gan dul ar aghaidh leis an ócáid a bhí beartaithe do theach tábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath.

“A chairde, táimid croíbhriste a rá libh go bhfuil Pop Up na Samhna ar athló. Ní bheadh sé stuama ná comhlíontach le srianta COVID slua mór a tharraingt go háit a chúiseodh plód. Beimid ar ais. Fanaigí slán, tugaigí aire dá chéile, agus tacaígí le tithe tábhairne maithe,” a dúradh.

Níl sé i gceist faoi láthair go bhfillfí ar shrianta Covid-19 níos déine ach tá imní ar an Rialtas agus ar na húdaráis sláinte faoin ardú ar líon na gcásanna den ghalar le tamall.

Cé go bhfuil cosaint mhaith á tabhairt ag na vacsaíní don phobal, deir NPHET gur údar imní atá san ardú ar líon na gcásanna agus i líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an tseachtain seo go raibh daoine ag bualadh le níos mó daoine anois ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime agus go gcaithfí gearradh siar ar choinní sóisialta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar ar Morning Ireland ar RTÉ maidin inniu  go raibh cúrsaí an ghalair “leochaileach ach seasmhach”.

“Feicfimid thart ar 4,000 cás á bhfógairt inniu nó amárach. An treo sin atá cúrsaí ag dul agus tá riaráiste cásanna neamhdheimhnithe ann chomh maith,” arsa an Tánaiste.

Dúirt sé nach bhféadfaí a thuilleadh srianta a chur as an áireamh.

“Bheadh sé místuama sin a dhéanamh ach is féidir liom a rá nach bhfuil sé i gceist againn srianta a chur i bhfeidhm arís roimh an Nollaig agus go bhfuilimid den tuairim nach mbeidh gá lena leithéid.”

Fág freagra ar 'An chéad Pop Up Gaeltacht le beagnach dhá bhliain curtha ar ceal de dheasca Covid-19'