An chéad mhórghealltanas toghcháin faoin nGaeilge déanta ag Fine Gael

Tá geallta ag Fine Gael go ndéanfaidís maoiniú Údarás na Gaeltachta a dhúbailt

An chéad mhórghealltanas toghcháin faoin nGaeilge déanta ag Fine Gael

Tá na geallúintí toghcháin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi lán seoil agus Fine Gael ag maíomh go ndéanfaidh siad buiséad Údarás na Gaeltachta a dhúbailt ach iad a bheith i gcumhacht arís.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu go raibh a pháirtí “tiomanta” do chur chun cinn na Gaeilge agus na n-oileán.

“Déanfaimid maoiniú Údarás na Gaeltachta a dhúbailt chun cuidiú le comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht an Údaráis,” arsa Seán Kyne atá ag seasamh i nGaillimh Thiar i dtoghchán na míosa seo chugainn.

€20 milliún in aghaidh na bliana atá i mbuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú.

€10 milliún an buiséad caipitil a cheadaigh rialtas mionlaigh Fhine Gael d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2020 a fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite. 

Méadú ab ea é ar an €9 milliún a fógraíodh sa bhuiséad agus sna meastacháin réamhbhuiséid an bhliain roimhe sin. Ach ó tharla gur tugadh €700,000 eile don eagraíocht in 2019 le caitheamh ar thograí caipitil, ní bheidh ach €300,000 níos mó le caitheamh acu in 2020.

‘Aire sinsearach don Ghaeltacht’ agus trí éileamh toghchán eile nochta ag Conradh na Gaeilge

Gealladh sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Project Ireland 2040, a foilsíodh in 2018, go méadófaí buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana, ach €20 milliún atá á gheallúint anois ag Fine Gael.

Mhaígh Seán Kyne chomh maith inniu go ndéanfaí infheistíocht bhreise i straitéis turasóireachta nua don Údarás agus i gcur chun cinn an bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’.

Is beag atá ráite go dtí seo faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht i bhfeachtas Olltoghchán 2020.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie, go dtabharfadh a pháirtí toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais dá mbeidís i rialtas tar éis an toghcháin, ach is í geallúint Fhine Gael i dtaobh an bhuiséid inniu an gheallúint is mó ó thaobh na teanga go n-uige seo. 

Is é an páirtí nua Aontú an t-aon pháirtí a bhfuil polasaí ar leith don teanga foilsithe go fóill acu.

Tá ráite ag na páirtithe eile le Tuairisc.ie go mbeidh a bpolasaithe i leith na Gaeilge á bhfoilsiú acu go luath.

Ceithre phríomhéileamh atá ag Conradh na Gaeilge ar na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir a bheidh san iomaíocht in olltoghchán na míosa seo chugainn.

Is iad na héilimh réamhthoghcháin sin ná Aire Sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoin mbrat #Gaelvóta le linn fheachtas olltoghcháin 2020 agus fóraim ghnímh á n-eagrú acu ar fud na tíre mar chuid den fheachtas sin. Tá stiúrthóir á cheapadh i ngach dáilcheantar acu chun brú a chur ar iarrthóirí agus na héilimh a chur chun cinn.

Foilseofar liosta de na hiarrthóirí atá ag tacú leis na héilimh roimh lá na vótála.

Fág freagra ar 'An chéad mhórghealltanas toghcháin faoin nGaeilge déanta ag Fine Gael'

  • Bean Ghaeltachta

    “Mhaígh Seán Kyne chomh maith inniu go ndéanfaí infheistíocht bhreise i straitéis turasóireachta nua don Údarás agus i gcur chun cinn an bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’.”

    Ach cén fáth an gcaithfidh na turasóirí a bheith seasta sa mullach orainn? Féach cás na Veinéise agus Barcelona, agus an fuinneamh a ídítear san earnáil turasóireachta.