An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain curtha i gcló

Beidh an foclóir nua á dháileadh ar shiopaí leabhar an mhí seo chugainn agus beidh feachtas poiblíochta ann sa bhfómhar

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain curtha i gcló

Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain curtha i gcló.

8,000 cóip den fhoclóir nua atá á chur ar fáil agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuir i gcló é.

Beidh an foclóir nua á dháileadh ar shiopaí leabhar an mhí seo chugainn agus deir Foras na Gaeilge go “seolfar feachtas nua leis an bhfoilseachán suntasach a phoibliú san fhómhar”.

1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo.

30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua a raibh Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

Nuair a seoladh an foclóir nua go dtí na foilsitheoirí mí Bealtaine, dúirt Bainisteoir Thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, le Tuairisc.ie gur údar mór sásaimh d’fhoireann an fhoclóra gur éirigh leo an beart a dhéanamh agus an saothar a chur díobh tráth a raibh deacrachtaí go leor le sárú ag daoine de bharr na paindéime.

“Cúis áthais dúinn go léir gur cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge go dtí na clódóirí Dé Luain. Bhí deacrachtaí suntasacha gan choinne le sárú i gcéimeanna deiridh an fhoclóra de bharr na mbeartas atá i bhfeidhm ar fud na tíre le tamall,” arsa Cormac Breathnach ag an am.

Fág freagra ar 'An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain curtha i gcló'

  • Seathrún Mac Éin

    Is dócha go mbeidh fiche ceist – nó céad ceist féin – ag daoine nuair a bheidh siad tar éis an foclóir nua a cheannach. Idir an dá linn, seo dornán ceisteanna uaim féin.
    (1) Má tá dhá oiread leathanach (1780 in aghaidh 864+25 lch) sa bhfoclóir nua is a raibh i bhfoclóir De Bhaldraithe, cén fáth go bhfuil líon na gceannfhocal níos lú de thrian – 30,000 in aghaidh 45,000? Nó in aghaidh 48,ooo sa bhfoclóir ar líne? An éagóir ar lucht a thiomsaithe a lua gur “180,000 references” agus “190,000 numbered definitions” a bhí sa Tríú Eagrán (1994) den Collins English Dictionary a raibh 1791 lch. ann?

    (2) D’fhreastail mise ar chúrsa aistriúcháin (Gearmáinis-Béarla agus Béarla- Gearmáinise) sa Goethe Institut na blianta ó shin. Mhaígh an léachtóir, Hans Christian Oeser, nár chóir dúinn muinín a chur in aon fhoclóir dátheangach a mbeadh níos lú ná 100,000 ceannfhocal ann. Nár chóir dúinn foclóir Béarla-Gaeilge – nó Gaeilge-Béarla – a bheith againn le fada a bheadh ar chomhmhéid leis na foclóirí dátheangacha móra do theangacha ar nós an Bhéarla, na Gearmáinise, na Fraincise, na Spáinnise nó na Rúisise? Maidir leis an Eabhrais san Iosrael – tír atá ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta agus eile anois – tá thart ar 120,000 focal acu de réir na tuairisce is déanaí atá faighte agam. Agus mhaítí gur theanga “mharbh” ar fad a bhí san Eabhrais níos lú ná 150 bliain ó shin! Cén fáth nach bhfuil foclóir clóite NuaGhaeilge againn go fóill a bhfuil an oiread céanna ceannfhocal ar a laghad ann?

    (3) Conas a roghnaíodh na focail le fágáil ar lár as Foclóir an Mhianánaigh i gcomparáid leis an bhfoclóir ar líne?