An chéad leagan Gaeilge d’úrscéal le Agatha Christie á sheoladh ag Oireachtas na Samhna inniu

Cuirfear tús leis na comórtais scéalaíochta, amhránaíochta, lúibíní, agallamh beirte agus an dreas cainte inniu ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath

An chéad leagan Gaeilge d’úrscéal le Agatha Christie á sheoladh ag Oireachtas na Samhna inniu

Seolfar an chéad leagan Gaeilge d’úrscéal de chuid Agatha Christie ag Oireachtas na Samhna tráthnóna.

Aistriúchán le Risteard Mac Annraoi ar Murder on the Orient Express é Dúnmharú ar Luastraein an Oirthir agus seolfar an leabhar nua ag 3.00pm ag Aonach an Oireachtais in Óstán an Citywest in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.

Deirtear gurb í seo an chéad uair riamh ar cuireadh Gaeilge ar úrscéal de chuid Christie agus go dtabharfaidh an saothar nua deis do léitheoirí na Gaeilge leabhar de chuid ‘mháistreás na mistéire’ a bhlaiseadh ina dteanga féin.

Seolfar trí leabhar eile ag an bhféile inniu.

Ag 1.00pm, seolfar Scéalta agus Seanchas – Potatoes, Children and Seaweed, leabhar atá scríofa ag Áine Ní Fhoghlú bunaithe ar chuimhní cinn an phobail i nGaeltacht na nDéise ar an saol roimh theacht na haibhléise agus an uisce reatha.

Is ag a 2.00pm a sheolfar Doirse Dé, cuimhní cinn Pheadair Bairéad ar a óige in Iorras i gcontae Mhaigh Eo, ar na deich mbliana a chaith sé i mbun oiliúna mar shagart agus a shaol mar mhúinteoir i Maigh Eo, i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh.

Ag a 3.00pm seolfar suas le 600 pictiúr nua-dhigitithe de ghrianghraif a thóg Tomás Ó Muircheartaigh (1907-1967) ar Dúchas.ie i Svuít Blessington san Ionad Comhdhála.

Ansin ag a 5.00pm ag Aonach an Oireachtais, seolfar Orla Uan sa Chathair, an chéad leabhar eile sa tsraith Orla Uan le Eibhlín Uí Iarlaithe.

Ag a 2.00pm, beidh seisiún comhairliúcháin á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi ‘Treo Straitéiseach’ na heagraíochta sa tréimhse 2020-2025.

Beidh deis ag an bpobal atá i láthair a dtuairimí ar faoin straitéis a chur in iúl chomh maith. I Svuít Citywest san óstán a reáchtláfar an seisiún sin.

Beidh comórtas Sean-Nós na bhFear ann oíche amárach ag 7.00pm agus craoladh beo á dhéanamh air ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar shuíomh idirlín TG4 agus ar shuíomh an Oireachtais.

Cuirfear tús inniu chomh maith leis na comórtais scéalaíochta, aithriseoireachta, lúibíní, agallamh beirte agus an dreas cainte do dhaoine óga.

Fág freagra ar 'An chéad leagan Gaeilge d’úrscéal le Agatha Christie á sheoladh ag Oireachtas na Samhna inniu'