An chéad leabhar foilsithe ag Fighting Words Chonamara

Labhair Bríd Treasa Ní Ghaoithín comhordaitheoir Fighting Words Chonamara le Tuairisc faoina leabhar nua, faoi na ceardlanna a bhíonn ar siúl acu agus faoi céard atá i ndán do Fighting Words Chonamara

An chéad leabhar foilsithe ag Fighting Words Chonamara

Sa mbliain 2021, chruthaigh Fighting Words an togra ‘Story Seeds’ do ghasúir i scoileanna i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Comhpháirtíocht a bhí ann idir foireann Fighting Words agus na Gardaí. An sprioc a bhí acu ná go gcumfadh na gasúir scéalta nua bunaithe ar na ceantair a raibh siad ina gcónaí iontu. 

“Bheartaigh Fighting Words Chonamara in éineacht le Glór na nOileán an smaoineamh céanna a úsáid ach go mbeadh sé i nGaeilge agus go mbeadh gasúir s’againn féin anseo in ann a bheith ag cumadóireacht agus ag cruthú ina dteanga féin faoina mbailte féin,” arsa Bríd Treasa Ní Ghaoithín, comhordaitheoir Fighting Words Chonamara. 

Bheartaigh siad SCAIP AN SCÉAL a thabhairt air. 

‘Tá cúig scoil i gceantar na nOileán agus scríobh na gasúir as na hardranganna i chuile scoil caibidil amháin den scéal. Bhí an t-ádh orainn go raibh an t-ealaíontóir cumasach Dara McGee as ceantar Chois Fharraige linn chun na pictiúir a tharraingt. Chuir sé go mór leis an spraoi agus leis an togra ar fad.”

Tá scéal den scoth scríofa ag na gasúir, dar le Bríd Treasa Ní Ghaoithín, agus éacht ar leith déanta acu.

“Tá an scéal a chum na gasúir aisteach agus iontach! Agus an-bharrúil! Scéal é a thosaíonn le gnáthchluiche peile ar Pháirc an Mháimín ach is iomaí cor agus casadh a thagann ar rudaí ina dhiaidh sin. 

“Casann muid le Bob, eachtrán as Mars agus a chara Bob Beag, an chuileog, agus leanann muid iad ar fud Cheantar na nOileán agus casann muid le lear mór carachtar suimiúil!” ar sí. 

Ag tús na ceardlainne d’iarr siad ar na gasúir liosta a dhéanamh de na háiteanna spéisiúla nó speisialta a bhí ina gceantar agus ansin spreag siad iad leis na háiteanna sin a chur isteach sa scéal. 

“Luaitear go leor logainmneacha sa scéal agus ní mar a chéile a bhreathnóidh mé ar Chnoc Leitir Móir ná ar Chéibh an Aircín arís go deo!”

Anois agus an chéad leabhar foilsithe ag Fighting Words Chonamara, deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín go bhfuil sí “an-bhródúil go deo” as foireann Fighting Words agus as na scríbhneoirí óga a roinn a gcuid samhlaíochta agus a gcuid cruthaitheachta leo.

“Tá mé buíoch freisin de na múinteoirí agus na cúntóirí a spreag iad. Ní fhéadfaidh tograí mar seo tarlú gan meitheal agus ba mhór an spórt é a bheith ag obair in éineacht le Máire Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán, a chreid sa togra ón tús agus a chuir an oiread oibre isteach ann,” ar sí.

Seolfar an leabhar an Domhnach beag seo i dTír an Fhia, agus deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín gur “lá mór” a bheidh ann do theaghlaigh an cheantair.

“Beidh leabhar eile á sheoladh ar an lá chomh maith leis an gceann s’againne; leabhar faoi scileanna peile a cruthaíodh i bpáirt le Cumann Peile Naomh Anna, mar sin tá súil againn go dtiocfaidh tuismitheoirí in éineacht lena gcuid gasúr agus go mbeidh dhá leabhar nua ag imeacht ag chuile dhuine!” ar sí. 

Maidir le Fighting Words féin, deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín go dtugann siad cúnamh do dhaoine scéalta a scríobh.

“Cuireann muid ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach ar fáil do ghasúir bhunscoile, do dhaltaí meánscoile agus do ghrúpaí pobail eile a bhfuil suim acu sa scéalaíocht,” ar sí. “Is eagraíocht náisiúnta í Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009 chun an scríbhneoireacht chruthaitheach a chur chun cinn agus tá ionaid ar fud na hÉireann anois. Tá súil againn Fighting Words a thosú go luath i nGaoth Dobhair agus in Uíbh Ráthach.”

Tá Fighting Words cláraithe mar charthanacht agus is iad na daoine deonacha a roinneann a gcuid ama go fial leo croílár na heagraíochta, a deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín. 

“Mar a luaigh mé ní ba thúisce, murach daoine a bheith sásta oibriú le chéile, ní bheadh muid in ann na deiseanna seo a chur ar fáil do na gasúir,” ar sí. “Tá chuile shórt a dhéanann Fighting Words saor in aisce ionas go mbeidh chuile dhuine in ann tairbhe a bhaint as.”

Tá Fighting Words Chonamara suite in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Bíonn ceardlanna ar siúl ansin ach chomh maith leis sin cuirtear ceardlanna ar fáil ar líne do ghrúpaí nach féidir leo teacht chomh fada leis an ionad. 

“Nuair a bhuail an COVID muid ar dtús, cheap muid go raibh muid réidh, ach ansin tharla rud aisteach!” a deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín. “Chuir muid amach an scéala go raibh muid chun cúpla ceardlann a thriail ar Zoom, agus gan mórán achair bhí mé ag fáil ríomhphoist as chuile chúinne den tír ag iarraidh Fighting Words as Gaeilge!” 

Tá an-éileamh ar na ceardlanna agus deir sí go mbíonn na spásanna líonta suas an-sciobtha, daoine a bhíonn ag iarraidh grúpaí a thabhairt chomh fada leis an ionad i Ros Muc agus daoine ag iarraidh ceardlanna a dhéanamh ar líne. 

“Mholfainn do dhuine ar bith a mbeadh suim acu ann, spota a chur in áirithe go beo! Tá muid ag glacadh le hiarratais don fhómhar seo chugainn anois,” ar sí.

Deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín go bhfuil “buíon iontach de dhaoine deonacha” acu. 

“Bíonn muid i gcónaí sásta fáilte a chur roimh aon duine a mbeadh suim acu obair dheonach a dhéanamh linn,” ar sí. 

“Bíonn na ceardlanna i gcónaí taitneamhach agus spraíúil agus mholfainn do dhuine ar bith é a thriail amach dá mbeadh suim acu ann. Is féidir a bheith linn ar Zoom freisin, mar sin ní gá go mbeadh duine lonnaithe i gConamara – ná fiú amháin in Éirinn! Fáilteofar roimh Ghaeil i bhfad ó bhaile freisin!”

Maireann ceardlanna Fighting Words dhá uair an chloig agus deir Bríd Treasa Ní Ghaoithín go mbíonn “an-chraic” acu. 

“Bíonn atmaisféar deas ann i gcónaí agus cuirtear fáilte roimh chuile dhuine. Creideann muid go bhfuil chuile dhuine in ann a bheith cruthaitheach agus cabhraíonn muid le daoine focal amháin a chur i ndiaidh focail eile agus coinneáil orthu go mbeidh scéal scríofa acu!” a deir sí. 

“Tar éis na ceardlainne, cuirtear an scéal a chruthaigh an grúpa i bhfoirm leabhair agus i gcás na ngasúr bunscoile, foilsíonn muid ar an suíomh idirlín é freisin ag www.fightingwords.ie. Bíonn chuile dhuine sásta ag dul amach an doras.”

Tá cúpla togra eile idir lámha acu faoi láthair.

“Beidh muid ag oibriú le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin le campa samhraidh scríbhneoireachta do dhéagóirí a chur ar fáil,” arsa Bríd Treasa Ní Ghaoithín. “Tá muid ríméadach freisin go mbeidh muid ag comhoibriú leis an bhfoireann iontach atá i Stiúideo Cuan sa Spidéal ar thogra speisialta sa bhfómhar. 

“Tá sé de rún againn ceardlanna a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta i gceantar Chois Fharraige. Tá cúpla togra suimiúil eile ar na bacáin againn freisin.” 

Bíonn Fighting Words ag obair le daoine fásta ó am go ham freisin.

“Tá ceardlanna déanta againn le múinteoirí, le hábhair oidí, le mic léinn agus le foghlaimeoirí Gaeilge,” ar sí. “Má tá aon ghrúpaí gur spéis leo ceardlann a dhéanamh linn, ba bhreá linn cloisteáil uathu.” 

Seolfar leabhar nua Fighting Words Chonamara ag a trí a chlog inniu, Dé Domhnaigh, i Halla Thír an Fhia i gConamara.

Tá neart eolais eile ar fáil ar an suíomh idirlín www.fightingwords.ie nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Bríd Treasa Ní Ghaoithín ag bridtreasa@fightingwords.ie

Fág freagra ar 'An chéad leabhar foilsithe ag Fighting Words Chonamara'

  • Orlaith Ruiséal

    Togra iontach! Go n-éirí go geal le Scaip an Scéal.