An chéad lastas gráin ón Úcráin tugtha chun na Tuirce faoi mhargadh easpórtála

Tá dóchas ann go bhféadfar na milliúin tonna de bhia na hÚcráine a sheoladh ar an margadh domhanda agus go gcoinneoidh sin géarchéim dhomhanda beatha ó dhoras an geimhreadh seo

An chéad lastas gráin ón Úcráin tugtha chun na Tuirce faoi mhargadh easpórtála

Tá an chéad lastas gráin ón Úcráin tugtha chun na Tuirce ó scaoil an Rúis an bac a bhí aici ar easpórtálacha na hÚcráine ar an Muir Dhubh. Ar maidin a sheol an chéad long le lastas gráin ón Úcráin ó síníodh an socrú idir an Rúis agus an Úcráin, a cheap an Tuirc agus na Náisiúin Aontaithe.

Dé Luain a d’fhág an long Razoni calafort Odesa agus í ar a bealach chun na Liobáine.

Tá dóchas ag a lán go bhféadfar na milliúin tonna de bhia na hÚcráine a sheoladh ar an margadh domhanda de thoradh an chomhaontaithe.

Táthar ag súil go gcoinneoidh sin géarchéim dhomhanda beatha ó dhoras an geimhreadh seo.

Dúirt oifigeach sinsearach i bpríomhchathair na Tuirce, Ankara, go rabhthas ag súil go bhféadfaí thart ar long gráin amháin sa lá a sheoladh as an Úcráin faoin margadh a rinneadh.

Idir an dá linn, de réir tuairiscí ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe trasnaíodh teorainn na hÚcráine breis is 10 milliún uair ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin mí Feabhra i mbliana.

Léiríonn sonraí a bhailigh an eagraíocht sin (UNHCR) go bhfuil 6,180,345 dídeanaí as an Úcráin curtha ar an taifead anois ar fud na hEorpa. Mná agus leanaí a bhformhór mór, thart ar 90%.

An Rúis is mó a bhfuil Úcránaigh ar tearmann inti -1.85 milliún duine ach meastar gur meastachán an figiúr sin. Tá 1.25 dídeanaí socraithe béal dorais sa bPolainn, 670,000 atá sa nGearmáin, 400,402 atá i bPoblacht na Seice, 146,451 san Iodáil agus thart ar 40,000 atá in Éirinn.

Fág freagra ar 'An chéad lastas gráin ón Úcráin tugtha chun na Tuirce faoi mhargadh easpórtála'