An chéad fhéile BRÓD riamh sa Ghaeltacht le reáchtáil

Tá Bród na Gaeltachta ag iarraidh féile phobail úrnua a eagrú sa Ghaeltacht gach bliain

An chéad fhéile BRÓD riamh sa Ghaeltacht le reáchtáil

Tá an chéad fhéile BRÓD riamh sa Ghaeltacht le reáchtáil i dTír Chonaill go luath.

Reáchtálfar Bród na Gaeltachta idir an 18-23 Iúil ar an Fhál Carrach, i bparóiste Chloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill. Gealltar go mbeidh réimse leathan imeachtaí do gach aoisghrúpa ann. 

Is ‘comharghrúpa’ LADTA+ Bród na Gaeltachta a bhfuil cainteoirí Gaeilge agus cainteoirí nach bhfuil Gaeilge acu ann.

Is é Pól Penrose Cathaoirleach an ghrúpa agus deir sé gur le linn na dianghlasála a spreagadh é Bród na Gaeltachta a bhunú.

“Bunaíodh Bród na Gaeltachta mar go raibh muid ag iarraidh imeachtaí a chur ar siúl anseo sa Ghaeltacht don phobal uilig ach le béim ar an pobal LADTA+ anseo sa cheantar agus do Ghaeilgeoirí aeracha eile ó thart fríd an tír. 

“Tá an oiread tallann agus éagsúlachta againn, agus bhí ar mhuintir na Gaeltachta imeacht amach as an nGaeltacht le BRÓD a cheiliúradh in áiteanna cosúil le Doire, Béal Feirste agus araile, ach anois seo an chéad BRÓD i nGaeltacht ar bith sa tír.”

Reáchtáladh an chéad fhéile Bród riamh i nDún na nGall le déanaí.

“Bhí lá stairiúil againn in Inis Eoghain cúpla seachtain ó shin. Shiúil grúpa s’againne den chéad uair i mBRÓD an lá sin, mar sin bhí mórshiúl Inis Eoghain fíorspeisialta dúinn. Bhí sé ar an chéad BRÓD i nDún na nGall agus anois níl ar an phobal LADTA+ a gcontae fhéin a fhágáil len é a cheiliúradh.”

Deir Pól Penrose go bhfuil Bród na Gaeltachta ag iarraidh féile phobail úrnua a eagrú agus a reáchtáil sa Ghaeltacht.

“Is féile phobal-eagraithe  le cur chuige ionchuimsitheach a bheas ann ach béim láidir ar an phobal LADTAI+ anseo sa Ghaeltacht. Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge.”

Maidir leis an bhféile féin, deir Pól Penrose gur mhaith leo “go leor éagsúlachta” a bheith ann “ionas go mbeidh achan aois agus inscne ábalta spraoi agus sult a bhaint as an fhéile”. 

“Beidh drámaí, ceol, filíocht, léachtaí, ranganna Gaeilge, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ann. Beidh mórshiúl carnabhail ar an 23  Iúil le BRÓD a cheiliúradh. Beidh muid ag súil le go leor grúpaí eile ó lasmuigh den cheantar a theacht isteach go Cloich Cheann Fhaola le ceiliúradh leis an phobal anseo,” a deir sé.

Roghnaigh Bród na Gaeltachta an fhéile a eagrú i gCloch Cheann Fhaola mar gur tógadh Pól Penrose ann agus tá an chuid eile den ghrúpa ina gcónaí ann.

Cé go mbeidh Bród na Gaeltachta ar siúl ar an Fhál Carrach i mbliana, ceapann Pól Penrose go mbeadh sé go hiontach dá mbeadh Bród á cheiliúradh i gceantair Ghaeltachta eile amach anseo.

Tá muid ag súil go mbeidh BRÓD á cheiliúradh i ngach Gaeltacht eile sa tír ar an bhliain seo chugainn,” a dúirt sé.

Céard a spreag iad chun an fhéile a eagrú?

“Bhí mise ag iarraidh féile a chur ar siúl le cúpla bliain anuas ach cha raibh an deis agam,” a deir Penrose. “Tharraing mé cúpla duine le chéile agus anois tá BRÓD a dhul a bheith ar siúl. Fosta, tá go leor coireacht fuatha ag tarlú thart fríd an tír agus sílim go bhfuil an t-am ceart ann anois.”

Fógrófar clár ama d’imeachtaí Bhród na Gaeltachta go luath. Beidh an fhéile ar siúl ón 18-23 Iúil agus tá breis eolais ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'An chéad fhéile BRÓD riamh sa Ghaeltacht le reáchtáil'

  • Antóin

    Féile dhátheangach sa Ghaeltacht!