An chéad díospóireacht i mbliain an toghcháin ar siúl i SAM anocht

Seisear iarrthóirí atá cáilithe do dhíospóireacht ns ndaonlathach anocht in Drake University in Des Moines, an ceann deireanach a reáchtálfar sula dtugann pobal Iowa a mbreithiúnas sa chéad réamhthoghchán

An chéad díospóireacht i mbliain an toghcháin ar siúl i SAM anocht

Beagán faoi bhun trí seachtaine atá idir muid anois agus tús na réamhthoghchán in Iowa a thabharfaidh an chéad léargas oifigiúil dúinn ar an té a bheidh mar iarrthóir ag na Daonlathaigh sa toghchán uachtaránachta i mí na Samhna seo chugainn sna Stáit Aontaithe.

Seisear iarrthóirí atá cáilithe do dhíospóireacht na hoíche anocht in Drake University in Des Moines, an ceann deireanach a reáchtálfar sula dtugann pobal Iowa a mbreithiúnas ar an 3 Feabhra. Is iad na hiarrthóirí sin an Leas-Uachtarán Joe Biden; iarmhéara South Bend in Indiana Pete Buttigieg; an Seanadóir Amy Klobuchar as Minnesota; an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont; an gníomhaí timpeallachta Tom Steyer; agus an Seanadóir Elizabeth Warren as Massachusetts. Seachas Tom Steyer, atá i bhfad chun deiridh in Iowa, seo iad na hiarrthóir is fearr ar éirigh leo sa rás go dtí seo agus iad chun cinn sna pobalbhreitheanna le fada.

Ach cén fáth go mbíonn tábhacht leis na réamhthoghcháin seo in Iowa thar aon áit eile? Ní aon léargas sainiúil le fáil sa Stát seo ar dhaonra Mheiriceá trí chéile ach taca an ama seo gach ceithre bliana bíonn an tábhacht chéanna leis an Des Moines Register i measc na bpolaiteoirí agus lucht stocaireachta sna Stát Aontaithe agus a bhíonn leis an Washington Post agus New York Times chuile lá eile. 

Tá tábhacht le muintir Iowa mar gurb iad an chéad dream a léiríonn a dtuairim, a dúirt an Seanadóir George McGovern nuair a bhí sé féin mar iarrthóir ag na Daonlathaigh i 1972. Cúis eile? Deis atá ann do na hiarrthóirí teachtaireacht a sheoladh chuig ceannairí a bpáirtí in Washington, go háirithe i mbliana agus go leor iarrthóirí san iomaíocht d’ainmniúchán an pháirtí. Tá an córas in Iowa i bhfeidhm ó na 1800idí agus tugtar cruinniú na gcomharsan” go háitiúil orthu. Cruinníonn daoine le chéile in os cionn míle ionad ar fud an Stáit agus bíonn siad ag cur agus ag cúiteamh faoina rogha iarrthóirí.

Seasamh na n-iarrthóirí go náisiúnta agus in Iowa

Náisiúnta Iowa
Biden 29.3 Biden 20.7
Sanders 20.3 Sanders 20.3
Warren 14.8 Buttigieg 18.7
Buttigieg 7.5 Warren 16.0
Bloomberg 5.8 Klobuchar 7.0
Yang 3.5 Yang 3.3
Biden +9.0 Biden +0.4

 

Tábla bunaithe ar eolas ó realclearpolitics.com

Tá go leor acu éiginnte i mbliana. Aon tuairisc atá feicthe agam ar mheáin na Stát Aontaithe tá daoine ag rá gur dóigh nach ndéanfaidh siad suas a n-intinn go dtí lá na cinniúna féin. Cuireann sin le tábhacht na díospóireachta seo anocht. Ní gá gurb é buaiteoir na díospóireachta ná an réamhthoghcháin sin a bheidh mar iarrthóir sa deireadh ach léiríonn an stair nach roghnófar éinne nach n-éiríonn leo a bheith i measc an chéad triúir in Iowa. Is anseo a tugadh suntas do Jimmy Carter den chéad uair i 1976. Baineadh siar as bunaíocht na nDaonlathach in Iowa in 2008 nuair a fuair an Seanadóir óg, Barack Obama an ceann is fearr ar Hilary Clinton.

Difríocht mhór amháin idir an réamhthoghchán seo agus cinn eile go bhféadfadh an scéal ar fad dul amú ar dhaoine faoi scáth an táinsimh sa Seanad. De réir na dtuairiscí is déanaí tá sé i gceist ag Nancy Pelosi na hairteagail atá aontaithe a chur faoi bhráid an tSeanaid an tseachtain seo. Má tharlaíonn sin is gearr go gcuirfear tús le triail an Uachtaráin Trump.

D’fhéadfadh an triail maireachtáil suas le sé seachtaine. Déarfainn gur beag aird a bheidh ar thoghchán Iowa sa gcás sin, ach amháin ag pobal Iowa féin atá thar a bheith práinneach as an ról tábhachtach a bhíonn acu gach ceithre bliana.

Beidh trí díospóireachtaí eile ann an mhí seo chugainn, ceann in New Hampshire, ceann in Nevada agus ceann in South Carolina.

Fág freagra ar 'An chéad díospóireacht i mbliain an toghcháin ar siúl i SAM anocht'