An chéad chuairt ag Marty Walsh ar Chonamara ó ceapadh ina bhall de Rialtas Mheiriceá é

Beidh lá mór in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna níos déanaí an mhí seo nuair a thabharfaidh Rúnaí Saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá cuairt ar cheantar dúchais a mhuintire

An chéad chuairt ag Marty Walsh ar Chonamara ó ceapadh ina bhall de Rialtas Mheiriceá é

Tá lá stairiúil le bheith in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara ar an 17 Meán Fómhair ach a mbeidh Marty Walsh, ball de rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, i láthair ag ócáid ansin.  Mac le  himirceoirí as Gaeltacht Chonamara é Marty Walsh agus sé a d’oscail Ionad Cuimhneacháin na nImirceach go hoifigiúil i gcomhar le haire na Gaeltachta san am sin, Joe McHugh, ceithre bliana ó shin.  Tarlaíonn sé anois go bhfuil sé ag teacht ar ais agus obair ar an dara céim forbartha ar an Ionad i gCarna ar na bacáin.

Beagán le cois ceithre bliana ó shin a bhí Marty Walsh – bhí sé ina Mhéara ar chathair Boston san am sin –  i gConamara go deireanach.   Ó shin i leith, tá céim ollmhór faighte sa bpolaitíocht ag Marty Walsh agus é ceaptha ina Rúnaí Saothair i Rialtas an Uachtaráin Joe Biden.

Beidh Marty Walsh ag labhairt sa Seanad i mBaile Átha Cliath ar an 14 Meán Fómhair agus beidh sé ag triall ar cheantar dúchais a mhuintire i gConamara ina dhiaidh sin, áit a gcasfaidh sé le daoine muinteartha agus le cairde leis.  Táthar ag soiléiriú in Washington nach mbeidh Marty Walsh i gConamara mar ionadaí thar ceann Rialtas Mheiriceá agus gur dá dheoin féin atá sé ag casadh leis an bpobal ar an 17 Meán Fómhair.

Sí an ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta an t-aon imeacht poiblí a bheidh aige i gConamara sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe.

Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gcomhar le Údarás na Gaeltachta a bheidh i bhfeighil na hócáide i gCarna ar an 17 Meán Fómhair.   Ach fiú agus nach ócáid pholaitiúil nó Rialtais a bheidh inti, beidh lucht slándála ar an airdeall agus iad ag teacht as Meiriceá go Carna faoi cheann seachtaine le réamhscrúdú a dhéanamh ar Ionad na nImirceach, agus comharsanacht an Ionaid.  Fiú agus go raibh roinnt slándála i bhfeidhm nuair a tháinig Marty Walsh go Conamara roimhe seo beidh an ghardáil níos iomláine, agus níos feiceálaí, an iarraidh seo.  Beidh na Gardaí bainteach leis an tslándáil seo freisin.

Bliain go hearrach seo caite a ceapadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i Rialtas na Stát Aontaithe.  Ba ag an tráth sin a d’fhág Marty Walsh a phost mar Mhéara ar Boston.   Faoi dhó a toghadh an Breathnach mar Mhéara ar Boston – in 2013 i dtosach agus arís in 2017.  Tá eolas curtha air go forleathan sna Stáit Aontaithe ó shin agus tá an fhostaíocht láidir sa tír faoi láthair.  Bhí tréimhse chruógach aige le cúpla bliain de bharr ghéarchéim an víris Covid-19.  Idir an dá linn, tá beartais curtha i bhfeidhm aige ó thaobh cearta oibrithe, cearta ballraíochta i gceardchumainn agus stádas na mban sa gcóras fostaíochta.  Is minic le Marty Walsh a bheith páirteach in agallaimh ar stáisiúin teilifíse agus raidió sna Stáit Aontaithe agus tuigtear go bhfuil cairdeas pearsanta idir é féin agus an tUachtarán, Joe Biden.

Dúirt Marty Walsh, in agallamh a thug sé do Tuairisc aimsir na Féile Pádraig i mbliana go mbeidh sé ag iarraidh Joe Biden a thabhairt go Conamara ach a dtiocfaidh an tUachtarán ar cuairt go hÉirinn.

As Ros Cíde i Ros Muc í máthair an Rúnaí Saothair – sin í Máire Bean an Bhreathnaigh, nó Mary Joe Pheadar (Ní Mháille) roimh phósadh di. Cónaíonn sí in Dorchester in Boston.  Ba as Caladh Mhaínse i gCarna a athair, John Mháirtín Tom Bhreathnaigh.  Bhásaigh John roinnt blianta ó shin.

Thosaigh Marty Walsh amach sa bpolaitíocht nuair a bhuaigh sé suíochán i Parlaimint Stáit Massachusetts i 1996.   Roimhe sin, bhí sé ina bhall de Cheardchumann na nOibrithe Tógála in Boston agus bhíodh sé ag obair ar shuíomhanna.   Bhí baint mhór ag na Breathnaigh le hobair an cheardchumainn agus bhí uncail leis, Pat Walsh as Caladh Mhaínse ina cheannasaí ar an gcraobh den Cheardchumann ar a dtugtaí ‘Local 223’.

Le himeacht na mblianta, ceapadh Marty Walsh ina Stiúrthóir ar Chónaidhm na gCeardchumann Tógála i Stát Massachusetts.   Bhí Pat Walsh an-ghníomhach sna feachtais toghchánaíochta agus bhí uncail ar thaobh a mháthar, Peter O’Malley, ina thaca an-mhór aige freisin, chomh maith le go leor eile de mhuintir Chonamara in Boston.

Glacadh leis go forleathan go mba éacht a bhí ann nuair a bhuaigh sé post an Mhéara in Boston faoi dhó.  Bhí an lear Éireannach agus Gael-Mheiriceánach laghdaithe in Boston thairis mar a bhíodh agus bhí an cine geal gafa ina mionlach sa gcathair.  Ach d’éirigh le Marty Walsh tacaíocht a fháil i measc mórán chuile chine agus bhí a thacaíocht i measc an chine dhuibh suntasach.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go gcuireann sé féin agus an tÚdarás “fíorfháilte” roimh an Rúnaí Saothair.

“Cara an-mhór leis an nGaeltacht uilig é Marty Walsh. Cara an-mhór freisin é Marty le hIonad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta,”a deir Micheál Ó hÉanaigh.  Dúirt Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil sé “ag súil go mór le Marty Walsh a fheiceáil sa mbaile agus go bhfuil súil aige go dtreiseoidh an ócáid seo leis an gcumarsáid agus an ceangal idir diaspóra na Gaeltachta i chuile áit”.

I ráiteas a d’eisigh Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta, dúradh go raibh “áthas an domhain’ orthu go raibh Marty Walsh ag teacht ar ais arís.   Dúradh go rabhthas ag súil go láidir nach fada i ndiaidh na cuairte seo nó go mbeadh an dara céim forbartha ar an Ionad ag tosú.

 

 

Fág freagra ar 'An chéad chuairt ag Marty Walsh ar Chonamara ó ceapadh ina bhall de Rialtas Mheiriceá é'