An chéad chlár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ One le breis is 20 bliain le tosú i mbliana

Deir RTÉ go bhfuil sé i gceist acu tuilleadh sonraí faoin gclár nua a fhógairt sna seachtainí amach romhainn

An chéad chlár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ One le breis is 20 bliain le tosú i mbliana

Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag RTÉ go mbeidh an clár nua cúrsaí reatha as Gaeilge atá beartaithe ag an stáisiún le tosú roimh dheireadh na bliana.

Bhí tús le cur leis an tsraith nua Fóram anuraidh ach tuigtear anois gur i mí na Samhna a chuirfear tús léi.

Easpa foirne agus fadhbanna léiriúcháin ba chúis leis an gcinneadh tús na sraithe a chur siar, ach táthar ag súil go bhfuil na fadhbanna sin réitithe agus folúntas d’iriseoir a bheidh ag obair ag an gclár fógartha ag RTÉ le gairid.

Dheimhnigh RTÉ do Tuairisc go bhfuil sé i gceist tús a chur leis an gclár ar RTÉ níos déanaí i mbliana agus go mbeidh tuilleadh sonraí faoin gclár le fógairt “sna seachtainí amach romhainn”.

I mí an Mheithimh 2023 a bhí an tsraith le tosú ach cinneadh ansin gur i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Bhí seit nua tógtha do ‘Fóram’ agus rinneadh cleachtadh don chlár sula ndearnadh an cinneadh an tsraith a chur ar athlá arís.

Tá folúntas do phost ‘Iriseoir Ilmheáin’ le RTÉ Nuacht agus Cúrsaí Reatha fógartha ag an gcraoltóir náisiúnta le gairid. Deirtear sa bhfógra nach mór d’iarrthóirí “an-eolas” a bheith acu ar chúrsaí reatha agus gur buntáiste a bheadh ann taithí sa gcraoltóireacht a bheith acu.

Is é Fóram an chéad chlár cúrsaí reatha as Gaeilge a bheidh á chraoladh ar RTÉ One le breis is 20 bliain.

Tá an clár le craoladh beo ó stiúideo nuachta RTÉ i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath uair sa tseachtain, maidin Dé Domhnaigh.

Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Fág freagra ar 'An chéad chlár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ One le breis is 20 bliain le tosú i mbliana'

  • Déaglán

    Nílim dóchasach faoin gclár seo. Dealraíonn sé gur go drogallach atá RTE ag tabhairt faoi, go bhfuil siad ag iarraidh é a dhéanamh ar an gcostas is ísle gur féidir leo agus nach bhfuil ann ach ticeáil bosca chun an Coimisinéir Teanga a shásaimh. B’fhearr nach mbeadh sé ann ar chor ar bith muna bhfuil sé chun a bheith go maith. Súíl agam go bhfuil dul amú orm.

  • Pádraig

    Cé a bhíonn ag breathnú ar an teilifís maidin Domhnaigh?! Cén chaoi a bhfuil siad ag súil le lucht féachana a mhealladh? B’fhearr é a bheith ar siúl sa tráthnóna am éigin.