An chéad chás den choróinvíreas nár tolgadh thar lear aimsithe i gCorcaigh agus 16 cás in Éirinn

De réir tuairiscí tráthnóna, tá an galar Covid-19 tolgtha ag duine i gCorcaigh nach raibh i dtuaisceart na hIodáile le déanaí

An chéad chás den choróinvíreas nár tolgadh thar lear aimsithe i gCorcaigh agus 16 cás in Éirinn

Tuairiscítear go bhfuil an chéad chás den choróinvíreas aimsithe in Éirinn nach bhfuil baint aige le turas thar lear agus gur 13 cás atá anois ar an taifead ó dheas.

Tugadh le fios tráthnóna go bhfuil an galar Covid-19 tolgtha ag duine i gCorcaigh nach raibh i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus nach raibh aon teagmháil aige le haon duine de na daoine eile in Éirinn a raibh toradh dearfach ar na tástálacha a cuireadh orthu.

Tá diansrianta ar chuairteoirí i bhfeidhm in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh mar a bhfuil cúram leighis á chur ar fhear meánaosta atá á choinneáil ó dhaoine eile.

Tá dian-iarrachtaí ar bun teacht ar aon duine a raibh gartheagmháil ag an othar leo, lucht leighis san áireamh.

Sé cinn de chásanna nua a fógraíodh tráthnóna: ceathrar fear as oirthear na tíre, a bhí i dtuaisceart na hIodáile le déanaí, agus beirt bhan as iarthar na tíre a raibh gartheagmháil acu le daoine eile atá buailte ag an aicíd.

16 gcás den ghalar atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan seachas cás Chorcaí.

Trí cinn de chásanna atá ó thuaidh, sé cinn atá in oirthear na tíre, sé cinn atá san iarthar agus tá ceann amháin sa deisceart. Bhí 12 de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí gartheagmháil ag beirt le daoine eile atá buailte leis anseo. Bhí duine den triúr ó thuaidh i ngartheagmháil le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an tuairisc is déanaí faoi ngalar in Éirinn leis an imní go mbeidh an galar á scaipeadh i measc an phobail laistigh den tír féin.

Dúirt príomhfheidhmeannach an HSE inniu nár chóir do dhaoine iomarca scanraidh a bheith orthu ach gur dócha ná a mhalairt go scaipfidh an galar Covid-19 níos leithne in Éirinn.

Mhol sé don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.

Tháinig caint cheannasaí an HSE sna sála ar fholáireamh a thug Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceannasaí an WHO, gur chóir do thíortha a bheith ag ullmhú do thréimhse fhada ina mbeadh an galar ag scaipeadh go treán i measc an phobail. D’iarr ceannasaí an WHO ar gach rialtas a gcuid a dhéanamh chun an Covid-19 a smachtú ina dtír féin.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid tráthnóna go rabhthas ag ullmhú do chéimeanna níos measa ar eagla go rachadh cúrsaí in olcas.

Tá 85 tír buailte ag Covid-19, tá os cionn 97,500 cás den ghalar ar an taifead agus tá breis is 3,300 duine básaithe dá bharr.

 

 

Fág freagra ar 'An chéad chás den choróinvíreas nár tolgadh thar lear aimsithe i gCorcaigh agus 16 cás in Éirinn'