An chéad bhotún a rinne muid ná Gaeilge a mhúineadh dóibh…

Nár cheart go mbeadh cead agat rud amháin a rá agus a mhalairt a dhéanamh?

An chéad bhotún a rinne muid ná Gaeilge a mhúineadh dóibh…

‘Cén fhuinneog?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom aniar ó chúl an chairr. Bhí an lá go breá agus aghaidh againn ar an trá agus ar ninety-nines

‘Céard?’ a dúirt mé. 

‘Dúirt tú go bhfuil an diet out the window anois,’ a deir sí. ‘Cén fhuinneog a bhí i gceist agat?’ 

Níor cheap mé go raibh siad ag éisteacht liom ag clabaireacht faoi diets agus fuinneogaí agus cibé cén tseafóid eile.

Cheap mé go raibh rudaí sách dona nuair nach raibh ag éisteacht linn ach Jeff Bezos agus Mark Zuckerberg (ar a laghad, níl aon Ghaeilge acu) ach rinne mé dearmad go bhfuil cluasa móra ar na luchain bheaga.

Is dóigh gurb é an chéad bhotún a rinne muid ná Gaeilge a mhúineadh dóibh. Faraor nár fhág muid aige sin é. 

An dara botún a rinne muid, ná gur mhúin muid Béarla dóibh freisin. Bhuel, ní dhaorfaidh mé uilig muid, is dóigh nach orainn féin amháin a bhí an locht ar fad faoin mBéarla. Ní dhearna muid ach iad a scaoileadh amach faoin saol, agus lo and behold, tá sé ar bharr a ngob anois acu. 

Céard faoi mo chuid cearta príobháideachais mar shaoránach de chuid an stáit? Nár cheart go mbeinn in ann a rá, i mo theach féin, gan fuacht gan faitíos go staonfaidh mé ón uachtar reoite, agus, go gairid ina dhiaidh sin, a mhaíomh nár dhúirt mé a leithéid de rud agus 99 a ithe ar an trá in éineacht le chuile dhuine eile? 

Nár cheart go mbeadh cead agat rud amháin a rá agus a mhalairt a dhéanamh? Beart a dhéanamh, ná bac le briathar?

Ní fheicim go bhfuil aon tuiscint ag páistí ar an gcur chuige seo ná aon bhá acu leis. Tá sé an-deacair dallamullóg a chur ort féin, ná ar éinne eile nuair atá bleachtairí beaga ag éisteacht leat, is ag tarraingt airde ar mhírialtachtaí i do chuid ráiteas.

Ní chloisfeá páiste go brách agus é ag caint ar an uachtar reoite a chaitheamh in aer, tuige a mbeadh agus gan é i gceist aige é a dhéanamh?

‘Séard a bhí mé a rá,’ a mhínigh mé di, ‘ná go mbeadh uachtar reoite agam is gur dóigh nach bhfuil sé sin ag cloí amach is amach leis an bplean a bhí agam.’ 

‘Ach cén fáth go bhfuil tú ag bacadh le plean, mar sin?’ a d’fhiafraigh sí díom. 

An fhadhb atá anois againn agus Gaeilge agus Béarla ar eolas acu, ná nach bhfuil aon teanga eile againn chun comhrá príobháideach a bheith againn inti, nó chun a bheith ag clabaireacht ar ár suaimhneas faoi phleananna nach gcuirfear i gcrích go brách.

‘Meas tú ar cheart dúinn iarracht a dhéanamh Spáinnis a fhoghlaim?’ a deir Fear an Tí liom an lá cheana, idir mhagadh is dáiríre. ‘Nach bhfuil aipeanna maithe anois ann?’ 

‘B’fhéidir é,’ a dúirt mé, ‘ach, tá faitíos orm go bhfuil smeadar di foghlamtha sa scoil acu cheana féin!’

‘Spáinnis?’ arsa Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag siúl tharainn, ‘uno, dos, tres…’ 

Fág freagra ar 'An chéad bhotún a rinne muid ná Gaeilge a mhúineadh dóibh…'

  • Colin Ryan

    Ar fheabhas!

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Mholfainn daoibh Esperanto a fhoghlaim — tá sé éasca go leor agus oibreoidh sé go cinnte!

  • Brigid

    Greannmhar agus fíor!