An chéad bhlaiseadh d’fhadscannán nua faoi fhear Gaeltachta a crochadh as duine de na Invincibles a mharú

An fhoireann chéanna a rinne ‘Murdair Mhám Trasna’ a léirigh agus a scríobh an scannán nua The Queen v Patrick O’Donnell

An chéad bhlaiseadh d’fhadscannán nua faoi fhear Gaeltachta a crochadh as duine de na Invincibles a mharú

Inseofar i scannán nua a bheidh le feiceáil níos deireanaí i mbliana scéal fear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann.

Crochadh Pádraig Ó Domhnaill, nó Padaí Mhicheáil Airt, ó Ghaoth Dobhair in 1883 tar éis dó brathadóir, duine de na Invincibles, a mharú.

Bhí trácht ar chás Uí Dhomhnaill ar fud an domhain. Nuair a ciontaíodh an Conallach, d’iarr Uachtarán Mheiriceá agus scríbhneoir mór le rá na Fraince, Victor Hugo, nach gcrochfaí é.

Déanfar cur síos ar an marú agus ar thriail Uí Domhnaill san Old Bailey i Londain san fhadscannán The Queen v Patrick O’Donnell. 

Scannán dátheangach drámaíochta agus faisnéise atá i gceist ón bhfoireann chéanna a scríobh agus a léirigh Murdair Mhám Trasna. Rinne Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair Éagóir, taighde fairsing ar an scéal do ROSG, an comhlacht léiriúcháin aitheanta Gaeltachta. 

Tá eolas nua sa scannán ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain. Gealltar go dtabharfaidh The Queen v Patrick O’Donnell tuiscint nua do dhaoine ar shaol agus ar chinniúint Phádraig Uí Domhnaill, a mharaigh an feallmharfóir agus an brathadóir James Carey amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883.

Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde atá sa phríomhpháirt, Pádraig Ó Domhnaill, agus tá na haisteoirí Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell páirteach sa scannán freisin.

Tomás Seoighe atá ina stiúrthóir ar The Queen v Patrick O’Donnell agus is iad Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin a bhí i mbun léirithe do ROSG. 

Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI.

Beidh leabhar faoi scéal Phadaí Mhicheáil Airt le Seán Ó Cuirréain a fhoilsiú chomh maith sa bhfómhar ag Four Courts Press.

Fág freagra ar 'An chéad bhlaiseadh d’fhadscannán nua faoi fhear Gaeltachta a crochadh as duine de na Invincibles a mharú'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ag súil go mbeidh an deis againn go luath an scannán seo a fheiceáil ar an scáileán mór.