Tá duais €1,000 bronnta ar thriúr daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne as a bpodchraoladh i nGaeilge.
Sibéal Ní Ógáin, Maisie Hall agus Caoimhe Ní Bheaglaoich a bhí i mbun Podchraoladh PCD, a roghnaíodh sa chéad áit sa rannóg náisiúnta i gComórtas Podchraoladh Ghael Linn. Cúrsaí folláine a bhí faoi chaibidil sa chlár.
Na craoltóirí Cathal Póirtéir agus Áine Hensey a rinne moltóireacht ar an gcomórtas agus fógraíodh na buaiteoirí uile ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bronnadh €750 ar dhaltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a tháinig sa dara háit dá bpodchraoladh faoi Mháirtín Ó Cadhain, Idir Shúgradh ’s Dáiríre.
Leanfaidh an Ceol le Fionnán Ó Baoighill, a bhfuil a chuid scolaíochta á fháil sa bhaile aige, a tháinig sa tríú háit sa rannóg náisiúnta agus bronnadh €600 air.
Comhghairdeas le @PCD_07 a bhain Gradam Náisiúnta na bpodchraoltaí @GaelLinn inniu.
Rinneadh an bronnadh orthu i mBaile na nGall inniu le linn @bladhairernag pic.twitter.com/GQ8FFuDOln
— bladhaire 🔥 (@bladhairernag) May 6, 2021
Bronnadh an chéad trí dhuais sa rannóg do scoileanna lán-Ghaeilge ar an tsraith Ardán na Feoire, a rinne daltaí ó Choláiste Cois Life, Leamhcán.
Sa rannóg do scoileanna Béarla, bronnadh an chéad duais ar dhaltaí ó Mheánscoil an Ghrianáin Mhuire, Átha Luain; tháinig Coláiste de la Salle, Maigh Chromtha sa dara háit, agus tugadh duais aitheantais do Scoil na mBráithre, Baile Mhistéala.
Tá buaiteoirí an chomórtais ‘Tráchtaire Spóirt na Bliana’ fógartha freisin.
Conradh na Gaeilge a rinne urraíocht ar chomórtas ‘Tráchtaire Spóirt na Bliana’.
Roghnaíodh Anna Keating ó Ghaelcholáiste Luimnigh agus Oisín Seoighe agus Páraic Ó Madagáin ó Choláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna mar chomhbhuaiteoirí ar an rannóg do scoileanna lán-Ghaeilge. Tugadh ardmholadh freisin d’Orin Ó Conghaile ó Choláite na Tulchann i mBaile Átha Cliath.
Sa rannóg do scoileanna lán-Bhéarla, roghnaíodh Tomás Ó hUiginn ó Choláiste Pobail Ros Comáin agus Eva O’Sullivan agus Patria Burton Kiely ó Choláiste Dáibhís i Mala mar chomhbhuaiteoirí.
Tugadh ardmholadh freisin do Tommy Ó Muiris, Dylan Ó Treasaigh, Brian Ó Mainnín agus Izidro Ribas ó Choláiste Pobail Ros Comáin.
Fág freagra ar 'An chéad áit i gcomórtas náisiúnta podchraoltaí buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne'