Tá an chéad aip seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge curtha ar fáil ag Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne sa Daingean.
Seoladh le deireanas seirbhísí nua ar-líne agus aip an Chomhair Creidmheasa – an chéad uair a bhfuil seirbhísí dá gcineál ar fáil i nGaeilge.
Tá baill an Chomhair Creidmheasa anois in ann breathnú ar a gcuid cuntas ar líne tar éis dóibh clárú leis an tseirbhís ar shuíomh na heagraíochta. Táthar in ann billí a íoc, airgead a aistriú go cuntais eile agus tuarastal agus íocaíochtaí eile a fháil isteach ina gcuntas tríd an aip agus an suíomh idirlín.
Dúirt Mícheál Ó Cinnéide, bainisteoir Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne, go bhfuil an eagraíocht “an-mhórálach” gurb iad an chéad institiúid airgeadais in Éirinn a bhfuil aip Ghaeilge acu.
“Cuireann sé áthas orainn ár gcuid seirbhísí dátheangacha ar líne a fhógairt agus go háirithe an aip shoghluaiste a bheidh ar fáil as Gaelainn leis.
“Táimid an-mhórálach gur sinne an chéad institiúid airgeadais sa tír go bhfuil aip dá leithéid forbartha againn as Gaelainn, forbairt a chiallaíonn gur féidir leat do chuid ghnó ar fad a dhéanamh trí Ghaelainn leis an gComhar Creidmheasa ar an aip,” a dúirt sé.
Forbraíodh an aip i dteannta Progress Systems, páirtnéirí an Chomhair Creidmheasa sa teicneolaíocht faisnéise.
Dúirt Ó Cinnéide gur “buntáiste mór” a bheidh ann ann do bhaill na heagraíochta go mbeidh teacht acu ar a gcuid cuntas ar-líne “ó aon áit de ló is d’oíche”.
Fág freagra ar 'An chéad aip seirbhísí airgeadais Gaeilge riamh seolta ag Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne'