An chaoi le húrscéal a chríochnú nuair a bhriseann cogadh amach

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: níl ár gcolúnaí ag breathnú ar an nuacht ón Úcráin ach uair amháin sa lá; tá úrscéal le críochnú aige

An chaoi le húrscéal a chríochnú nuair a bhriseann cogadh amach

An chéad rud a tháinig isteach i m’aigne nuair a chonaic mé an nuacht, maidin Déardaoin na seachtaine seo caite, go raibh tús curtha ag an Rúis le hionradh ar an Úcráin, ná íomhá ón meánscoil: gléasanna beaga raidió á gcoinneáil lena gcluas ag na buachaillí sa rang agus an múinteoir eacnamaíochta ag ligean dóibh. Maidin an 17 Eanáir 1990 a bhí ann agus bhí oibríocht Desert Storm díreach tosaithe sa Mhurascaill. 

Ní raibh aon ghléas raidió á choinneáil le mo chluas agamsa. Sa chéad áit, ní raibh a leithéid agam. Sa dara háit, theastaigh uaim m’aird a choinneáil ar an rang. Ní raibh mé go maith ag eacnamaíocht agus bhí scrúdú mór ar na bacáin.

Beidh sé mar seo arís, a shíl mé Déardaoin na seachtaine seo caite. Ach beidh sé seacht n-uaire níos measa. Ní raibh na meáin shóisialta againn thiar i 1990.

Is ea, admhaím láithreach é: níorbh é cruachás mhuintir na hÚcráine a bhí ar bharr m’aigne maidin Déardaoin na seachtaine seo caite ach mo shláinte mheabhrach féin. Níl scrúdú eacnamaíochta ar na bacáin an iarraidh seo, ach tá úrscéal le críochnú agam.

Rinne mé cinneadh ar an bpointe boise. Thug mé cead dom féin breathnú ar an nuacht uair amháin sa lá, an chéad rud ar maidin, agus sracfhéachaint fhíorsciobtha a thabhairt ar Twitter díreach ina dhiaidh sin. An chuid eile den lá, ní bheadh ann don chogadh san Úcráin. Domsa, pé scéal é.

Ach tá sé sin mímhorálta! a deir tú. Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt! Tá an daonlathas i mbaol! Tá ord domhanda nua fógartha ag Putin!

Nach bhfuil a fhios agam go maith go bhfuil? Ach – seachas síntiúis a thabhairt don Chros Dhearg agus do roinnt carthanachtaí eile, rud atá déanta agam – ní féidir liomsa mórán a dhéanamh faoi.

Ach is féidir liom úrscéal a chríochnú a mbainfidh léitheoirí sult agus sólás as lá breá éigin amach anseo – nó tá súil agam go mbainfidh, pé scéal é. Sin é atá ar bun agamsa don chine daonna.

Ní hé seo ar fad le rá, áfach, go gceapaim gur chóir do scríbhneoirí eile mo shampla a leanúint agus srian a choinneáil leis an spás a thugann siad ina n-aigne don chogadh san Úcráin. Rogha phearsanta atá ann. 

Bíonn an scríbhneoir iomráiteach as an bhFionlainn Sofi Oksanen, údar an úrscéil Purge i measc saothar eile, ar Twitter lá agus oíche na laethanta seo ag tarraingt airde, mar a dhéanann sí go paiteanta le fada an lá, ar na dúshláin atá á dtabhairt ag Putin don daonlathas agus do shábháilteacht na hEorpa. Tuigim di: rugadh máthair Oksanen san Eastóin tráth a raibh an tír sin faoi fhorghabháil ag an Aontas Sóivéadach agus d’fhás sí féin aníos san Fhionlainn, ina bhfuil an chuimhne ar Chogadh an Gheimhridh – cogadh suarach eile a d’fhear an Rúis ar dhaonlathas óg nach raibh tada déanta as bealach aige ach a bheith ar an léarscáil – beo beathaíoch.

N’fheadar an bhfuil ag éirí le Oksanen mórán ficsin a scríobh na laethanta seo, ach táimse buíoch as a léargas ar a bhfuil ar siúl san Eoraip faoi láthair. Breathnaím ar a cuntas Twitter gach lá tar éis dom cuairt a thabhairt ar na suíomhanna nuachta, an chéad rud ar maidin. 

Ansin, ní bhacaim leis an nuacht arís go dtí an mhaidin dár gcionn.

Fág freagra ar 'An chaoi le húrscéal a chríochnú nuair a bhriseann cogadh amach'