An ceol céanna ag Nuacht TG4 agus rialtas na Casacstáine

“Comhtharlúint” go bhfuil ceol aitheantais Nuacht TG4 ar fhógra ag Rialtas Chasacstáin

 

 

“Comhtharlúint” amach is amach atá ann go bhfuil an ceol céanna á úsáid ar fhógra ag iarraidh daoine a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh sa Chasacstáin agus a bhíonn le cloisteáil gach oíche ar Nuacht TG4.

Bíonn an fógra ‘Invest in Kazakhstan’, a chuirfeadh meangadh aithne ar lucht féachana Nuacht TG4, le feiscint ar Euronews faoi láthair.

Tá an fógra á chraoladh mar chuid d’fheachtas atá á reáchtáil ag Rialtas Kazakhstan d’fhonn na suáilcí a bhaineann le hairgead a infheistiú sa tír sin a chur ar a súile do lucht infheistíochta.

Dúirt Joe Reddington, Leas-Phríomheagarthóir Nuacht TG4, le Tuairisc.ie gurbh é an rannóg graificí a roghnaigh an ceol aitheantais atá ag Nuacht TG4 timpeall dhá bhliain ó shin, agus go bhfuil bainistíocht an chláir “an-sásta” leis an rogha “tarraingteach” a deineadh.

“Comhtharlúint” a bhí ann gur chosúil gur cheannaigh na Casacstánaigh ceadúnas don cheol céanna dá bhfógra, a dúirt sé.

“Léiríonn sé go bhfuil an cumas céanna ag muintir na Casacstáine ceol maith a aithint agus a roghnú is atá againn anseo!” a dúirt Joe Reddington.

Fág freagra ar 'An ceol céanna ag Nuacht TG4 agus rialtas na Casacstáine'