An ceiliúradh ar 1,500 bliain Cholm Cille faoi lán seoil

Tá seacht saothar nua ealaíne sna hamharc-ealaíona, sa cheol agus sa litríocht coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann mar chuid de chomóradh Cholm Cille

An ceiliúradh ar 1,500 bliain Cholm Cille faoi lán seoil

Tá an comóradh ar bhliain mhór chuimhneacháin Cholm Cille faoi lán seoil agus ceiliúradh á dhéanamh go háitiúil agus go náisiúnta ar 1,500 bliain ó rugadh an naomh i nGartán, i dTír Chonaill.

Cuirfear tús anocht le sraith léachtaí, cainteanna, seisiún scéalaíochta agus ceoil chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht Cholm Cille.

Tá an tsraith ‘Colmcille i gComhthéacs: Stair, Seanchas agus Ceol’ á reáchtáil ag an tSean-Bheairisc, ionad cuartaíochta an Fháil Charraigh. Craolfar na himeachtaí ar leathanaigh Facebook agus Youtube an ionaid.

Chun tús a chur leis an tsraith anocht beidh an Dr Seosamh Ó Ceallaigh as an Fhál Charrach ag caint ar Cholm Cille agus an bhaint atá aige le paróiste Chloich Cheann Fhaola.

Beidh an Dr. Brian Lacey, an tOllamh Lillis Ó Laoire agus na scéalaithe Gene Eoghain Ó Curraighín agus Gearóidín Bhreathnach ag tabhairt cainteanna freisin sna seachtainí amach romhainn.

Beidh na hamhránaithe áitiúla Diane Ní Chanainn, Niamh Ní Dhubhgáin agus Conor Ó Gallachóir ag ceol agus ag caint le linn na sraithe chomh maith.

Fógraíodh níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil seacht saothar nua sna hamharc-ealaíona, sa cheol agus sa litríocht coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar chuid de chomóradh Cholm Cille.

 

Ba cheannródaí suntasach é Colm Cille (c.521-597), a raibh tionchar as cuimse aige ar Éirinn agus ar Albain sa séú haois. Aithnítear gurbh é a leath an Chríostaíocht sa tír ar a dtugtar Albain sa lá atá inniu ann. Bhunaigh sé mainistir thar a bheith tábhachtach ar Oileán Í, ar lárionad ceannasach i gcúrsaí reiligiúin, cultúir agus polaitíochta sa réigiún a bhí inti ar feadh na gcéadta bliain. Ba bhall de ríshliocht ceannais na linne é agus áirítear é mar dhuine de thriúr naomhphátrún Éireann.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh oidhreacht Cholm Cille “ina nasc bunúsach” sa chaidreamh idir Éirinn agus Albain agus go gcruthódh na coimisiúin nua “machnamh as an nua ar oidhreacht shuntasach idirnáisiúnta”.

Dúirt an Dr Mary Canning, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann gur “Siombail é Colm Cille den dlúthcheangal idir Éirinn agus Albain. Tá oidhreacht i bpáirt againn atá ilghnéitheach, ilteangach agus il-sainchreidmheach. Féachann Acadamh Ríoga na hÉireann leis an dáimh chultúrtha agus ealaíne idir Éirinn agus Albain a cheiliúradh trí na coimisiúin seo, agus an chomhpháirtíocht idir pobail uile an dá thír a neartú, go háirithe an chomhpháirtíocht is dual do phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig.”

Tá súil leis na saothair ealaíne thart ar lá fhéile Cholm Cille, an 9 Meitheamh, agus taispeánfar go poiblí níos déanaí sa bhliain iad.

Tá sraith léachtaí poiblí ar ghnéithe d’oidhreacht Cholm Cille á heagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann freisin san fhómhar, le tacaíocht ón gcomhpháirtíocht Éireannach-Albanach Colmcille.net.

Is iad na healaíontóirí a coimisiúnaíodh chun saothair a chruthú:

Timothy O’Neill, máistirchallagrafaí. Cruthóidh sé saothar ealaíne a dhéanfaidh ceiliúradh ar Cholm Cille mar pheannaire agus ar a thionchar ar thraidisiún na lámhscríbhinní.

Róisín de Buitléar, a bhfuil duaiseanna bronnta uirthi as a saothair ealaíne gloine. Freagra a bheidh ina píosa dealbhadóireachta i ngloine ar chreideamh Cholm Cille go bhfuil ‘trí mhodh éagsúla chun daoine a thabhairt chun creidimh’.

Julie Fowlis, Éamon Doorley, Zoë Conway and John McIntyre, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu mar cheoltóirí. Cumfaidh siad amhrán úr i gcomhar le chéile agus spreagadh samhlaíochta acu ó shaol agus saothar Cholm Cille.

Biddy Jenkinson, file agus drámadóir clúiteach Gaeilge. Tá dráma á scríobh aici dar teideal ‘Í’ ina ndéanfar machnamh ar Cholm Cille agus é idir dhá thine Bhealtaine nuair a bhí mórchinntí a shaoil le déanamh aige.

Proinsias Mac a’ Bhaird, scríbhneoir bisiúil Gaeilge. Tá úrscéal á chumadh aige a shamhlaíonn óige Cholm Cille in Éirinn agus na cúinsí a thug air imeacht go hOileán Í.

Sandaidh NicDhòmhnaill Jones, sárfhile Gàidhlig a bhfuil coróin reatha A’ Chomuinn Ghàidhealaich uirthi. Tá sí ag obair ar shraith dánta bunaithe ar thaithí saoil Cholm Cille agus tionchar a oidhreachta.

Simon Ó Faoláin, file tréitheach Gaeilge. Tá sé ag cumadh sraith dánta bunaithe ar thréimhsí éagsúla i saol Cholm Cille agus ar ilghnéitheacht a oidhreachta.

Fág freagra ar 'An ceiliúradh ar 1,500 bliain Cholm Cille faoi lán seoil'