An ceathrú duais do TG4 buaite ag Song of Granite ag Féile na Meán Ceilteach

Bhuaigh Song of Granite, scannán faoi shaol agus saothar an amhránaí Joe Éinniú faoi stiúir Pat Collins, an duais don scannán ealaíne is fearr ag an bhféile i Llanelli na Breataine Bige

An ceathrú duais do TG4 buaite ag Song of Granite ag Féile na Meán Ceilteach

Tá duais buaite ag an scannán Song of Granite inniu ag Féile na Meán Ceilteach, a gcuirfear clabhsúr uirthi i Llanelli na Breataine Bige tráthnóna.

Bhuaigh Song of Granite, scannán faoi shaol agus saothar an amhránaí Joe Éinniú faoi stiúir Pat Collins, an duais don scannán ealaíne is fearr.

B’amhránaí mór le rá ar an sean-nós ab ea Joe Éinniú as Carna i gConamara, a thuill clú agus cáil in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Is iad Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley a scríobh script an scannáin agus Alan Maher, Jessie Fisk agus Martin Paul-Hus a léirigh.

Macdara Ó Fatharta, Colm Seoighe agus na hamhránaithe sean-nóis Mícheál Ó Confhaola agus Pól Ó Ceannabháin a ghlac na príomhrólanna sa scannán seo.

Ar na ceoltóirí atá ag ceol sa scannán tá Séamus Ó Beaglaoich, Damien Dempsey, agus Lisa O’Neill.

Níos túisce i mbliana roghnaíodh Song of Granite le bheith san iomaíocht thar ceann na hÉireann d’ainmniúchán d’fhadliosta na nOscar i rannóg na dteangacha iasachta.

Seo an ceathrú duais atá buaite ag cláracha de chuid TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2018 atá ar siúl in Llanelli na Breataine Bige an tseachtain seo.

Bronnadh duaiseanna ar An Béal Bocht agus Rocky Ros Muc ar an chéad lá d’Fhéile na Meán Ceilteach agus ar Murdair Mhám Trasna inné.

Deir eagarthóir coimisiúnaithe TG4 Proinsias Ní Ghráinne gur léiriú é an duais seo ag ‘Song of Granite’ ar an tábhacht a bhaineann le scéimeanna cosúil le Cine4.

“Léiríonn an duais seo an tábhacht atá le scéimeanna cosúil le Cine4 chun scéalta agus tallann dhúchasach a fhorbairt. Tréaslaíonn TG4 leis an bhfoireann cumasach ar fad a bhí ag plé leis an scannán seo,”  a dúirt eagarthóir coimisiúnaithe TG4 Proinsias Ní Ghráinne

Fág freagra ar 'An ceathrú duais do TG4 buaite ag Song of Granite ag Féile na Meán Ceilteach'