An ceart ag Rosita Boland faoin nGaeilge éigeantach

Gheall Enda Kenny go gcuirfeadh Fine Gael deireadh le héigeantacht na Gaeilge san Ardteist ach theip ar a mhisneach. Cailleadh deis iontach…

Leaving-Cert-Dublin

Tuairiscíodh ar shuíomh idirlín an Irish Times inné Dé Máirt go mba é alt ó pheann Rosita Boland faoin nGaeilge Dé Luain,  an t-alt ba mhó a tharraing cainte.  ‘Can anybody truthfully say that Irish is a necessary language?’ an teideal a bhí ar an alt a bhí bunaithe ar admháil Rosita Boland gur thiceáil sí ‘NO’ ar an bhfoirm Daonáireamh le gairid mar fhreagra ar an gceist ‘Can you speak Irish?’ Roimhe seo is cosúil go mbíodh sí, ar chúis éicint, ag tabhairt le fios go raibh Gaeilge aici nuair nach raibh!

Míníonn sí san alt gur theip uirthi an Ghaeilge a thabhairt léi ar scoil. ‘I managed to get on perfectly fine in all my other subjects and I tried at least as hard at Irish classes, if not harder.’ An fáth ar theip uirthi an Ghaeilge a thabhairt léi: “There was not a screed of pleasure for me in struggling with a language in which I had no interest…”

Deir sí gur ‘disgrace’ é go bhfuil iachall á chur ag an Stát ar dhaoine ar a nós féin staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ‘a compulsory language for which I had no aptitude, absolutely no interest in, and no choice about throughout my school career’.

Aontaím léi sa mhéid seo: ní fiú a bheith ag caitheamh airgid agus fuinnimh amú ag teagasc teanga le duine nach bhfuil aon spéis aige/aici sa teanga. Ní féidir teanga a mhúineadh do dhuine nach bhfuil ina intinn ag iarraidh í a fhoghlaim.

Níl ach ábhar amháin ‘éigeantach’ ar chúrsa na hArdteiste, an Ghaeilge. Aisteach go leor níl an Béarla éigeantach. Ní ghá iachall a chur ar dhaoine Béarla a dhéanamh ach is gá iachall a chur orthu an Ghaeilge a dhéanamh don Ardteist. Ach bíonn bealach éalaithe ag roinnt mhaith daoine.

Sa bhliain 2015 thóg thart ar 60,000 dalta an Ardteist, ach ní dhearna ach 46,565 páipéar Gaeilge ag leibhéal ar bith. Tá an cúigiú cuid de na daltaí ag leibhéal na hArdteiste ag éalú ón riail go gcaithfidh dalta Gaeilge a thógáil ar an mbonn nár tógadh iad sa Stát nó ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar dhea.

Tá líon na ndaoine atá ag fáil na díolúine seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana: cuid eile den chur i gcéill i dtaobh na Gaeilge.

Gheall Enda Kenny go gcuirfeadh Fine Gael deireadh le héigeantacht na Gaeilge san Ardteist ach theip ar a mhisneach. Cailleadh deis iontach anseo le beartais chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur in áit na Gaeilge éigeantaí.

Níl córas na Gaeilge éigeantaí ag obair.  Ní bhíonn ach codán beag de na daltaí a dhéanann an Ardteist in ann comhrá simplí a choinneáil ar bun i nGaeilge, tar éis a bhfuil d’airgead infheistithe ag an stát i dteagasc na Gaeilge. Go bunúsach, bíonn an chuid is mó acu gan aon Ghaeilge acu. Im thuairimse, is airgead amú é a bheith ag iarraidh Gaeilge a theagasc do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim.

Is ceart beartas ar bith a mheas de réir na dtorthaí. Seo mar a fheicimse an scéal: faoi láthair, ní bhíonn ach thart ar 10% de dhaltaí inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bliain. (Is meastachán é sin bunaithe ar an líon daoine a fhaigheann A nó B1 san Ardteist.)

Bíonn an dream nach mbíonn ag iarraidh í a fhoghlaim ag cur as don chuid eile den rang go minic, ag cruthú deacrachtaí don dream atá ag iarraidh í a fhoghlaim agus ag cur frustrachais ar an múinteoir. Mura mbeadh sa rang Ardteiste ach na daoine a roghnódh an Ghaeilge mar ábhar, creidim go mbeadh torthaí níos fearr ann.

An faitíos a bhíonn ar lucht na Gaeilge faoin argóint seo ná go dtitfeadh an líon daoine a thógfadh Gaeilge go leibhéal an-íseal ar fad agus thitfeadh mura mbeadh aon bhuntáiste le fáil as an gGaeilge a roghnú mar ábhar Ardteiste.

Dá mbeadh deireadh á chur leis an nGaeilge éigeantach, theastódh an spreagadh a chur ina háit a mheallfadh daltaí len í a roghnú thar ábhar eile.

Seo a mholfainn: go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist ar fáil don Bhéarla, don Gaeilge agus don Mhatamaitic ar an gcúis shimplí go mbíonn dhá pháipéar le déanamh i ngach ceann de na hábhair sin, i gcomparáid le páipéar amháin sna hábhair eile.  Thabharfadh sin buntáiste don té a thabharfadh faoin nGaeilge.

Theastódh chomh maith go mbeadh sé mar bhuntáiste suntasach ag daoine a bheadh ag cur isteach ar phost sa gcóras poiblí go mbeadh inniúlacht sa dá theanga acu agus iad in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.  Thabharfadh sin spreagadh chomh maith do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim go maith.

Creidim go n-oibreodh córas roghnach mar sin níos fearr ná an córas atá bunaithe ar éigeantas faoi láthair agus go mbeadh níos mó daoine ag teacht amach as an gcóras oideachais a bheadh inniúil ar an nGaeilge ná mar atá faoi láthair. Ag deireadh an lae nach é sin an toradh a bheadh uainn?

Fág freagra ar 'An ceart ag Rosita Boland faoin nGaeilge éigeantach'

  • Tuigim

    Ní aontaím.
    Agus bhí Rosita drochbhéasach & as bealach.
    Níl rogha maidir le ábhair tábhachtaí: Mata agus Béarla ms.
    Nach bhfuil Gaeilge tábhachtach?
    Sin an fhadhb. Daoine nach dtuigeann a luach.

  • TG Lurgan

    Is ábhar lárnach (core subject) í an Ghaeilge maraon le English, Mata & teanga Eorpach eile. Níl aon tír Eorpach nach bhfuil áit lárnach ag a dteanga fhéin ar an gcurriculum.
    Faraor, níl aon teanga Náisiúnta atá múinte chomh dona leis an nGaeige in ainneoin go bhfuil os cionn 30,000 “múinteoir” Gaeilge ag saothrú tuarastal an-fhlaithiúil ón Stát.
    Príorachtaí na n-eagraíochtaí Gaeilge bun os cionn. Dírigh ar an oideachas agus fág na foirmeacha / aistriúchán agus egos ar leaththaobh go mbeidh an méid sin ina cheart.

  • Concubhar

    Aontaim le Donncha gur fiú triail a bhaint as sheift eile chun tabhairt ar dhaltaí scoile suim a chuir sa Ghaeilge seachas Gaeilge a bheith éigeantach ar churaclam na meánscoile agus nuair a mhol sé trí nó ceithre bliana ó shin go mbeadh dúbailt pointí ann do Ghaeilge, do Bhéarla agus do Mhatamaitic san Ard Teist thar abhair eile, go mbeadh sin ina bhuntáiste mhór do na h-abhair sin. Ag an am chéanna, tá drogall orm glacadh leis go mbeadh an chóras oideachais ar fad dírithe ar scrúdú, an Ard Teist, seachas ar oideachas iomlán an dhálta. Léiríonn altanna ar nós alt Rosita agus an freagra a spreag sé uainn go léir gur saonta an fhealsúnacht é sin, b’fhéidir, ach cloím leis go fóill. Tá mór laige inár gcóras oideachais sa mhéid is gur féidir le daltaí poinntí arda a bhaint amach sna scruduithe go leir i réimse ábhair ach a bheith gan chumas san ábhar sin ina dhiaidh sin sa tsaol nuair a iarrtar orainn na h-ábhair sin a chuir i bhfeidhm go praicticiúil. An mó duine againn atá ábalta Frainncís a d’fhoghlaim siad ar scoil chun dul i gcomhrá le cainteoir duchais Fraincíse? Nó litir i mBéarla atá gan mílitriú nó botún bunúsach gramadach a scríobh, nó fadhbanna matamaitice a reiteach? Nó gnéithe thírdhreacha a aithint go cruinn? Maidir le h-alt Rosita Boland, dealraíonn sé domsa gur iarracht ‘trolláil’ ar an bpobal Gaeilge a raibh ann agus gur beag nua a raibh ann nach raibh ráite ag leithéidí Kevin Myers i bhfad ó shin. Ní ligfeadh an Irish Times nó aon meán Bhéarla eile in Éirinn d’alt ag maíomh aineolais ar theanga nó ar chultúr ar bith eile seachas an Ghaeilge solas an lae a bhaint amach ach sin ceist a chaithfidh siad aghaidh a thabhairt air….

  • Páid Ó Donnchú

    Tá mé in amhras faoi ďargóint a Dhonncha.

    1. In imeacht aimsire, beidh brú ó iar-dhaltaí scoile nach bhfuil aon Ghaeilge acu, postanna a fháil in eagraíochtaí Stáit, scoilteacha san áireamh agus tuilleadh “Please speak English, I haven’t got a clue what you’re talking about” ón Stát. Níl sé seo fíor faoi láthair ó na Gardaí nó ó múinteoirí ach i gcás eisceachtúil.

    2. Cé nach féidir comparáid díreach a dhéanamh leis an Bhreatain Bheag nó Alba ní fheicim aon fhianaise ó cheachtar do na tíortha sín a chabhróidh le do chás.

    3. Ni sheo ach fhianaise starógach ach In imeacht na blianta, tháinig mé trasna ar neart daoine atá páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge nach dóigh liom a mbeadh ann, ach go bhfuair siad dáileog Gaeilge éigeantach go luath sa saol.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím go hiomlán leis an méid seo as an alt:
    “Theastódh … go mbeadh sé mar bhuntáiste suntasach ag daoine a bheadh ag cur isteach ar phost sa gcóras poiblí go mbeadh inniúlacht sa dá theanga acu agus iad in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Thabharfadh sin spreagadh chomh maith do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim go maith.”
    I ndáiríre, níl ansin ach tuairimíocht ag Donncha (agus agam féin anois chomh maith) go fóill go dtí go dtástálfaí an tuairim sin. Deir Donncha gur ceart beartas ar bith a mheas de réir na dtorthaí – dá ndéanfadh an Rialtas na beartais chuí chun “buntáiste suntasach a thabhairt do dhaoine a bheadh ag cur isteach ar phost sa gcóras poiblí a mbeadh inniúlacht sa dá theanga acu”, d’fhéadfaí an tuairim a thástáil. Ach an ndéanfaidh? D’éirigh an tIarChoimisinéir Teanga as a phost mar gheall ar an bhfaillí leanúnach atá á déanamh ag an Rialtas (agus na Rialtais rompu) sa cheist seo. Bhíodh córas den tsaghas seo sa Stát Seirbhís sna seachtóidí agus in ionad é a fhorbairt agus a fheabhsú, fuair páirtí Enda Kenny réidh leis – toisc nach raibh sé “ag obair” is dócha.
    Tá roinnt Béarlóirí ann gur fuath leo an teanga Ghaeilge agus is breá leo a bheith ag gearán go poiblí fúithi. Is é an port a bhíonn acu ná “I am not anti-Irish BUT …”. Dá mba rud é gur tógadh sa bhFrainc mé agus nach raibh suim agam sa bhFraincis a bhí le foghlaim agam ar scoil, an dtabharfaí aird orm dá scríobhfainn alt i nuachtán, blianta ina dhiaidh sin ag gearán faoin bhFraincis? Difir mhór idir an tír seo agus an Fhrainc ná go bhfuil tionchar mór ag lucht an iarchoilíneachais ar na meáin, ar an Stát Seirbhís, ar na Coláistí Oiliúna agus ar réimsí eile tábhachtacha den saol ar an oileán seo.

    Maidir le hábhair scoile, tá dearcadh an-diúltach ag roinnt mhaith daoine i dtaobh na Matamaitice chomh maith ach déantar iarrachtaí leanúnacha chun múineadh an ábhair sin a fheabhsú agus a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal. Cén fáth nach ndéantar an rud céanna leis an nGaeilge? Sin ceist don Roinn Oideachais agus do na Coláistí Oiliúna. Feictear domsa gurbh fhearr leo fanacht go dtí go n-éiríonn cúrsaí chomh dona sin go bhfuil sé in am fáil réidh le múineadh na Gaeilge toisc nach bhfuil sé “ag obair”.

    Tá loighic ag baint le hargóint Rosita Boland ach creidim go bhfuil loighic ag baint lena bhfuil á rá agamsa anseo freisin. Níl an dearcadh agamsa i leith na Gaeilge ag teacht le dearcadh Bholand ar chor ar bith áfach. An cheist ná an dtabharfar aird ar riachtanais na nGael atá ag iarraidh a dteanga a choimeád beo laistigh de mhórcheannas an Bhéarla nó arbh fhearr linn glacadh le comhairle faoin nGaeilge ó Bhéarlóirí bhochta a raibh fadhb acu le hábhar scoile nuair a bhí siad óg?

    Dála an scéil, nílim féin 100% ar son na Gaeilge éigeantaí, ach creidim go bhfuil na mílte rud le déanamh ar dtús chun staid na Gaeilge a fheabhsú sula dtabharfaí aird ar “pet project” Enda Kenny agus na Béarlóirí bhochta atá chomh trína chéile sin mar gheall ar chúrsaí teangan sa tír seo.

  • Eoin Ó Murchú

    Cén fhianaise atá ag Donncha, seachas a chlaonadh féin, go n-oibreódh coras roghnach níos fear? I ndairíre laghdaíodh cumas sa nGaeilge ceim ar chéim de reir mar a laghdaíodh ar riachtanas na teanga san oideachas agus san stáitsheirbhís. Bíonn Donncha I gcónaí ag iarraidh díriú ar fhócas níos cuinge, ach arís cé thabharfadh an spreagadh do dhaltaí a deir Donncha a bheith riachtanach? Tá meánaicme na tire seo i ndiaidh an Ghaeilge a fhágáil taobh thiar dhíobh le fada, is ní thabharfaidh an státchoras spreagadh ar bith don teanga. Go deimhin cuireann an Roinn Oideachais isteach go láidir in aghaidh bhunú ghaelsoile ar fud na tire. Tá athraithe ag teastáil, ach ní géilleadh don namhadas is don bhíogóideachas mar a leirigh Rosita Boland é.
    Dála an scéil, níor bhain mé leas as algebra ó d’fhág mé an scoil (ábhar neamh-riachtanach mar sin) agus is ar eigean a labhraim laidin nó Greigis (ábhair eile neamh-riachtanacha mar sin). Bhí na habhair seo éigeantach sa gcaoi nach raibh aon rogha agamsa futhu. Daoine eile a rinneadh an roghnú.

  • Áine

    hi thuigim an loighic a luaitear thuas ó dhuine (tgLurgan thuas) atá ag iarraidh múineadh na Gaeilge a chur chun cinn go gcaithfí san aer… an t-aistriúchán agus obair mar í….ceann de na cúiseanna a mbeifeá ag iarraidh scoláirí a mhealladh le greim mhaith a fháil ar an teanga scríofa go mbeadh tú in ann saothrú a bheith agat as an dua sin… tagann siad le chéile.,.. ní in aghaidh a chéile… dá n-úsáidfí an argóint chéanna i Leith aon teanga eile… ní bheadh ciall leis ach an oiread…teastaíonn daoine oilte sa nGaeilge uainn i ngach gné den saol poiblí, nach á réiteach don saol mór atá an scoil chomh maith le blaiseadh dá dteanga/culture/forbairt phearsanta etc…..

    cén fáth nach bhfuil ardchaighdeán Ghaeilge á éileamh agat sa gcóras oideachais AGUS lasmuigh i nGACH réimse den saol… ní féidir le gach duine a bheith ina múinteoirí…sén peaca é nach bhfuil dóthain béime ar ardchaighdeán Gaeilge idir scríobh agus labhairt ag múinteoirí,… go mbeadh tuiscint bhunúsach ag múinteoirí sa nGaeltacht ar a gcanúint féin seachas a bheith ag cur an mhilleán ar ‘chaighdeán na Gaeilge” amhail is gur teanga eile í…táim tinn den chur i gcéill….

    faraor beidh fanacht fada orainn má bhíonn orainn fanacht leis an gcóras oideachais a bheith ina cheart… cad a tharla de na Moltaí Oideachais a raibh an oiread sin caint agus trácht orthu an t-am seo anuraidh.,..tuilleadh cainte!!!!

    • TG Lurgan

      Ceist príorachta – Cén dóchas atá ann do ghasúir a bheas ag tosú amach ar an scoil i Meán Fómhar na bliana seo go mbeidh aon luí acu leis an teanga théis 13 bliain scolaíochta?
      Níl aon cheo deacair faoi chóras ceart a chuir in áit seachas an aceann tubaisteach ata i réim le leatchéad bliain.
      Is ar fhobairt cur chuigí a chothódh muinín, suim agus chuirfeadh fonn ar scolairí óga an teanga a úsáid ar cheart acmhainní agus saineolas a dhíriú.

  • Aindriú Ó Muirí

    Mar a deir lucht an Bhéarla ‘Be careful what you wish for.’ Ar an gcéad dul síos, tá Donncha ag glacadh leis go nglacfaidh an rialtas lena chuid moltaí siúd ó thaobh dúbailt marcanna srl sula gcuirfí deireadh le stádas éigeantach na Gaeilge. Fat chance a wok! Chomh maith le sin, ní fada in imeacht na mblianta nach mbeadh sé mar rogha i scoileanna áirithe ar chor ar bith. Feicim anois é: ‘Ní raibh aon éileamh ann don Ghaeilge mar sin cheap muid múinteoir Iodáilis!” Is náireach an beart é do Dhonncha a rá gur cheart deireadh a chur leis an stádas éigeantach mar go bhfuil leanaí ag ligint orthu go bhfuil fadhbanna foghlama acu le é a sheachaint. Ba cheart deireadh a chur leis an mbréagadóireacht sin seachas a bheith ‘rewarding bad behaviour.’ Maidir le Concubhar atá ag iarraidh ‘tástáil’ a dhéanamh ar bheartas nua, níl ach rud amháin le rá agam leis – ná bí soineanta. Má chuirtear deireadh le Gaeilge éigeantach sna scoileanna ní aon ‘tástáil’ a bheas ann. Ní bheidh aon dul siar ar an gcinneadh mar is léir ónar tharla leis an státsheirbhís sna seachtóidí. Agus bheadh deireadh iomlán leis na coláistí samhraidh. Mar fhocal scoir, mura mbeidh Gaeilge sa Ghalltacht ní fheicfidh páistí na Gaeltachta go bhfuil aon fhiúntas ag baint leis.

    • Concubhar

      Cé go n-aontaím sa mhéid go bhfuil gá le h-athrú sa chur chuige agus gurbh fhiú triail a bhaint as an beartas a mholann Donncha, ar bhonn teoranta is píolótach, b’fhéidir, Ní chreidim gur feabhas ar an gcur chuige I leith na Gaeilge nó aon leasú ar son na teanga aidhm an iriseora leis an Irish Times. Iarracht eile a raibh ann ‘trólláil’a dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge. Is mó náire an Irish Times árdán a thabhairt dá leithéid.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Rinneadh teangacha roghnach don GCSE i Sasana agus i dTuaisceart Éireann i 2004. Tá an tóin tite as múineadh teangacha sna scoileanna ansin ó shin agus is beag duine – taobh amuigh de na scoileanna táillí – a thugann faoi theanga ón iasacht.
    https://www.bbc.com/news/education-12288511
    https://www.britishcouncil.org/sites/default/files/language-trends-survey-2014.pdf
    Tá roinnt teangacha Ollscoil Uladh dúnta.
    Ní féidir dhá theanga a dhéanamh don chéim BA in ollscoil ar bith sna 6 Chontae.
    Mura mbionn áit lárnach ag teanga ar chlár na scoile lionfar an spás ag ábhar atá níos éasca.
    Ba cheart cinntí a bhunú ar thaighde.

  • Mac An Pheileadóra

    Is éigean buntáiste a dhéanamh den Ghaeilge sa saol, san áit oibre, cinnte, ach i ngach áit eile chomh maith.
    Molaim “Sceim Lascaine na Gaeilge”? Bheadh buntáiste airgid i gceist don Ghaeilgeoir. Bheadh lascaine de, abraimis, 10%, ar fáil don Ghaeilgeoir ar tháillí ó eagraíochtaí stáit, agus ó chomhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón stát agus ar tháillí ó eagraíochtaí a mhaíonn go dtacaíonn siad leis an Ghaeilge. Mar shampla bheadh an Gaeilgeoir i dteidil lascaine ar an ghnáththáille a bhaineann le:-
    Doiciméad stáit a fháil – (pas, ceadúnas tiomána srl)
    Táillí uisce agus a leithid – (bailiú bruscair, cáin bóthair)
    Táillí iontrála chuig foirgnimh stáit – (iarsmalanna, dánlanna, amharclanna)
    Táilli taistil (busanna, traenacha)
    Táillí iontrála chuig cluichí de chuid an CLG.
    Cúrsaí oideachais – céim a dhéanamh, ranganna oíche.
    An bhfuil me ag magadh? Níl i ndáiríre. Samhlaigh go bhfuil tú ag ceannach ticéid traenach, taispeanann tú do “charta Gaeilge” don chléireach agus íocann tú 2 Euro níos lú ná an Béarlóir a bhí sa scuaine romhat! Tchífeá ansin go mbeadh daoine sásta a gcuid Gaeilge scoile a úsáid agus go mbeadh freagra againn ar an cheist “Cad is fiú dom Gaeilge a fhoghlaim?”

  • Seán

    Tá dul amú ar an údar. Ní bhaineann an fhadhb leis an nGaeilge éigeantach – baineann an fhadhb leis an gcóras atá againn do theagasc na Gaeilge.

    Déanann scoláirí i Meánscoileanna Bhéarla na scrúduithe céanna sa Ghaeilge is a dhéanann scoláirí i Scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Níl ciall ar bith le seo – ní féidir caitheamh le scoláirí atá ag foghlaim teanga nua sa dóigh chéanna le scoláirí a bhfuil líofacht na Gaeilge acu cheana féin. Tá daltaí i scoileanna Bhéarla ag staidéar siollabais agus ag déanamh scrúduithe nach bhfuil fóirsteanach don leibhéal teanga atá bainte amach acu mar sin, agus ní chuidíonn seo leo an teanga a shealbhú. Cuireann seo lagmhisneach orthu agus síleann siad go bhfuil an Ghaeilge deacair – ní nach ionadh. Mar olc ar an donas ní dhéantar scrúdú béil i mbunús na scoileanna ag Leibhéal an Teastas Shóisearaigh. Ciallaíonn sé seo go dtéann cuid mhór scoláirí tríd trí bliana den scoil gan an ghné is tábhachtaí, an labhairt faoi scrúdú – agus ní dhéantar mórán obair labhartha sa rang mar thoradh.

    Ní fhorbraíonn scoláirí na scileanna cruthaíochta atá de dhíth le teanga a fhoghlaim mar is ceart mar sin agus ní chuireann sé ar chumas na ndaltaí an teanga a fhoghlaim go héifeachtach. Go simplí, ní bhíonn na bunscileanna acu – ach thiocfadh leo an teanga a shealbhú go furasta dá mbeadh an córas ceart.

    Caithfidh scrúduithe agus cáilíochtaí difriúla a bheith ann don Ghaeilge ag leibhéal onóracha:
    > Ceann atá dírithe ar Scoileanna Bhéarla a dhéanann gach duine (a dhíríonn ar na bunscileanna) > Agus ceann breise atá níos dúshlánaí, atá dírithe ar Ghaelcholáistí is Scoileanna Gaeltachta.

    Déanann siad idirdhealú mar seo cheana féin sa Tuaisceart. Tá sé riachtanach go mbeidh Scrúdú Cainte ag Leibhéal an Teastas Shóisearaigh i ngach scoil fosta.

    Go dtí go dteagascaimid scoláirí na bunscileanna ag leibhéal atá fóirsteanach ní athróidh rudaí. Agus ní athróidh rudaí go dtí go n-athróimid an córas scrúdaithe. Seo an áit a luíonn an fhadhb.

  • padraig

    Glacann na cainteoiri aonteanga in Eirinn .i. ar bhformhor mor, nach ga badarail le haon teanga eile ar bith a fhoghlaim na a labhairt. Tathar brea sasta i mbroinn theolai impiriulach seo an Bhearla agus fallaing chultur an Bhearla amhain a shanntaimid timpeall orainn. Cuirtear TG ‘four’ ar siul do na cluichi sna tabhairni agus an glor casta as go mion minic. Briolla-brealla a mhuineadh sna scoileanna ag oidi nach bhfuil speis na inniulacht ina n-abhar fein ag a lan acu, baineann se sin go mormhor leis an nGaeilge ach baineann se le habhair eile chomh maith. Ta’s agam, is iar-oide me. Oileainin beag cungaigeantach dearoil i gcultur is Eire, nach bhfuil ann ach fo-stat de chuid Shasana/na Stait Aontaithe i ndairire. Glactar leis an impiriulachas polaitiuil agus cultuir i ngach reimse den saol, feach ar bpolaiteoiri ag cromadh go talamh sa Bhruiseil roimh na piardai mora. Nior labhair Kenny na Noonan oiread agus focal Gaeilge amhain i gComhairle na hEorpa riamh. Nior loirg siad aon fhaoiseamh ‘inar’ bhfiacha, ba scorn leo freastal ar chomhdhail maidir le ‘faoiseamh fiachais’ agus chuir siad i gcoinne na Greige. Cuid de mheon an sclabhai e sin a bhaineann le diuscairt na teanga ar bhonn naisiunta.

  • Gerry sona

    Tá difriocht an domhain idir gaeilge riachtanach ar scoil agus Gaeilge riachtanach sa saol oibre. Tá sé deacair go leor gnó ar bit a dhéanamh le eagraíochtaí stait i nGaeilge anois. Nuair ata sé riachtanach Gaeilge labhartha a bheith ag 25% de fostaithe an stait, ansin bheadh seans ag an Gaeilge sna scoileanna. Ar a bharr sin, nach feidir an Teastas Eorpach Gaeilge a usaid sna bunscoileanna agus bheadh Gaeilge labhartha ag na páistí agus iad ag dul ar aghaidh go dtí na meanscoileanna????

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tá polasaithe nó beartais ann le ceithre scór bliain. Níl ag éirí leo ach mionlach beag a ghaelú ó ghlúin go glúin agus an teanga ag cúlú léi sa Ghaeltacht i gcónaí. Ní leanfaí leis na beartais atá anois ann dá mbeifí ag súil le toradh eile, is é sin neartú na Gaeilge ar fud na tíre agus buanú na Gaeltachta. Ach is léir gur cuma leis na daoine atá i mbun na tíre, agus ag caitheamh airgead an phobail, nach bhfuil aon toradh fiúntach ar na beartais.

    Tá an iomarca eagla ar ghaeil roimh an fhírinne. In áit a bheith ag at le fearg mar gheall ar rámhaille duine éigin nár chuala muid riamh fúithi (athrá ar thuairimí a nochtadh go minic cheana i nuachtáin ‘náisiúnta’ an stáit) is ceart malairt bisigh a lorg.