An ceacht a mhúin Brian Stanley i ngan fhios dó féin…

Déanta na fírinne ní bhíonn sa chuid is mó den aicsean ar líne ach coimhlint imeallach, is é sin go dtí go gcuireann Teachta Dála éigin a chos sa phuiteach

An ceacht a mhúin Brian Stanley i ngan fhios dó féin…

Ní raibh Twitter ná Facebook cumtha ná ceaptha in 2002 nuair a sheas Brian Stanley in olltoghchán den chéad uair. Ó shin i leith, tá an saol polaitiúil athraithe ó bhonn ag na meáin shóisialta, ar dhóigh nach dtuigtear go hiomlán fós i dTeach Laighean agus lasmuigh de.

Níor breathnaíodh i dtosach ar Twitter, a bunaíodh in 2006, ná ar Facebook, a bunaíodh dhá bhliain roimhe sin, mar áiseanna cumarsáide polaitiúla.

Nuair a toghadh Brian Stanley mar Theachta Dála in 2011 áfach, bhí méadú sciobtha ag teacht ar an leas a bhí á bhaint ag daoine astu.

Ba léir faoin am sin gur éascaigh siad aon chumarsáid idir daoine a bhí ar aon tuairim,  agus idir go leor daoine eile nár aontaigh in aon chor lena chéile.

Seachnaíonn go leor Teachtaí Dála tuairimí conspóideacha a nochtadh ar Twitter ach is léir uaireanta an cathú a thagann ar a bhformhór (a) a bpáirtithe féin a mholadh agus (b) páirtithe eile a cháineadh.

Is sampla breá den dara cineál é an briatharchath láidir atá ar bun idir Sinn Féin agus Fine Gael.

Tugann cuid de lucht leanúna an dá pháirtí aird ar an gcáineadh agus ar an gcosaint leanúnach ar líne a dhéanann a bpríomh-ionadaithe. Coinníonn iriseoirí súil ar chuid acu, ach ní fheiceann ach scata beag formhór na ngiolcacha a eisíonn comhaltaí an Oireachtais gach lá.

Déanta na fírinne ní bhíonn sa chuid is mó den aicsean ar líne ach coimhlint imeallach, is é sin go dtí go gcuireann Teachta Dála éigin a chos sa phuiteach. Mar a rinne Brian Stanley agus giolc á sheoladh aige faoi na luíocháin i gCill Mhichíl i 1920 agus sa Chaol Uisce i 1979.

Ghabh sé leithscéal ar an toirt beagnach agus arís ag cruinniú an Choiste um Chuntais Phoiblí Déardaoin.

Dúirt sé go raibh aiféala air nach raibh a ndúirt sé ag teacht leis an gcaighdeán a leag sé amach dó féin. Níor thagair sé do na mairbh ná dá ngaolta ach d’admhaigh sé go raibh dualgas air meas níos mó a bheith aige ar dhaoine eile.

Cáineadh a ghiolc ar chaon taobh i dTeach Laighean ach níor iarr duine ar bith air éirí as a phost mar chathaoirleach ar an gcoiste. Bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go mbeadh Brian Stanley slán ó bhuairt tar éis tamaill.

Ach nuair a tháinig giolc eile chun solais a d’eisigh Brian Stanley trí bliana ó shin, ina raibh tagairt d’fhéiniúlacht ghnéis Leo Varadkar, bhí sé faoi bhrú arís. Sa ghiolc, a d’eisigh sé ar thoghadh Varadkar mar Taoiseach, dúirt sé:

Yippee for d tory. It’s Leo. U can do what u like in bed but don’t look 4 a pay rise the next morning.’

Dúirt Stanley nach le drochmheas a d’eisigh sé an giolc agus go raibh tacaíocht leanúnach tugtha i gcónaí aige do chearta LGBT. Dar leis go raibh daoine áirithe i bhFine Gael agus sna meáin meáite ar mhíthuiscint a bhaint as rudaí a dúirt sé roimhe seo.

Is deacair, áfach, gan a bheith ar aon tuairim le Teachta na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy a dúirt Déardaoin nár chóir tagairt riamh d’fhéiniúlacht ghnéis agus polasaithe á bplé.

Mhéadaigh ar amhras na bpáirtithe eile agus de réir cosúlachta, fiú amháin ar amhras Shinn Féin nuair a scrios Stanley a chuntas ar Twitter. Chuir an tAire Airgeadais Paschal Donohoe dhá cheist Dé hAoine a rith le go leor daoine eile.

Céard a thug ar Stanley a chuntas a chur ó mhaith?

Céard eile a bhí ráite aige cheana a theastaigh uaidh a choimeád as amharc?

Tá Brian Stanley ag iarraidh go dtabharfaí deis dó ráiteas a dhéanamh sa Dáil an 15 Nollaig, agus thug Sinn Féin le fios Dé hAoine gur iarr Mary Lou McDonald air an tseachtain seo chugainn a chaitheamh sa bhaile. Is ar éigean a chuirfear an chonspóid ina bhfuil sé gafa le seachtain i leataobh ar feadh deich lá eile.

Is léir gur eascair an chéad ghiolc a chuir Stanley faoi bhrú ó dhearcadh Shinn Féin ar stair na tíre. Cibé críoch a bheidh ar a scéal, tá ceacht ginearálta le baint as an tsáinn ina bhfuil sé gafa ó shin i leith.

Dá fheabhas Twitter mar ghléas chun rudaí simplí a rá, chun ceisteanna crua a chur, agus chun naimhde a lochtú, b’fhiú do gach Teachta Dála a bhriathra a mheá i gcónaí. Is furasta suí ar tholg istoíche agus cupán tae nó gloine fíona le d’ais, an fón i do lámh, agus abairt nó dhó a chumadh agus a sheoladh ar fud an domhain agat in imeacht leathnóiméid.

Ní dheimhníonn éascaíocht stuaim áfach.

Ní hionann ach oiread briathra gan chiall nó briathra atá míchúramach nó mífhreagrach a deirtear i gcomhrá príobháideach agus caint a chuirtear os comhair an tsaoil láithreach agus ar féidir í a aimsiú am ar bith.

Dúirt Teachta eile ó Shinn Féin Louise O’Reilly Dé hAoine go dtaispeánann sí giolcacha a chumann sí dá fear céile uaireanta féachaint an gceapann sé gur fiú iad a chur ar Twitter. Má deir sé léi nach fiú, glacann sí lena chomhairle. Bean a thuigeann a leas.

Dhéanfadh Teachtaí Dála i ngach páirtí a leas chomh maith agus comhairle dá leithéid á lorg acu nó dianmhachnamh á dhéanamh acu.

Fág freagra ar 'An ceacht a mhúin Brian Stanley i ngan fhios dó féin…'