An cás i gcoinne an chomhrialtais agus an cás ar a shon…

Tá díospóireacht mhór ar bun i measc na mball i dtrí pháirtí faoi láthair. Seo blaiseadh di ón dá thaobh…

An cás i gcoinne an chomhrialtais agus an cás ar a shon…

Níl olltoghchán buaite ag páirtí ar bith ó 1977. Is é sin le rá, níor ghnóthaigh páirtí ar bith móramh Dála a chuir ar a gcumas rialtas a bhunú gan a bheith ag brath ar pháirtí eile nó ar neamhspleáigh lena gcoinneáil i gcumhacht.

Is féidir na comhaontuithe a rinneadh roimh nó tar éis gach olltoghchán le dhá scór bliain a lochtú ar chúiseanna éagsúla. Ní cóir áfach róbhéim a chur ar lochtanna comhréitigh murar féidir rialtas a chur ar bun dá uireasa.

Tá gach cosúlacht ar an tuairimíocht i bhFianna Fáil, i bhFine Gael agus sa Chomhaontas Glas gur mionlach i ngach páirtí atá in aghaidh dul i gcomhrialtas leis na páirtithe eile. Fógróidh siad go léir cé mar a vótáil a gcomhaltaí ar cheist an chomhrialtais tráthnóna Dé hAoine seo chugainn.

Is ar thuairimíocht mar seo a leanas atá an chuid is mó den díospóireacht inmheánach ag díriú faoi láthair:

Fianna Fáil – An cás i bhfabhar an mhargaidh

Olltoghchán: má dhiúltaímid don chomhrialtas seo, agus má aontaíonn an tUachtarán le hiarratas olltoghcháin ó Leo, beidh rith an ráis le Fine Gael agus beidh Fianna Fáil níos laige sa chéad Dáil eile. Féach ar thacaíocht an pháirtí sna pobalbhreitheanna: 14% in ainm Dé! 

Tá rialtas nua ag teastáil go géar ar chúiseanna nach gá a áireamh anseo. Breathnófar orainn mar dhream mífhreagrach mura ndéanfaimid an rogha a chaithfear a dhéanamh ar son leas na tíre.

B’fhearr linn comhrialtas le Fine Gael a sheachaint dá bhféadfaí é a sheachaint. Ní féidir, faraor. Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil aon rogha eile againn anois.

Fianna Fáil – An cás gcoinne an mhargaidh

Olltoghchán: gan dabht tá baol ann go bhfógrófar toghchán má dhiúltaímid don socrú seo, ach féach níl seans ar bith ann go vótálfaidh móramh i bhFianna Fáil ina choinne. Ní haon dochar é mar sin a thaispeáint go bhfuil mionlach láidir sa pháirtí míshásta leis.

B’fhearr rogha ar bith ná Fine Gael a choinneáil i mbun rialtais, mar a tharlóidh má ghlacaimid leis an margadh seo. Ní cóir dúinn dearmad a dhéanamh riamh ar rud amháin a léirigh toradh an olltoghcháin: míshásamh forleathan le Fine Gael agus le Fianna Fáil a choinnigh i mbun rialtais iad.

   Gan dabht má dhiúltaímid don chlár rialtais, beidh ar Mhicheál Martin éirí as agus beidh orainn labhairt le Sinn Féin. Nárbh fhearr ar a laghad labhairt leo anois, in áit fanacht go rachaidh siad chun cinn orainn tar éis olltoghcháin?

Fine Gael – An cás i bhfabhar an mhargaidh

Olltoghchán: an dteastaíonn olltoghchán uait? Ní theastaíonn, ar ndóigh. Vótáil mar sin i bhfabhar an tsocraithe seo – barántas cinnte go mbeimid slán ó bhabhta vótála eile.

Tá rialtas nua ag teastáil go géar ar chúiseanna nach gá a áireamh anseo. Breathnófar orainn mar dhream mífhreagrach mura ndéanfaimid an rogha a chaithfear a dhéanamh ar son leas na tíre.

B’fhearr linn comhrialtas le Fianna Fáil a sheachaint dá bhféadfaí é a sheachaint. Ní féidir, faraor. Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil aon rogha eile againn anois.

Cuimhnigh ar bhuntáiste mór a bhainfeadh leis an margadh dá gcuirfí i bhfeidhm é: beidh Leo, nó Simon, b’fhéidir, ina Thaoiseach roimh an gcéad olltoghchán eile.

Fine Gael – An argóint i gcoinne an mhargaidh

Olltoghchán: Gan dabht tá baol ann go bhfógrófar toghchán má dhiúltaímid don socrú seo, ach féach níl seans ar bith ann go vótálfaidh móramh i bhFine Gael ina choinne. Ní haon dochar é mar sin a thaispeáint go bhfuil mionlach láidir sa pháirtí míshásta leis, ar dhá chúis.

Níl muinín againn dáiríre as na cladhairí i bhFianna Fáil, agus níl dearmad déanta againn ar an díobháil a rinne siad  nuair a bhí siad i mbun rialtais roimhe seo.

Tá sé soiléir cheana féin nach féidir brath ar na Glasaigh. Léiríonn a bhfuil ráite acu faoin mótarbhealach idir Corcaigh agus Luimneach, mar shampla, nach fada go mbeidh sé ina achrann sa chomhrialtas atá beartaithe.

D’oirfeadh olltoghchán d’Fhine Gael, a bhuí le cumas agus díograis an Taoisigh agus ár n-airí eile agus iad ag déileáil le géarchéim an choróinvíris. Féach an difríocht idir tacaíocht an pháirtí san olltoghchán (20.9%) agus tacaíocht reatha an pháirtí sna pobalbhreitheanna (35%)! 

An Comhaontas Glas – An cás i bhfabhar an mhargaidh

Olltoghchán: An dteastaíonn olltoghchán uait? Ní theastaíonn ar ndóigh. Ar ndóigh, is mó an imní a chuireann todhchaí an phláinéid orainn ach ná déan dearmad gur barántas cinnte é dul sa chomhrialtas seo go mbeimid slán ó bhabhta vótála eile i mbliana.

Níl an margadh a rinneamar gan locht, ach is fearr margadh lochtach agus a bheith i rialtas ná tamall eile sa bhfreasúra. Ní ar ball ach anois a theastaíonn gníomh chun cur in aghaidh scrios an phláinéid.

Tá rialtas nua ag teastáil go géar ar chúiseanna nach gá a áireamh anseo. Breathnófar orainn mar dhream mífhreagrach mura ndéanfaimid an rogha a chaithfear a dhéanamh ar son leas na tíre.

Cuimhnigh ar na polasaithe go léir atá sa chlár rialtais (tacú le rothaíocht, caiteachas breise ar sheirbhísí iompair phoiblí srl.) seachas ar na polasaithe nár éirigh linn a bhaint amach.

OK, déanfaidh an rialtas nua iarracht an déine a chur i bhfeidhm, ach is fusa cur ina choinne is tú taobh istigh den rialtas seachas lasmuigh.

An Comhaontas Glas – An cás i gcoinne an mhargaidh

Olltoghchán: Gan dabht tá baol ann go bhfógrófar toghchán má dhiúltaímid don socrú seo, ach tá dualgas orainn díriú i gcónaí ar bhunaidhmeanna fadtéarmacha.

Má dhiúltaímid don mhargadh lochtach seo, beidh deiseanna éifeachtacha eile againn ár bpolasaithe a chur i bhfeidhm – roimh olltoghchán b’fhéidir, nó amach anseo.

B’fhearr gan Fine Gael a choinneáil i mbun rialtais agus Fianna Fáil a chur ina dteannta mura bhfuilimid sásta leis an margadh seo.  Cuimhnigh freisin ar an olltoghchán a léirigh míshásamh forleathan le Fine Gael, agus le tacaíocht Fhianna Fáil a choinnigh i mbun rialtais iad.

Is léir ón gclár rialtais gur déine an toradh a bheadh air seachas cur chuige éifeachtach chun déileáil le tithíocht, mar shampla.

Fág freagra ar 'An cás i gcoinne an chomhrialtais agus an cás ar a shon…'

  • Eoin O Murchu

    Coimriú fiúntach. Ach ná déan dearmad gurb é an argóint is láidre taobh istigh den Chomhaontas Glas in aghaidh an Mhargaidh ná go gcinntíonn sé nach réiteófaí fadb na tithíochta ná cúrsaí eile a ghoilleann ar na daoine is boichte sa sochaí.

  • Adam Lawson

    Sin é go díreach é a Eoin – grma as sin a rá