An cás cúirte i Strasbourg agus an teilifís bhradach i Ros Muc…

Chuir breithiúnas Chúirt Uachtarach na Breataine faoi dhúnmharú Phat Finucane cás eile i gcuimhne dár gcolúnaí

An cás cúirte i Strasbourg agus an teilifís bhradach i Ros Muc…

Agus mé ag léamh tuairisc faoin mbreithiúnas a tugadh i gCúirt Uachtarach na Breataine an lá faoi dheireadh ar an gcás a tugadh os a comhair faoi dhúnmharú Phat Finucane luigh mo shúil ar an abairt seo a leanas. ‘Lord Kerr found that the decision not to hold a public inquiry into the murder was a matter for the government’s ‘political judgement’.’

Chuir sé i gcuimhne dom an lá a raibh triúr againn ag déanamh ar an aerfort in Strasbourg tar éis dúinn cás a bheith tugtha againn os comhair Chúirt na hEorpa faoi mhír 31 den Acht Craolacháin, an mhír a chosc agallaimh le Sinn Féin ar RTÉ.

Bhíomar ann, Frank Clarke arb é Phríomh-Bhreitheamh Éireann inniu é, fear na gCearta Sibhialta ó thuaidh, Kevin Boyle, agus mé féin. D’fhiafraigh mise de Frank Clarke cén seans a bhí againn. ‘Seans an-mhaith,’ a dúirt sé, ‘d’éirigh go breá linn sa gcúirt.’

Chuaigh mé siar chuig Kevin Boyle. ‘Abhcóide é Frank,’ ar seisean ‘agus tá sé ag smaoineamh mar abhcóide, ach is cúis pholaitíochta í seo agus bheadh amhras orm.’ Bhí an ceart aige. Theip orainn.

Bíodh is nár éirigh leis an achainí ar son fiosrúcháin poiblí faoi dhúnmharú Finucane rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine mar sin féin gur sháraigh Rialtas na Breataine alt 2 den Choinbhinsiún Eorpach Um Chearta an Duine nuair nár eagraigh siad fiosrúchán éifeachtach faoin dúnmharú. Níl an feachtas sin thart fós.

Maidir leis an gcás a bhí againne san Eoraip in aghaidh na cinsireachta in Éirinn, ba é Mattie Joe Shéamais a d’iarr ormsa m’ainm a chur chun cinn. Ba é Mattie an t-ionadaí ceardchumainn a bhí againn i Raidió na Gaeltachta ag an am. ‘An ndéanfaidh tú é?’ a dúirt Mattie. ‘Is mór an chúis bhróid dhom é a dhéanamh, a Mhattie,’ a dúirt mise.

Ó CUAIG AND OTHERS V IRELAND an teideal a bhí ar an gcúis i dtosach, BETTY PURCELL AND OTHERS a bhí á lua faoin am ar shroich an chúis Strasbourg. Ní bhfuair mé amach riamh cé a d’athraigh é.

Ós ag caint ar an gcúis sin é, is cuimhin liom go raibh díospóireacht mhór amháin againn faoi mhír 31 nuair a bhí an teilifís bhradach le cur ar bun i Ros Muc. Argóint a bhí inti idir mise agus daoine eile faoinar cheart Alt a 31 den Acht Craolacháin a shárú ar an aer.

Bhí físeán ag Tommy Collins, léiritheoir scannán as Doire, den díospóireacht a tharla roimhe sin ag Ard-Fheis Shinn Féin nuair a bhí Gerry Adams agus Ruairí Ó Brádaigh ag dealú óna chéile. Díospóireacht den scoth a bhí inti. Dá gcraolfadh RTÉ an méid a dúradh, nó dá mbeadh cead acu é a dhéanamh, ba mhór a chuideodh sé le próiseas na síochána a bhrostú.

Thuigfeadh duine ar bith a d’fheicfeadh é go raibh Gerry Adams ag dul bealach na síochána de réir a chéile. Creidim fós gurbh é an toradh a bheadh ar a chraoladh go gcríochnódh an cogadh ó thuaidh i bhfad ní ba thúisce ná mar a tharla.

Chuir mise in aghaidh an físeán a chraoladh ar an teilifís bhradach mar gur thuig mé go rímhaith gurbh é sin a bheadh ina phríomhscéal ar na meáin chumarsáide ar maidin. Déarfaí nach raibh ionainn ach bolscairí ar son an IRA. Dhéanfaí dearmad den chás a bhí muid a chur chun cinn ar son seirbhíse buan teilifíse do mhuintir na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí na tíre.

Géilleadh dom agus níor craoladh é.

Nuair a léigh Cathal Ó hEochaidh tuairisc nuachtáin faoin gcraoladh bradach i Ros Muc ghlaoigh sé ar Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ruán Ó Bric. Cheistigh sé é faoin gcraoladh bradach. ‘Get me a report on it,’ a dúirt Charlie.

B’in é an tús ar an gcuid oifigiúil den fheachtas ar son na teilifíse.

Fág freagra ar 'An cás cúirte i Strasbourg agus an teilifís bhradach i Ros Muc…'