Tá molta ag scríbhneoir aitheanta Gaeilge go nglacfaí leis an bplanda an caisearbhán mar shuaitheantas don ‘Ghaeilge’ a bheith ag duine.
Dar le Liam Prút gur cheart suaitheantas an chaisearbháin a thabhairt isteach mar rogha eile don Ghaeilgeoir atá ag iarraidh a fhógairt don saol mór go bhfuil teanga na nGael ar a thoil aige agus é sásta í a labhairt.
Deir as Tiobraid Árannach go bhféadfaí an caisearbhán a úsáid mar shuaitheantas ar bhaill éadaigh agus ar stáiseanóireacht agus a leithéid.
Níl sé i gceist ag an bPrútach go dtiocfadh an caisearbhán in áit an fháinne mar shiombail na nGael ná níl faoi cur i gcoinne an fháinne, a deir sé.
Tá an caisearbhán á mholadh aige, a deir sé, “mar shamhail den Ghaeilge” mar theanga nach féidir í “a dhíbirt” agus teanga a leanfaidh uirthi “de bheith ag teacht aníos d’ainneoin constaicí de gach saghas”.
Is as an Aonach i dTiobraid Árann do Liam Prút, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí a bhfuil saothair go leor leis foilsithe ó tháinig Fíon as Seithí, a chéad díolaim filíochta, amach i 1972.
Mánus
Ba chóir lógó suathantas nua don Ghaeilgeoir “gníomhach” a dhearadh cinnte. Tá an Fáinne Nua an-teoranta, agus fíor-lag mar lógó.
Ach tá an cheist seo níos casta ná lógó nua a roghnú. Is í an fhadhb is mó ná cén brí a bheidh ag an lógó? An deathoil (cúpla focal) i leith na teanga a léireoidh an lógó sa deireadh mar a léiríonn na lipéid “Gaeilge agus fáilte”a chuireann Glór na nGael i siopaí agus i mbialanna ? Nó an léireoidh an lógó gur Gaeilgeoir “gníomhach” thú agus fonn ort í a labhairt le daoine eile? Bhíodh scrúdú ann chun an sean Fáinne Óir a ghnóthú go dtí gur tháinig an Fáinne Nua amach sna 1960daí. Scaipeadh go forleathan na Fáinní Nua go dtí sa deireadh nach bhfuil aon bhrí cinnte leo.
Gabriel Rosenstock
Is deas liom an caisearbhán ach samhlaítear le ‘piss-in-the-bed’ sa bhéaloideas é, ní nach ionadh mar is fualbhrostach é. Má tá siombail ‘nua’ uainn b’fhearr liomsa Dealg na Teamhrach. An modus operandi ná mar a leanas: cath an dealg de lá agus d’oíche, gan í a bhaint díot ach i láthair polaiteora; sáigh ansin le pléisiúr ina thóin í.
https://www.irishcentral.com/images/MI-Tara-Brooch-National-Museum-of-Ireland1.jpg
Tomaí Ó Conghaile
Smaoineamh deas ach, mar a deir Gabriel thuas, samhlaítear rudaí eile leis an chaisearbhán ar an drochuair; ‘duine searbh’ ina measc, dar le Foclóir Uí Dhónaill.
Tá An Dream Dearg tar éis beocht nua a thabhairt don Fháinne agus an lógó úr dearg & bán anois aitheanta – ó thuaidh ach go háirithe – mar shiombail don Ghaeilge. Tá caint ann anois fosta ar bhratacha leis an Fháinne comhaimseartha seo a chrochadh os cionn foirgneamh, caiféanna, siopaí srl. atá ar son na teanga.
B’fhéidir go bhféadfaí a leithéid a leathnú ar fud na tíre ar fad.
Brian-less
Scríobh Patrick Kavanagh faoin gcaisearbhán “showing his unloved heart to everyone”. . .