‘An Cailín Óir’ agus bád eile in áit an ‘Queen of Aran’ – réiteach nua á mholadh ar chonspóid Thoraí

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta moltaí nua a chur faoi bhráid Chomharchumann Oileán Thoraí amárach in iarracht réiteach a fháil ar an gconspóid faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí

‘An Cailín Óir’ agus bád eile in áit an ‘Queen of Aran’ – réiteach nua á mholadh ar chonspóid Thoraí

Déanfaidh Roinn na Gaeltachta iarracht eile amárach teacht ar réiteach ar an gconspóid faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí agus tairiscint nua le déanamh acu le muintir an oileáin.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna go bhfuil sé i gceist ag an Roinn moltaí nua a chur faoi bhráid Chomharchumann Oileán Thoraí, ina measc go bhfógrófaí conradh breise don dara bád farantóireachta agus go gcuirfí bád eile seachas an Queen of Aran ar fáil don chonradh a fógraíodh cheana.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne toisc, a mhaítear, go bhfuil ‘The Queen of Aran’, siombail eile oiriúnach.

Tugadh le fios cheana go bhfuil sé i gceist ag muintir Thoraí bac a chur ar ché an oileáin ar an 1 Aibreán má dhéanann an ‘Queen of Aran’, an bád farantóireachta nua, iarracht teacht le céibh ar an oileán. Is ar an lá sin a thiocfaidh an conradh conspóideach do sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta i bhfeidhm.

De réir na tuairisce ar Nuacht TG4 tá Roinn na Gaeltachta ar tí sraith moltaí a dhéanamh in iarracht a leithéid d’agóid a sheachaint agus deireadh a chur leis an achrann faoin ‘Queen of Aran’.

Tuairiscítear roinnt bád á lua mar mhalairt ar an ‘Queen of Aran’, ar tógadh é 42 bliain ó shin. Ar na báid sin tá ‘An Cailín Óir’ a tógadh i 1983 agus a bhíodh i mbun na seirbhíse idir Dún na Séad agus Oileán Chléire i gCorcaigh. Tá an bád seo ar díol nó le ligean ar léas faoi láthair.

Tuairiscítear go ndearna an comhlacht ar leo an ‘Queen of Aran’, Réalt na Maidne as Árainn Mhór i nDún na nGall, teagmháil le cúpla seachtain anuas le húinéirí An Cailín Óir faoi úsáid an bháid sin. Dúirt lucht an chomhlachta ar leo an Cailín Óir go mbeifí sásta go n-úsáidfí an bád do sheirbhís Thoraí fad is go mbeadh glacadh ag muintir an oileáin leis an socrú sin.

Tá An Cailín Óir 50 troigh ar fhaid agus 15 troigh ar leithead agus cead aici 30 paisinéir a iompar le linn an gheimhridh agus 64 paisinéir a iompar le linn an tsamhraidh.

Maidir leis an moladh go bhfógrófaí conradh chun teacht ar an dara bád do sheirbhís Thoraí, tuairiscíodh ar Nuacht TG4 anocht go mbeifí ag lorg báid a d’fhéadfadh suas le 20 duine a iompar. Deirtear gur dhá mhí a mhairfeadh an próiseas tairisceana don dara conradh seirbhíse farantóireachta.

Beidh cruinniú eile anocht ag Comharchumann Oileán Thoraí chun an chonspóid a phlé.

 

Fág freagra ar '‘An Cailín Óir’ agus bád eile in áit an ‘Queen of Aran’ – réiteach nua á mholadh ar chonspóid Thoraí'