Bliain go díreach ó bhí deis ag an bpobal An Cailín Ciúin a fheiceáil ar dtús, tá an scannán Gaeilge is mó rath riamh ag imeacht as na pictiúrlanna in Éirinn inniu.
Bhí An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar, 52 seachtain sna pictiúrlanna ó chuaigh sé ar eisiúint ghinearálta ar an 12 Bealtaine 2022.
Shaothraigh an scannán de chuid Choilm Bairéad thart ar €1.5 milliún ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain agus meastar go bhfuil breis is €4.5 milliún tugtha isteach ag an scannán san iomlán.
Cé nár éirigh leis An Cailín Ciúin sa rannóg don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag na Oscars, chuir an t-ainmniúcháin go mór le cáil an scannáin i measc an phobail, mar a rinne an cual gradam atá buaite aige.
Seachtain mhór a bhí inti do scannánaíocht na Gaeilge agus é fógartha go raibh an scannán atá á dhéanamh ag na rapálaithe KNEECAP le taispeáint ag ócáid speisialta i Cannes na Fraince.
Críochnaíodh an taifeadadh ar an scannán, dar teideal KNEECAP, le gairid agus roghnaíodh é mar cheann d’ocht scannán a taispeánadh mar chuid den taispeántas GREAT8, a bhí ar siúl inné.
Baintear úsáid as GREAT8 chun saothair ó scannánóirí nua ón mBreatain agus ó Thuaisceart Éireann a thaispeáint do cheannaitheoirí idirnáisiúnta agus do lucht na bhféilte scannán. An scannánóir Rich Peppiatt, a raibh a chéad scannán, One Rogue Reporter, le feiceáil ar Netflix, a scríobh an script do KNEECAP agus atá á stiúradh.
Déantar cur síos áibhéalach ar bhunú KNEECAP sa scannán. I nGaeilge agus i mBéarla atá an scannán agus beidh an t-aisteoir mór le rá Michael Fassbender le feiceáil ann agus é ag Gaeilgeoireacht.
Roghnaíodh script KNEECAP, do ‘Mother Tongue Award’ in 2021, scéim do scannáin atá i mbun forbartha i dteanga eile seachas an Béarla.
Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,000 ar fáil don scannán agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Beidh an scannán á chraoladh ar TG4 agus ar BBC Tuaisceart Éireann amach anseo.
Bhí údar ceiliúrtha eile ag aisteoir Gaeltachta ag tús na seachtaine nuair a bronnadh gradam IFTA don bhanaisteoir is fearr ar Bhríd Ní Neachtain as Ros Muc i gConamara dá páirt sa scannán Gaeilge Róise & Frank.
Fág freagra ar '‘An Cailín Ciúin’ ina tost faoi dheireadh agus bliain caite ag an scannán Gaeilge sna pictiúrlanna'