‘An Cailín Ciúin’ agus a comrádaithe sa Chatalóin agus san Íoslainn…

Díol suime é go bhfuil roinnt scéalta eile ann ina bhfuil na tréithe céanna iontu agus atá in ‘Foster’, an scéal a bhfuil an scannán ‘An Cailín Ciúin’ bunaithe air

‘An Cailín Ciúin’ agus a comrádaithe sa Chatalóin agus san Íoslainn…

Ní hamháin go bhfeiceann muid sa scannán An Cailín Ciúin le Colm Bairéad, scannán atá bunaithe ar an scéal Foster le Claire Keegan, a chiúine agus a neamhspleáiche is atá an cailín óg — Catherine Clinch sa bpáirt — ach feiceann muid freisin an méid a thugann sí faoi deara sa scannán agus an méid a shúnn sí isteach san aisteoireacht. Is breathnóir í, agus is ag faire a bhíonn sí.

Braitheann muid sa scéal agus sa léiriú araon an méid oibre is gá di a dhéanamh chun a hintleacht ghéar a chur i bhfolach agus ligean uirthi féin nach bhfuil mórán ag tarlú ina timpeall.

I gcroílár an dráma tá an chuma ar an scéal go bhfuil rud eicínt as alt. Caithfidh an cailín óg seo a bealach féin a dhéanamh thrí dhomhan nua atá lán de rúin agus le nithe atá coiscthe. Domhan ina mbíonn fiú an comhartha is lú coimhthíoch, aduain, agus caithfear na rudaí sin a thabhairt faoi deara amhail is dá mba den chéad uair é, amhail is dá mbeadh an saol ar fad ag brath orthu.

Bíonn ar an gcailín óg seo an domhan a léamh mar a léifí téacs aisteach. Léiríonn sí a mearbhall, a heolas agus a tuiscint thrí fhanacht ciúin, gan tada a rá, thrí chothroime a hamhairc. Ní ligeann sí tada uirthi féin. Cuid de bhua an scannáin, agus ar ndóigh de bhua an scéil, ná go gcuirtear muinín iomlán sa smaoineamh seo, go ndéantar cumhachtach é.

Braitheann an dráma ar chaighdeán aonarachais an chailín. Tá sé riachtanach go mbeadh sí scartha amach óna cairde agus óna deartháireacha agus deirfiúracha agus faoi smacht ag daoine fásta, daoine atá nua ina saol.

Díol suime é go bhfuil roinnt scéalta eile ann ina bhfuil na tréithe céanna iontu agus atá in Foster, agus a phléann saol inmheánach cailíní agus mná óga, lán teannais.

Mar shampla, cíorann Stone in a Landslide le Maria Barbal, scríofa i gCatalóinis, foilsithe sa mbliain 1985 agus aistrithe go Béarla in 2010, scéal Conxa, a thógtar ó theach a teaghlaigh is a thugtar chuig teach a huncail agus a haintín nach bhfuil aon mhuirín orthu agus gan í ach trí bliana déag d’aois.

Cé go bpósann sí agus go mbíonn a clann féin aici agus go mbíonn caillteanas mór ina saol in aimsir chogaíochta — tá an t-úrscéal suite i bPiréiní na Catalóine le linn Chogadh Cathartha na Spáinne — tá a coinsias fós leochaileach, goilliúnach, amh.

Tá an teanga ina smaoiníonn agus ina dtugann Conxa an saol faoi deara thar a bheith simplí, lom, rud a ligeann don léitheoir, aisteach go leor, í a fheiceáil mar phearsa a bhfuil mothúcháin dhoimhne, chasta aici. Tá an chuma ar imeacht na mblianta, ón gcaoi a gcuireann sise síos orthu, go bhfuil siad chomh cosúil leis an am mar a léirítear i bhfinscéal é agus atá leis an am sa saol réalaíoch. Léirítear na rudaí a tharlaíonn amhail is dá mbeidís dosheachanta, mar a bheidís réamhshocraithe ach níl ansin ach bealach le pianta eile nach féidir a sheachaint a choinneáil ó dhoras.

Ag an tús, ina saol nua, tugann Conxa na mionrudaí is lú faoi deara. Gné nádúir nó giúmar an duine, mar shampla. Ní mhéadaítear aon mhothúchán ná ní dhéantar scéal mór de thada níos mó ná mar ba cheart. Ciallaíonn sé sin, de bharr chruinneas ciúin na scríbhneoireachta agus an dúthracht lena gcuirtear síos orthu, go bhfuil fírinne chráite sa saothar a théann go smior.

Foilsíodh The Swan leis an úrscéalaí Íoslannach Gudbergur Bergsson den chéad uair sa mbliain 1991 agus aistríodh go Béarla é sa mbliain 1998. I dtús an úrscéil, cosúil leis na cailíní in Foster agus in Stones in a Landslide, tógtar cailín naoi mbliana d’aois óna baile dúchais. Tá a saol curtha ar fionraí. Ach tugann sé fuinneamh ar leith di ciall a bhaint as rudaí, as an saol. Dá ngabhfadh sí abhaile, bheadh uirthi aghaidh a thabhairt ar rudaí a raibh taithí mhaith aici orthu roimhe sin. Trí fanacht glan ar an mbaile tá sí ina cónaí sa gcoimhthíos agus éiríonn a spiorad aonarach níos saibhre dá bharr.

In The Swan tá an chuma ar choinsias leochaileach agus é ag fás go bhfuil sé saothraithe go maith aici. Ní mór cur síos a dhéanamh ar gach tabhairt faoi deara go cúramach. Bíonn an t-amharc airdeallach seachas a bheith díreach nó neamheaglach. Is cumhachtaí an ciúnas ná an chaint. Tá níos mó uigeachta ag an rud leath-thuigthe ná ag an rud atá mínithe go hiomlán. Tugann leochaileacht an scéil, agus an smaoineamh nach féidir a bheith cinnte de thada, cumhacht neirbhíseach, lonrach don saothar.

Tá sé tábhachtach, sílim, go scríobhann an triúr acu — Keegan, Barbal agus Bergsson — faoi sholas an tuaiscirt, faoi aimsir an tuaiscirt. Tá a gcuid séasúr neamhfháiltiúil féin ag Éirinn, ag Piréiní na Catalóine agus ag an Íoslainn; is áiteacha iad ina bhfuil an solas gann agus an spiorad san airdeall, áit atá céasta ag an stair agus ina bhfuil neart rudaí atá fós gan réiteach.

Tá an aimsir an-tábhachtach sna saothair seo. Ach níos mó ná rud ar bith eile, is féidir leis na scéalta tuaithe seo ó Éirinn, ón gCatalóin agus ón Íoslainn, plé le caillteanas agus le heaspa, agus leis an uaigneas mar a mhothaíonn an mheabhair aonair í, amhail is dá mbeadh rud eicínt sa gcultúr agus sa dúlra a lig dó agus a chruthaigh spás lena aghaidh.

Tá an chuma ar na trí scéal ghairide seo go bhfuil muid i saol nach mbaineann leis an 20ú haois beag ná mór chomh fada agus a bhaineann le roinnt dá cuid chomharthaí is suntasaí, mar atá, an íoróin agus chomh scartha amach agus atá daoine óna chéile.

Is saol é seo nach bhfuil ag cur thar maoil le híomhánna de féin, saol nár glacadh mórán grianghraf de agus nár scannánaíodh riamh mórán. Is áit é ina bhfuil an ciúnas in uachtar agus le cloisteáil fós agus a bhfuil smacht aige ar go leor dá dtarlaíonn. Is áit é a mbíonn daoine ag faire amach na fuinneoga, áit a bhfuil an pobal fite fuaite ina chéile agus scartha óna chéile san am céanna, áit nach mbíonn an cailín óg, an té a cuireadh as áit nó a tréigeadh, cinnte ariamh cén duine a bhféadann sí muinín a chur ann agus nach mór di, dá réir sin, amhras a chaitheamh fiú ar a cuid tuairimí agus ar a cuid smaointe féin.

Is é a cheanglaíonn Foster le Stones in a Landslide agus The Swan ná an cur síos mall atá mar a bheadh ceamara atá ag gluaiseacht go mall trí scéal nó sraith de radhairc a bheadh tarraingthe ag péintéir. Ábhar neamhbheo i dtírdhreach tuaisceartach ó phéintéir a mbeadh a intinn thar maoil le dathanna fanna.

Tá an saol curtha inár láthair in íomhánna nach bhfuil neamhbhuan, agus nach bhfuil mar chuid de leanúntas, ach in íomhánna a imíonn as amharc díreach sula dtagann cinn eile ina n-áit. De bharr na simplíochta lena bpléitear le ham sna leabhair seo, agus iad, mar shampla, ag dul i muinín an ollfhoirfe, ní mór do gach radharc cuid mhaith a léiriú. Breathnaítear ar an nóiméad atá ann go himníoch agus go míshuaimhneach.

Is annamh a mheasann an mheabhair atá i réim na torthaí atá le theacht agus is annamh a dhéanann machnamh ar straitéis chasta nó a oibríonn amach cén chaoi a bhféadfaí mianta an chailín a chomhlíonadh nó cén chaoi a gcuirfí a heaglaí éagsúla ar ceal. Tá impí ollmhór i mbraistint an chailín óig. Suaimhneas.

Tá an-spéis go deo aici sna radhairc atá os a comhair agus sna fuaimeanna a chloiseann sí. Tá an chuma air gur ceamaraí iad a súile, gurb ann dóibh chun an radharc a thaifeadadh agus a chur i bhfráma ionas go bhféadfaí staidéar a dhéanamh air níos déanaí, nó amhail is dá mba phéintéir í a aimsíonn na dathanna cearta chun a taithí a stóráil agus a chur ar an taifead ionas nach féidir leis an taithí sin níos mó dochair a dhéanamh di.

Éiríonn le gach aon cheann de na trí úrscéal ghairide seo, cé go mbíonn muid ag éileamh go mbeadh gach aon cheann acu sainiúil, lán fuinnimh, fuinneamh atá siombalach beagnach, amhail is dá bhféadfaí rud eicínt a aimsiú sa domhan seo — ó dhomhan eachtrannach eicínt eile — a thabharfadh saoirse nó fuascailt dó, fiú má bhíonn an fhuascailt sin gearrshaolach, iargúlta agus aisteach.

Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar '‘An Cailín Ciúin’ agus a comrádaithe sa Chatalóin agus san Íoslainn…'