An caighdeán uisce i leath d’aibhneacha agus lochanna na hÉireann míshásúil – EPA

Talmhaíocht, foraoiseacht agus fuíolluisce is mó atá ag déanamh dochair don uisce in aibhneacha agus lochanna, de réir tuarascáil nua de chuid an EPA

An caighdeán uisce i leath d’aibhneacha agus lochanna na hÉireann míshásúil – EPA

Níl an caighdeán uisce i leath d’aibhneacha agus lochanna na hÉireann sásúil a deirtear sa tuarascáil is déanaí ón EPA, n Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Rinne an EPA measúnú ar an uisce i lochanna, aibhneacha, canálacha, ar an screamhuisce agus an t-uisce leis an gcósta.

Idir 2013 agus 2018, bailíodh eolas bitheolaíochta agus timpeallachta ó 2,703 foinse uisce os cionn talún agus 514 sampla ó screamhuisce, nó uisce atá faoi thalamh. 

Scrúdú atá sa suirbhé sin ar a fholláine agus atá éiceolaíocht an uisce i bhfoinsí uisce na tíre seo agus cén chomh maith agus atá ag éirí leo cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos i gCreat-Treoir Uisce an Aontais Eorpaigh agus sa bPlean Náisiúnta Bainistíochta Abhantrach 2018-2021.

 De réir na tuarascála seo 52.8% de na láithreacha a tástáladh a bhfuil caighdeán maith nó an-mhaith uisce iontu. Tá an 47.2% eile den uisce dromchla measartha, go dona nó ar dhroch-chaighdeán ó thaobh na héiceolaíochta.  Sin laghdú 2.6% ar an líon láithreacha a bhí sásúil sa tréimhse 2010-2015.

Is é an t-uisce cois cósta is fearr a chruthaigh sa taighde seo – bhí 80% ar ardchaighdeán ó thaobh na héiceolaíochta agus as na 45 láthair a scrúdaíodh ní raibh ach ceann amháin a raibh fíordhroch-chaighdeán ann. 53% d’aibhneacha a bhí amhlaidh, 50.5% de lochanna agus 38% de na hinbhir a scrúdaíodh.

Bhí 92% den screamhuisce ar dhea-chaighdeán agus sin i 98% den tír.

Talmhaíocht, foraoiseacht agus fuíolluisce is mó atá ag déanamh dochair don uisce. Cé go raibh na lochanna ag feabhsú le tamall de bhlianta léiríonn an tuarascáil is déanaí seo go bhfuil an leibhéal fosfair ag méadú i gceathrú cuid de na lochanna  – rud a chothaíonn fás algaí san uisce agus scriosann na halgaí sin éiceolaíocht an locha.

Sna hinbhir is práinní atá cúrsaí agus gan ach 38% acu ar dhea-chaighdeán ó thaobh sláinte éiceolaíochta de.

Bhí naoi n-abhainn a scrúdaíodh truaillithe go dona agus fuair iasc bás i 40 láthair in 2018. Meastar nár chuidigh an samhradh tirim agus leibhéal íseal uisce sna haibhneacha leis an iasc.

“Léiríonn an taighde seo go bhfuil caighdeán an uisce ag dul in olcas arís cé go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas le tamall blianta,” a dúirt Matt Crowe, Stiúrthóir an EPA.

Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy:

“Cuireann sé imní orm go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i gcónaí agus go bhfuil caighdeán an uisce sna haibhneacha 5% níos measa. Is léir go gcaithfidh gach earnáil díriú ar an ngéarchéim seo agus a dtionchar ar chaighdeán an uisce a laghdú trí fheabhsúcháin éifeachtacha a dhéanamh gan mhoill.”

An mhí seo caite dúirt an EPA go raibh séarachas amh, nach raibh aon chóireáil déanta air, ó 77,000 duine i 36 baile beag is mór á scaoileadh isteach in aibhneacha agus uiscí na hÉireann gach lá agus go raibh obair Uisce Éireann leis an scéal a leigheas rómhall. 

Fág freagra ar 'An caighdeán uisce i leath d’aibhneacha agus lochanna na hÉireann míshásúil – EPA'