An Caighdeán Oifigiúil le foilsiú ‘roimh dheireadh na bliana’

Údar dóchais an méid dul chun cinn atá á dhéanamh ag an gCoiste Comhairleach, a deir Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, in ainneoin gur gealladh CO nua a bheith ann faoi Mhárta na bliana seo

ancaighdea

Tá curtha in iúl do Tuairisc.ie go bhfoilseofar an leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil ‘roimh dheireadh na bliana’ seo.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, go bhfuil ‘dul chun cinn suntasach’ á dhéanamh ag an gCoiste Comhairleach ina thaobh agus go bhfoilseofar é as seo go deireadh na bliana.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh é sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012 ansin, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe de agus scríobhadh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Ba é an seasamh sealadach seo a d’fhág nach raibh go leor daoine sásta glacadh leis an leagan nua de agus gurbh fhearr leo cloí le leagan 1958. Fógraíodh idir an dá linn go mbeadh an leagan is déanaí de réitithe faoi Mhárta na bliana seo, rud nár tharla.

Meastar go bhféadfadh ceisteanna áirithe a bheith fós á bplé ag an gCoiste, ina measc, láimhseáil na bhfocal ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ ó chanúint go chéile (an clásal coibhneasta díreach agus indíreach a thugtar orthu sin sa ghramadach); comhréir an ainm bhriathartha (e.g. beannacht oifigiúil a bheith tugtha do leaganacha mar ‘an obair atá Seán ag déanamh’, mar shampla, a chloistear go forleathan i nGaeltacht na Mumhan – ní aithnítear ach ‘an obair atá Seán a dhéanamh’ sa CO faoi láthair); cathain a shéimhítear ainmfhocal agus é ag teacht i ndiaidh ainmfhocal baininscneach, e.g. ‘obair baile’ -v- ‘obair bhaile’ etc.

Dúradh sa leagan a foilsíodh in 2012 go ndearnadh iarracht ‘na claochluithe atá ag titim amach ó thaobh struchtúir ghramadaí na teanga a aithint ach gan ligean d’athruithe áirithe, ar meathlú iad de dheasca thionchar tréanmhór an Bhéarla mar theanga uilíoch ar an nGaeilge, na struchtúir sin a chur as a riocht’.

Mar sin féin, d’fhéach na húdair le ‘foirmeacha agus leaganacha atá ar fáil go tréan sa chaint sna mórchanúintí’ a chur san áireamh sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe ‘sa tslí is go mbraithfeadh an gnáthchainteoir mórchanúna go bhfuil na príomhghnéithe den chanúint sin aitheanta sa Chaighdeán Oifigiúil agus, mar sin, gur gaire don ghnáthchaint an Caighdeán Oifigiúil anois ná mar a bhíodh’.

Fág freagra ar 'An Caighdeán Oifigiúil le foilsiú ‘roimh dheireadh na bliana’'

  • Gabhán Ó Dochartaigh

    Ní raibh sé de mhisneach agaibh scéal ‘an chaighdeáin eile’ a phlé? ;-)

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Is lagmhisneach a chuir an leagan nua ar dhaoine a scríobhann i nGaeilge. Níl ciall ar bith le hathruithe in éis trí bliana. Tá géarchéim uafásach maidir le todhchaí na Gaeilge. Ní seo an t-am le brú a chur ar dhaoine faoi phointí gramadaí.