Údar gaisce agus gairdis ab ea é ó thús an chéid seo go raibh an caidreamh Angla-Éireannach níos dearfaí ná a bhí riamh cheana. Chothaigh próiseas na síochána dlúthpháirtíocht agus threisigh comhleas san Aontas Eorpach é. Cuimhnigh ar Albert Reynolds agus John Major, Bertie Ahern agus Tony Blair agus fiú Enda Kenny agus David Cameron.
Agus ansin, ar an 23 Meitheamh 2016, vótáil móramh beag de mhuintir na Ríochta Aontaithe ar son an tAontas Eorpach a fhágáil. Ba léir don dall go gcothódh an cinneadh sin deacrachtaí in Éirinn ach bhí ceannairí na nEorasceipteach ar nós cuma liom fúthu. Má chuimhnigh siad ar an tír seo ar chor ar bith is cosúil gur mar shatailít dá gcuid féin é.
Níorbh fhada go bhfuarthas amach nach raibh plean ná straitéis ag an mBreatain don imeacht as an Aontas Eorpach. Ba léir go luath gur liosta le háireamh iad na fadhbanna a bheadh ann d’Éirinn, thuaidh agus theas, agus go mbeadh ceist na teorann ar cheann de na hábhair ab íogaire. Rinneadh dícheall ar feadh tamaill an teannas sa chaidreamh a cheilt ach ní fhéadfaí déanamh amhlaidh. Fuarthas admháil lom ar na fadhbanna ón dá rialtas an tseachtain seo caite.
Socraíodh ag cruinniú idir an Tánaiste Simon Coveney agus leasPhríomh-Aire na Breataine, David Lidington gur ghá d’fheidhmeannaigh ón dá thír pleananna a ullmhú chun an caidreamh a chur ar bhonn bisiúil sa todhchaí. Beidh gá le córas nua foirmeálta don chaidreamh idir an dá rialtas nuair nach mbeidh airí ag bualadh le chéile go rialta sa Bhruiséil ná ag obair i gcomhar le chéile ansin.
Chomh maith leis an míshocracht idir Londain agus Baile Átha Cliath, chuir easaontas faoin Bhreatimeacht nimh sa tobar thuaidh-theas. Agus iad ina lucht tacaíochta ag an Bhreatimeacht agus ina sciath chosanta ag na Tóraithe i rialtas na Breataine, mhaígh an DUP go raibh an Taoiseach, Leo Varadkar agus an Tánaiste, Simon Coveney ‘trodach’ in ionad a bheith ‘ag cuidiú leis an mBreatain’. Thairis sin treisíodh ar chaint ar reifreann faoin teorainn de bharr na míshástachta leis an mBreatimeacht i dTuaisceart Éireann, mar ar vótáladh ina aghaidh. Chothaigh an chaint sin guagacht i measc aontachtaithe agus ghéaraigh an teannas idir an DUP agus Sinn Féin ionas go meastar nach féidir roinnt na cumhachta eatarthu a tharrtháil go mbeidh an Breatimeacht socraithe.
B’in é an cúlra a bhí ann don chomhdháil Angla-Éireannach le gairid. Bunaíodh Comhairle Idir-Rialtasach na Breataine/na hÉireann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun déileáil le ceisteanna Angla-Éireannacha seachas iad sin a bhí díláraithe chuig Stormont. Ba é an cruinniú Dé Céadaoin seo caite an chéad cheann ag an Chomhairle le haon bhliain déag. Bhí náisiúnaithe agus rialtas na hÉireann á éileamh le fada chun a dhul i ngleic leis an tsáinn i Stormont ach bhí an Bhreatain ag tarraingt na gcos mar gheall ar naimhdeas an DUP do ról ar bith a bheith ag Baile Átha Cliath. Bhí an DUP meáite nach raibh cead ag rialtas na hÉireann a ladar a chur i ngnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann agus dá bhrí sin nach mbeadh sa chruinniú ach caint san aer.
Agus i ndiaidh an chruinnithe bhí an DUP sásta leo féin agus cruthúnas acu, a dúradar, nach raibh ar siúl ach caint gan éifeacht. Níor deineadh aon phlean d’iarracht eile chun Stormont a athnuachan agus níor deineadh comhshocrú faoi cheann ar bith de na cúrsaí a bhfuil faillí déanta iontu ó thit an Feidhmeannas ocht mí dhéag ó shin. Níor pléadh an Breatimeacht. Phléigh an ceathrar – Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley, an tAire Dlí is Cirt, Charlie Flanagan, Lidington agus Coveney, cúrsaí slándála agus ceisteanna oidhreachta.
Shocraigh siad go mbeadh cruinniú eile ann sa bhfómhar. Ní fios cén dáta, nó an roimh nó i ndiaidh spriocdháta do chonradh an Bhreatimeachta a bheidh sé. Cá bhfios an mbeidh siad in ann tabhairt faoi iarracht réitigh do Stormont ag an am sin. Is maith an ní é an teagmháil a bhuanú mar go gcaithfear an caidreamh idir an dá thír a choinneáil slán, bíodh an Breatimeacht crua nó bog.
Bhí cóir leighis don chaidreamh á leagan amach ag iarChéad-Aire an Tuaiscirt, Peter Robinson ag ócáid i dTír Chonaill an tseachtain seo caite. Tharraing iarcheannaire an DUP racht ó aontachtaithe eile nuair a dúirt sé nár mhór ullmhú don phlé faoi Éire aontaithe ach is ar an gcaidreamh idir an dá rialtas agus ar an tsáinn i Stormont a dhírigh sé go príomha. Tá an caidreamh Angla-Éireannach réchaite anois agus an-deighilt idir an dá thaobh abhus de bharr an Bhreatimeachta agus titim Stormont, ar sé. Cheal Feidhmeannas, Tionól ná na hinstitiúidí trasteorann agus thoir/thiar a eascraíonn as roinnt na cumhachta, arsa Robinson, tá baol ann go ngabhfaidh an caidreamh chun donais go mór. Chothaigh an gréasán sin caidreamh oibre – dá uireasa, tá gach gné den chaidreamh leochaileach.
Níor léir an bhfuair sé éisteacht ón DUP, an páirtí a raibh sé i gceannas air go dtí Eanáir 2016. Is léir gur chontúirt é an teannas faoin mBreatimeacht don chaidreamh Angla-Éireannach, don chaidreamh thuaidh-theas agus don chaidreamh trasphobail. Tá an dá rialtas ag féachaint le creatlach nua a thógáil don chaidreamh eatarthu amach anseo. Ach an chuid eile? Táimid ag fanacht…
Fág freagra ar 'An caidreamh Angla-Éireannach leochaileach agus d’fhéadfadh gur in olcas a rachaidh sé'