An Cadhnach, an Piarsach agus ‘Iosrael in Iarchonnacht’

Is trua lenár gcolúnaí nár thuig sé blianta ó shin gur mhol an Piarsach ‘Iosrael in Iarchonnacht’ i 1912

Pearse

Blianta fada ó shin bhí eagraíocht againn ar tugadh ‘Iosrael in Iarchonnacht’ air. Ba é Deasún Fennell a thosaigh é agus thug mé féin agus daoine eile cuidiú dó. Is é an bunús a bhí leis go dtabharfaí cuireadh do Ghaeilgeoirí as áiteanna ar fud na tíre, go mór mór Baile Átha Cliath, a theacht chun na Gaeltachta le ‘saol iomlán na fichiú haoise’, mar a tugadh air, a chur chun cinn.

I nGaeilge ar fad ar ndóigh a bheadh an saol sin á chleachtadh.

Éilíodh freisin go n-aistreodh ceanncheathrú na n-eagraíochtaí Gaeilge go dtí an Ghaeltacht. Tosaíodh ag cuimhneamh ansin gur sa nGaeltacht ba cheart an tOireachtas a bheith.

As sin a tháinig Oireachtas na nGael a tionóladh i Ros Muc i dtosach agus, ina dhiaidh sin aríst, i dTír an Fhia, i mBaile an Fheirtéaraigh, i gCill Chiaráin agus i gCorr na Móna.

Bhí Saor-raidió Chonamara ag craoladh le linn Oireachtas na nGael i Ros Muc.

Tugadh aird ar an smaoineamh seo sna meáin chumarsáide Gaeilge, agus sna meáin Bhéarla go deimhin. Tharraing sé go leor díospóireachta. Bhí daoine ar a shon agus daoine eile go nimhneach ina aghaidh.

Tugadh tionól le chéile i gCill Chiaráin faoi ‘Iosrael in Iarchonnacht’ agus tháinig roinnt mhaith daoine ann. Eagraíodh cruinniú ansin in Áras Chonradh na Gaeilge i 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

An dream a bhí in aghaidh ‘Iosrael in Iarchonnacht’ is mó a bhí i mbun an chruinnithe sin.

Tugadh cuireadh dom féin agus do Dheasún Fennell ann. Bhí mise óg agus misneach na hóige agam. Cheap mé go mbeadh muid in ann cur ar ár son féin sách maith. Ach nuair a chonaic mé Máirtín Ó Cadhain i dtosach an tslua, thit an lug ar an lag agam.

‘Gearrfaidh sé seo go dtí an chnámh muid’, arsa mise liom féin. Ba léir go raibh an-dóchas ag an bhfreasúra a bhí againn gur mar sin a bheadh.

A mhalairt ar fad a tharla.

D’éirigh an Cadhnach ina sheasamh. “Tá mise a cheapadh go bhfuil cuid mhór den cheart ag Mac Uí Fhionnghaile,” a dúirt sé, “agus dá mbeadh breith ar ár n-aiféala ag cuid againn, b’fhéidir gur thiar a d’fhanfadh muid.”

Bhí díospóireacht na hoíche sin thart.

Is é an trua nach raibh eolas agam an oíche chéanna ar an gcaoi ar láimhsigh Pádraig Mac Piarais ábhar mar é sa mbliain 1912. Sílim gur fiú an méid a dúirt sé a fhoilsiú anseo:

“An uair a cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun, ba cheart do gach duine dár lean é a chúl a thabhairt ar an gcathair agus a aghaidh a thabhairt ar an tuath…Ba cheart dó a dhul i measc na ndaoine a raibh an Ghaeilge acu agus fanúint ina measc. Ba cheart dó gnó éigin a tharraingt chuige as a saothródh sé a oiread agus a choinneodh beo é, agus bheith sásta leis an méid sin. Ba cheart go rachadh na filí agus a lucht oirfididh ag siúl na mbóthar agus bheith ag dul ó theach go teach ag aithris a gcuid dán nó ag casadh a gcuid ceoil do na daoine, agus bheith sásta le iostas na hoíche ina dhíolaíocht sin.

“Ba cheart go dtiocfadh buíon le chéile agus dul ar fud na Gaeltachta ag léiriú drámaí i nGaeilge. Ba cheart go ngeobhadh buíon eile lena n-ais leatrom Gael a chású i nGaeilge agus misneach Gael a mhúscailt agus Gaeil a ghríosú in aghaidh Gall.

“Dá ndéantaí an méid sin agus tuilleadh dá shaghas, is baolach go mbeadh cuid dínn níos boichte ná atáimíd agus cuid eile dínn marbh den ocras agus den anó ach do Bheadh an Ghaeilge Sábháilte Againn. Agus nach sin a bhí uainn?”

Fág freagra ar 'An Cadhnach, an Piarsach agus ‘Iosrael in Iarchonnacht’'

  • padraig

    “Dá ndéantaí an méid sin agus tuilleadh dá shaghas, is baolach go mbeadh cuid dínn níos boichte ná atáimíd agus cuid eile dínn marbh den ocras agus den anó ach do Bheadh an Ghaeilge Sábháilte Againn. Agus nach sin a bhí uainn?”
    A Thiarcais, nach in idéalachas agat! Dá mairfeadh spiorad an Phiarsaigh beo inniu!