An bunaithe ar bhrabús atá saol na Gaeilge ó bhun go barr? Bímis macánta ina thaobh…

Tá aithne againn go léir ar dhaoine áirithe i saol na Gaeilge nach raibh smaoineamh nua acu le dhá scór bliain anuas, ach murab ionann is McDonalds ní fhéadfá a rá gur dúil san airgead a spreag foilsitheoirí na Gaeilge

digital book

An bhfuil rud éigin le foghlaim againn ón mbuíon sin ar a dtugtar na Gairtéir Iarainn

Cé hiad féin, na Gairtéir Iarainn seo? Foighne, a dhuine. Nochtfar an rún go luath.

Má chuala tú trácht ar Punctum Books (uaimse anseo cheana, nó ó fhoinse eile) beidh a fhios agat go bhfuil na leabhair ón bhfoilsitheoir sin le híoslódáil saor in aisce.

Tá an oiread sin acmhainní ar fáil saor in aisce na laethanta seo – ceol, scannáin, ealaín, ábhar léitheoireachta agus mar sin de – níl ann ach ceist ama go mbeidh leabhair Ghaeilge againn saor in aisce. Is leor comhlacht foilsitheoireachta amháin chun an chéad chéim a ghlacadh agus beidh ar an gcuid eile acu é a leanúint, luath nó mall. Conas a mhairfidh siad gan ceannaitheoirí leabhar? Múineann gá seift.

Útóipeach mé. Creidim gur chóir go mbeadh bunriachtanais an tsaoil ar fáil againn gan dua gan streachailt – agus áirímse leabhair i measc na mbunriachtanas sin; bíodh do liosta féin agat – dídean, bia, teas, uisce, córas iompair agus eile. Beidh an mana sin agam (i nGaeilge ar ndóigh) don lucht canbhasála a thagann go dtí an doras. Ní fada uainn an toghchán.

Smaoineoidh a lán polaiteoirí ar 2015 mar Bhliain an Uisce. Chuir sciar mhaith de mhuintir na hÉireann in aghaidh Uisce Éireann agus iad á rá gur cur amú airgid ab ea é nuair b’fhearr go mór an t-airgead a chaitheamh ar an infreastruchtúr agus ar chosaint in aghaidh tuilte agus truaillithe. Bhí an chuma ar an scéal go raibh príobháidiú ar aigne ag an rialtas agus ghoill sé sin ar a lán. Níl a fhios ag éinne an dochar a dhein Reagan agus Thatcher, an bheirt a chomáin príobháidiú über alles. Mac le Reagan agus Thatcher é Phil Hogan – Philfidh an feall ar an bhfeallaire!

Samhlaím go dtiocfaidh an lá nuair a iompóidh muintir an domhain in aghaidh an chaipitleachais agus in aghaidh an bhrabúis agus beidh fáil go forleathan ar acmhainní a gcaithfimid íoc astu faoi láthair, leabhair san áireamh.

Cuirfidh mé mar seo é: airgead agus brabús seachas grá don chine daonna a spreag comhlachtaí móra ar nós McDonalds, Ford agus mar sin de. Ach ní fhéadfá a rá gur dúil san airgead a spreag foilsitheoirí na Gaeilge. Idéalachas éigin a spreag iad. Ba mhinic Sáirséal & Dill an-ghann ar airgead. Ní shamhlóinn gur brabús is mó a bhí ar aigne ag Coiscéim, ná ag Cló Iar-Chonnacht ach oiread, ach meas ar an bhfocal scríofa, meas ar an teanga, freagracht i leith an dúchais.

I sochaí iarchaipitlíoch, bheinn ag súil go mbeadh na luachanna céanna sin beo i gcónaí – nó níos láidre ná riamh. I sochaí iarchaipitlíoch, tar éis an tsaoil – sochaí Útóipeach – ní ag an rialtas, ná ag ranna rialtais ná ag na corparáidí ilnáisiúnta a bheidh an chumhacht ach ag na daoine agus má tá leabhair saor in aisce uathu, cuirfear leabhair saor in aisce ar fáil dóibh. Sinn féin a dhéanfaidh é. Cuid de chomhar na gcomharsan a bheidh ann, más mian leat. Agus más aisling shaonta í sin, is cuma liom; níl faic cearr le hútóipeachas. 

Mheas Kropotkin nach raibh córas níos fearr ann ná comhar na gcomharsan. Ar chuir an córas caipitilíoch deireadh ar fad leis? Cad faoin meitheal? An scéal céanna?

Ar aon chuma, Ravish the Republic an teideal atá ar leabhar breá de chuid Punctum Books agus ní duine amháin ach scata a scríobh, dream a thugann Iron Garters orthu féin, bail ó Dhia is ó Mhuire orthu. Féachann siad orthu féin mar choirpigh seachas mar shaoránaigh mheasúla. Is féidir súil a chaitheamh ar an leabhar anseo.

Má thuigim i gceart iad, tá na Gairtéir Iarainn ar mo nós féin, bréan den bhrabús, an brabús atá laistiar de gach aon ní. Sin a deir an Rúnaí, Michael L. Berger, sa Réamhrá spreagúil atá leis an leabhar seo: ‘Daily, we saw our San Francisco over-determined and overrun by the tyrannies of profit, luxury, security and privileged homogeneity . . .’’ Níl mórán abairtí mar sin á scríobh sa Ghaeilge inniu, an bhfuil? Seans go mbeidís á scríobh ag Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta, Máirtín Ó Cadhain ach ní líonmhar iad a gcomharbaí.

An bunaithe ar bhrabús atá saol na Gaeilge ó bhun go barr? Bímis macánta ina thaobh. Tá aithne againn go léir ar dhaoine áirithe i saol na Gaeilge nach raibh smaoineamh nua acu le dhá scór bliain anuas. Cuirtear amach ar féarach iad in ainm Chroim.

Ní i saol na Gaeilge amháin atá siad “gníomhach” ach i ngach earnáil den tír seo, sa státseirbhís cuir i gcás. Aithnítear iad ar cháilíocht amháin: is dóigh leo nach bhfuil faic le foghlaim acu. Tá an-chuid le foghlaim ag gach neach beo agus is féidir méid áirithe a fhoghlaim ó na daoine sin nár stop ag déanamh anailíse ar an domhan ina mairimid – na Gairtéir Iarainn. 

Ní ag smaoineamh amháin atá siad. Tugann siad innealtóirí cultúrtha orthu féin – i measc rudaí eile. Is sabaitéirí iad. Smuigléirí. N’fheadar cad a thabharfá orthu ach tá siad ar tinneall le fuinneamh fileata éigin. Gus. Misneach. Rómánsachas. Brí. Fís.

Is maith liom an abairt seo: ‘All judgement is predicated on economic logic these days; whatever saves us from risk, expenditure, inconvenience, attentiveness is deemed the preferred currency. . .’ Agus cad a chuirfidís ina áit? Cad a chuirfeása ina áit? Fúinn féin atá sé é sin a fhreagairt.