An buiséad a thabharfaidh an chéad léargas ar roghanna crua an rialtais

Is féidir iasachtaí a fháil ach diúltaíonn iasachtóirí airgead ar chostas íseal a thairiscint do rialtas mura mbíonn muinín acu as

An buiséad a thabharfaidh an chéad léargas ar roghanna crua an rialtais

Tá tionchar an choróinvíris soiléir i ngach cathair agus baile sa tír. Bíonn cosúlacht na mochmhaidine ar na sráideanna i gcaitheamh an lae mar gheall ar shiopaí dúnta agus toisc lear mór daoine a bheith fós ag obair ina dtithe féin.

Tá lucht gnó agus oibrithe ar a ndícheall agus tréan-iarracht á déanamh acu beocht a choimeád i saol eacnamaíochta na tíre, ach níl ar a gcumas ach an dochar a mhaolú. Bheadh a bhformhór ábalta an fód a sheasamh ar feadh achair eile dá mbeadh údar cruinn dóchais acu go mbeadh deireadh leis an ngéarchéim tar éis tréimhse áirithe. Ní hamhlaidh atá, faraor.

Faoi láthair tá os cionn trí cheathrú milliún duine (agus a dteaghlaigh) ag brath ar shochair rialtais de chineál éigin toisc go bhfuil siad as obair, nó toisc go bhfuil a gcuid oibre ag brath ar thacaíocht stáit do chomhlachtaí atá faoi bhrú. Beidh €30 milliún ar a laghad faighte ar iasacht ag an rialtas faoi dheireadh na bliana seo leis an maoiniú breise sin a theastaíonn mar gheall ar an ngéarchéim a chur ar fáil.

Tá na saoithe eacnamaíochta ar aon tuairim: is fearr iasacht ná gearradh siar mar leigheas ar an ngéarchéim seo – cé gurbh é a mhalairt a dúirt a bhformhór tar éis ghéarchéim 2008-10. Tá sé d’ádh ar an rialtas, a deir siad anois, go bhfuil dea-cháil airgeadais ar an tír agus go bhfuil iasachtaí ar fáil ar chostas íseal faoi láthair.

Má ghlactar leis nach acmhainn don rialtas teacht i gcabhair ar gach gnó atá i sáinn, níl ganntanas dáiríre ag cur isteach ar thoil an rialtais tacú le comhlachtaí a síltear seans réasúnta a bheith acu teacht as an ngéarchéim. Ach mar is léir do gach duine stuama sa tír, de réir an chéile tá tobar an dóchais ag dul i ndísc i mórán áiteanna – fiú amháin má chuirtear na tithe tábhairne agus gach gnó a bhraitheann ar thurasóirí as an áireamh.

Chuir páirtithe an chomhrialtais a gclár rialtais le chéile ar bhonn dóchais. Thugadar le fios, fiú murar fhógair siad é sin go soiléir, go mbeidís, ar a laghad, ábalta cuid mhór den dochar a bhí ag bagairt ar an tír a mhaolú. Ainneoin míshuaimhneas a bheith ar mhórán, bhí súil ag ár mbunáite go ndéanfaidís amhlaidh.

Is léir cheana féin áfach go bhfuil an crú ag teacht ar an tairne, mar shampla, d’fhógair an rialtas an mhí seo caite go gcuirfí deireadh leis na sochair éigeandála fostaíochta ag deireadh an Mhárta 2021.

D’admhaigh Leo Varadkar Dé Luain go mbeadh an buille a thabharfaí don gheilleagar i bhfad níos troime agus níos fadtéarmaí ná mar a síleadh nuair a bhí margadh á dhéanamh idir páirtithe an chomhrialtais. Aistriú: ‘ní raibh fonn orainn aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne lom roimhe seo; níl aon dul as anois againn ach pleanáil dá réir.’

Beidh deireadh go follasach leis an gcur i gcéill faoin am a bhfógrófar an buiséad, nó ba chóir go mbeadh. Is féidir leis an rialtas, agus go deimhin ba chóir dóibh, airgead a fháil ar iasacht chun cur le caiteachas ar réimsí áirithe (an tseirbhís sláinte thar aon rud eile).

Ach cuimhneoidh airí agus státseirbhísigh ar cheacht amháin a d’fhoghlaim rialtas na hÉireann deich mbliana ó shin.  Diúltaíonn iasachtóirí airgead ar chostas íseal a thairiscint do rialtas mura mbíonn muinín acu as.

Ní foláir roghanna crua a dhéanamh chun diúltú a bheadh chomh cinniúnach céanna a sheachaint.

Fág freagra ar 'An buiséad a thabharfaidh an chéad léargas ar roghanna crua an rialtais'