An bua ag foirne Chorca Dhuibhne agus Mhúscraí ach idir mhaith agus olc d’fhir Chonamara

Cuireadh tús le craobhacha peile i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo agus torthaí idir mhaith agus olc a bhí ann d’fhoirne na Gaeltachta

An bua ag foirne Chorca Dhuibhne agus Mhúscraí ach idir mhaith agus olc d’fhir Chonamara

Gaillimh

I gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe, bhí torthaí idir mhaith agus olc ag foirne na Gaeltachta. Bhí bua drámatúil ag peileadóirí an Spidéil ar Bhaile an Mhuilinn inné ina gcluiche sa chéad bhabhta. Sé phointe chun deiridh a bhí an Spidéal ag leath ama, 0-4 in aghaidh 0-10, ach rinneadar teacht aniar iontach sa dara leath. Bhí na foirne cothrom in am cúitimh ach fuair Finnian Ó Laoi an scór cinniúnach don Spidéal chun bua thar a bheith tábhachtach a chinntiú dóibh.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an gCeathrú Rua agus iad i gcoinne Eanach Dhúin i Staid an Phiarsaigh. Rinne Eanach Dhúin scrios sna chéad deich nóiméad, iad 1-5 in aghaidh 0-0 chun cinn, agus chinn ar an gCeathrú Rua teacht aniar. Scóráil Damien Comer 0-6 agus Frankie Burke 1-5 d’Eanach Dhúin agus an cluiche buaite acu leis an scór 1-20 in aghaidh 1-6.

Tráthnóna Dé Sathairn a chuir seaimpíní 2020, Maigh Cuilinn, tús lena bhfeachtas craoibhe i mbliana. Tús maith a bhí ann freisin agus an ceann is fearr faighte acu ar Bhaile Chláir i ngéarchoimhlint, 2-13 in aghaidh 1-15. Peter Cooke agus Dessie Conneely a fuair na cúil do Mhaigh Cuilinn agus d’éirigh leo teacht aniar sa dara leath agus Baile Chláir a chur de dhroim seoil.

Finnian Ó Laoi an Spidéil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dé Sathairn freisin a bhí Bearna, an fhoireann eile sa ghrád sinsir i mbliana, ag dul chun páirce in aghaidh Chora Finne ach níor éirigh leo teacht aniar aduaidh ar bhoic mhóra na Gaillimhe. D’aimsigh Dylan Canney cúl do Chora Finne sa chéad leath chun iad a chur chun cinn ag an mbriseadh agus ocht gcúilín a bhí idir na foirne ar deireadh, 1-12 in aghaidh 0-7.

Sa Chraobh Idirmheánach i nGaillimh, bhí an bua ag an dá fhoireann Gaeltachta i nGrúpa A. Bhí an-bhua ag Micheál Breathnach Dé Sathairn ar Áth Cinn, 2-13 in aghaidh 2-10. Scóráladh na ceithre chúl i dtréimhse cúig nóiméad ag deireadh an chluiche. Rónán Mac Donnacha agus Dinny Ó hÉallaithe a rinne an beart do na Breathnaigh agus ba iad a bhí ag ceiliúradh ar shéideadh na feadóige deiridh.

Bua níos éasca a bhí ag Naomh Anna, Leitir Móir in aghaidh Naomh Gabriel, 1-17 in aghaidh 2-6. Evan Ó Flatharta a scóráil an cúl do Naomh Anna sa chéad leath agus cé gur ghéilleadar dhá chúl sa dara leath, bhí fir Cheantar na nOileán fós rómhaith dá gcéilí comhraic.

Inné a bhí an cluiche idir Oileáin Árann agus Cill Chonla ar siúl. Scóráil Tyler Ó Flaithearta cúl d’Oileáin Árann chun na foirne a chur ar comhscór leath bealaigh tríd an dara leath ach chríochnaigh Cill Chonla le trí phointe as a chéile agus bhí an lá leo, 2-11 in aghaidh 1-11.

Ciarraí

I gCraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí, bhuaigh Daingean Uí Chúis in aghaidh Uí Cheirín-Uí Rathaille in Abhainn an Scáil, 0-18 in aghaidh 0-12. Muintir Geaney a fuair tromlach na scóranna agus trí phointe dhéag a fuair an cúigear acu eatarthu: Paul (0-4), Conor (0-4), Dylan (0-2), Niall (0-2) agus Mikey (0-1).

Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Sa Chraobh Idirmheánach, bhí bua maith ag an nGaeltacht ar Fhánaithe na Leamhna. Sé phointe chun tosaigh a bhí foireann na Gaeltachta ag leath ama, 0-11 in aghaidh 1-2, agus cé go bhfuair Fánaithe na Leamhna cúl eile sa dara leath, bhí fir Chorca Dhuibhne rómhaith dóibh agus a gcéad chluiche craoibhe buaite acu faoi cheannas a mbainisteora nua, Micheál Ó Sé.

Níor éirigh chomh maith céanna le Piarsaigh na Dromoda i nGrúpa 1 na craoibhe, áfach, agus theip orthu scóráil sa dara leath i gcluiche in aghaidh Chill Chuimín a chríochnaigh 0-13 in aghaidh 1-3.

Corcaigh

Bhí an bua ag foirne peile Mhúscraí ina gcluichí craoibhe an deireadh seachtaine seo. Chuir Béal Átha an Ghaorthaidh tús maith lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir A Chorcaí agus an ceann is fearr faighte acu ar na Dubhchonnaigh, 2-14 in aghaidh 1-8. Bhí siad 1-4 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama tar éis do Chonchúr Ó Loingsigh an cúl a scóráil agus fuair Seán Ó Luasa ceann eile sa dara leath tar éis dó teacht isteach mar ionadaí. D’aimsigh Ben Seartan sé phointe, cúig cinn acu ón imirt.

Dan Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ba é Dan Ó Duinnín laoch Chill na Marta inné agus 1-5 scóráilte aige i mbua cumasach na foirne in aghaidh Raonaithe Nemo, 3-16 in aghaidh 2-8, sa chéad bhabhta de Phríomhchraobh Idirmheánach Peile Chorcaí. 3-10 ar fad a scóráil muintir Dhuinnín sa chluiche – 1-3 faighte ag Shane agus 1-2 scóráilte ag Ciarán.

Bua cúig phointe a bhí ag Naomh Abán ar Mhaigh Chromtha Dé Sathairn, 1-18 in aghaidh 2-10. Bhí tionchar Daniel Uí Cheallaigh ar an gcluiche cinniúnach agus fuair sé 1-2 nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí. Bhí na foirne ar comhscór agus ceathrú uaire fágtha ach d’fhág cúl Uí Cheallaigh tar éis 57 nóiméad go mbeadh an lá le fir Bhaile Bhuirne.

Port Láirge

Chaill fir na Rinne a gcéad chluiche i gCraobh Idirmheánach Iomána Phort Láirge inné agus an ceann is fearr faighte ag an gClais Mhór/Cionn tSáile le haon phointe amháin, 1-19 in aghaidh 1-18. Bhí an Rinn ag brath ar bhuillí saora Oisín Uí Cheallaigh chun scóranna a fháil ar feadh cuid mhaith den chluiche ach bhí seans acu an cluiche a bhaint nuair a scóráil Fearghal Ó Cuirrín cúl dóibh tar éis 53 nóiméad ach ba é Paul O’Connor na Claise Móire/Chionn tSáile a fuair an scór cinniúnach chun an cluiche a bhuachan.

An Mhí

I gCraobh Shinsir Iomána na Mí, bhí an lá le Clann na nGall sa chath Gaeltachta le Bhulf Tón. Bua cumasach, 3-28 in aghaidh 2-15, a bhí ag foireann Ráth Chairn/Bhaile Átha Buí Dé Sathairn i Muileann an Chláir.

 

Fág freagra ar 'An bua ag foirne Chorca Dhuibhne agus Mhúscraí ach idir mhaith agus olc d’fhir Chonamara'