An bua ag daltaí an Spidéil agus na Ceathrún Rua ag craobh díospóireachta na hÉireann

Bhuaigh Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal Rannóg na Sinsear agus thug Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua leo Rannóg na Sóisear ag Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn a bhí ar siúl i nGaillimh aréir

An bua ag daltaí an Spidéil agus na Ceathrún Rua ag craobh díospóireachta na hÉireann

Scoileanna as Conamara a bhí ag ceiliúradh ag babhta ceannais Chomórtas Náisiúnta Díospóireachta Uí Chadhain aréir agus craobh na hÉireann ar siúl i nGaillimh den chéad uair riamh.

Bronnadh Corn Gael Linn agus duais €1,000 ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a raibh an bua acu i Rannóg na Sinsear den chomórtas bliantúil a eagraíonn Gael Linn.

Cainnear Nic Réamoinn, Oisín Ó Coisdealbha agus Seán Ó Gallchobhair a rinne an beart do scoil an Spidéil agus iad ag labhairt i bhfabhar an rúin, Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht!‘.

Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Eoin as Baile Átha Cliath a bhí san iomaíocht i Rannóg na Sinsear leo.

Seán Ó Gallchobhair, Oisín Ó Coisdealbha agus Cainnear Nic Réamoinn, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a bhuaigh comórtas na sinsear ag Craobh Náisiúnta Díospóireachta Gael Linn, Comórtas Uí Chadhain, agus iad in éineacht  le Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh

Bhí muintir Chonamara ag ceiliúradh freisin níos túisce tráthnóna in Óstán Bhóthar na Trá nuair a thug foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua leo an chraobh i Rannóg na Sóisear.

Ba iad Mikalya Ní Chuanaigh, Ailbhe Ní Mhurchú agus Aedín Ní Mháille a thug leo Corn Uisne agus an duais €1,000 do scoil na Ceathrún Rua agus iad ag labhairt in aghaidh an rúin Tá cúis ghearáin ag feirmeoirí na hÉireann!‘.

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Coláiste Eoin a bhí san iomaíocht i Rannóg na Sinsear le Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Aedín Ní Mháille, Mikalya Ní Chuanaigh, agus Ailbhe Ní Mhurchú as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua a bhuaigh comórtas na sóisear ag Craobh Náisiúnta Díospóireachta Gael Linn, Comórtas Uí Chadhain, a bhí ar siúl aréir in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh a rinne cathaoirleacht ar an ócáid agus ina chuid cainte mhol sé ardchaighdeán Gaeilge, cumas agus teacht i láthair na ndaoine óga ar fad as an nGaeltacht agus lasmuigh di.

Mhol sé dóibh cuimhneamh ar na deiseanna fostaíochta a bheadh sa nGaeltacht amach anseo i réimsí éagsúla, ina measc an ardteicneolaíocht, eolaíochtaí beatha, innealtóireacht agus printíseachtaí den uile chineál.

Mhínigh sé dóibh an tábhacht a bhí leis na hacmhainní nádúrtha a fhorbairt agus le plean Údarás na Gaeltachta do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Iadsan a choinneodh an Ghaeltacht agus an teanga beo amach anseo agus postanna den scoth ar fáil dóibh sa nGaeltacht, a dúirt sé leis an lán halla de Ghaeilgeoirí óga a bhí páirteach nó ag freastal ar chraobh na hÉireann sa díospóireacht.

Fág freagra ar 'An bua ag daltaí an Spidéil agus na Ceathrún Rua ag craobh díospóireachta na hÉireann'