An bua ag Conamara i gcath na gCeannfort

Tá ceannfort nua i mbun dualgais sa Chlochán i gConamara in ainneoin go raibh a mhalairt beartaithe

An bua ag Conamara i gcath na gCeannfort

Bhí an bua ag pobal Chonamara – go dtí seo ar chuma ar bith – i gcath na gCeannfort.

Nuair a aistríodh an Ceannfort Ernie White isteach as an gClochán go Ceannáras nua na nGardaí ar imeall thoir chathair na Gaillimhe bhí an chosúlacht ann nach lonnófaí duine ar comhchéim leis i gConamara aríst.

Go deimhin, is beag nach raibh an teideal neamhoifigiúil ‘An Super deiridh sa gClochán’ bronnta ag muintir na háite ar White. 

De réir tuairiscí bhí múnla nua dá chur ar an leagan amach a bheadh ar chóras na nGardaí i gContae na Gaillimhe feasta agus moltaí ann go mbeadh Ceannfort a bheadh lonnaithe “den chuid is mó” i stáisiún Bhóthar na Trá ina cheann feadhna do Chonamara uilig freisin. 

Athrú ollmhór a bheadh ann do Chonamara mura mbeadh Ceannfort lonnaithe sa gClochán, mar a bhíodh le blianta fada.  Is é stáisiún Gardaí an Chlocháin an cheanncheathrú don taobh tíre soir ó thuaidh chomh fada leis an bhFairche agus ó dheas as sin go dtí an Teach Dóite agus siar thimpeall Chill Chiaráin agus Charna.

Nuair a aistríodh an Ceannfort Ernie White go Gaillimh tugadh an chéim Bleachtaire Ceannfort dó do réigiún Chontae na Gaillimhe uilig agus beartaíodh go mbeadh formhór na gCeannfort lonnaithe sa gceannáras nua sa chathair feasta. 

Ag cruinniú de Choiste Póilíneachta na Gaillimhe an mhí seo caite tugadh le fios nach mbeadh Ceannfort lonnaithe feasta sa gClochán ná i dTuaim, ach cuireadh aguisín leis an scéal sin i nDáil Éireann cúpla lá i ndiaidh an chruinnithe sin.  I bhfreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív air, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan, T.D. nach raibh ísliú céime dá thabhairt don Chlochán.  Lena chois sin, bheadh Coimisinéir Gníomhach na nGardaí ag déanamh a chuid machnaimh ar cheapachán Ceannfoirt sa gClochán, a dúirt an tAire.  Is é Dónal Ó Cualáin, arb as Carna ó dhúchas dó, an Coimisinéir Gníomhach go fóill.

Ní túisce an cheist freagartha gur fhógair Oifig an Choimisinéara go raibh an Ceannfort Damian Flanagan ceaptha sa gClochán.  Dúirt urlabhraí i nGaillimh go bhfuil an Ceannfort Flanagan i mbun dualgais i gConamara anois agus go bhfuil an cigire a bhí i gceannas ar stáisiún an Chlocháin ar bhonn sealadach aistrithe ar ais go Gaillimh.

Ceaptar gur baineadh cor as na húdaráis i nGaillimh de bharr ceapachán an Cheannfoirt sa gClochán.  Ba chosúil go rabhthas tosaithe ar mhúnla píolótach i nGaillimh a d’fhágfadh go mbeadh iarthar na contae uilig gan aon Cheannfort Gardaí lonnaithe ann.

Ach tá an socrú déanta anois ag an gCoimisinéir Gníomhach agus tá stádas Stáisiún an Chlocháin ar ais mar a bhí sé.

Níl a fhios cén chaoi a bheidh an múnla nua do sheirbhís na nGardaí sa deireadh, ach dúirt foinsí i gcathair na Gaillimhe go bhfuil an obair agus leagan amach dá dhéanamh air sin fós.

Idir an dá linn, tá buille buailte ar son Chonamara agus meastar go mbeidh sé níos deacra iarthar an chontae a fhágáil gan Ceannfort i ndiaidh na heachtra seo.

Fág freagra ar 'An bua ag Conamara i gcath na gCeannfort'

  • Tuairisg

    Céard é an Gaeilge ar “unbiased”?

    Ah, céard atá orm? Ní bheadh a fhios agaibh!