An bua ag cáilín óg as Conamara a bhaist ‘Dialann Dúradáin’ ar ‘The Diary of a Wimpy Kid’…

Is í Aisling Ní Fhlatharta, as Scoil Náisiúnta Thír an Fhia i gConamara a bhuaigh comórtas Futa Fata teideal a thabhairt ar an aistriúchán nua Gaeilge de ‘The Diary of a Wimpy Kid atá le seoladh an mhí seo chugainn

diary of a wimpy kid
Radharc ón leagan scannáin de ‘The Diary of a Wimpy Kid’

Tá an comórtas a bhí ar siúl ag an bhfoilsitheoir Futa Fata chun teideal a roghnú don leagan nua Gaeilge den leabhar The Diary of a Wimpy Kid buaite ag Aisling Ní Fhlatharta as Tír an Fhia i gConamara.

Dialann Dúradáin an teideal a chum Aisling don leabhar iomráiteach a bhfuil Gaeilge curtha air ag Máirín Ní Mhárta as an gCeathrú Rua. Roghnaíodh an teideal a mhol Aisling mar go bhfuil gonta agus toisc go bhfuil “rithim agus fuaim cheolmhar aige”, a dúirt Futa Fata.

“Thaitin [na moltaí] Scríbhinn Séacla linn agus Dialann Dúramáin. Ach an ceann ba dheise linn ar fad ó thaobh fuaime, rithime agus brí, ceann a thug leis gné lárnach de charachtar Greg Heffley ná Dialann Dúradáin. I measc na mbríonna atá ag Foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person’,” a dúradh.

Cuireadh tús leis an gcomórtas an mhí seo caite nuair nach raibh foireann Futa Fata in ann a theacht ar chomhaontú faoin teideal Gaeilge a bheadh ar an leabhar. Dúirt stiúrthóir an chomhlachta, Tadhg Mac Dhonnagáin, go raibh teideal uathu a luífeadh le pearsantacht an ‘Wimpy Kid’ féin.

“Bhí muid ag cuartú teidil a thabharfadh léargas ar nádúr an phríomhcharachtair an leabhair, Greg Heffley – tá sé ag iarraidh go mbeadh clú agus cáil a bheith air, tá sé ag iarraidh bheith ar an duine is mó ar scoil a bhfuil aird agus meas air. Ach ní go rómhaith atá ag éirí leis an stádas sin a bhaint amach,” a dúirt sé.

Dúirt Futa Fata gur cuireadh “an-suim” sa chomórtas agus go bhfuarthas iarratais ó cheann ceann na tíre. I measc na moltaí eile a cuireadh isteach bhí ‘Dialann Ghreannmhar Ghreg’, ‘Dialann Rógaire Gheanúil’, agus ‘Dialann an Phleibín’.

Ba léir, a dúirt Futa Fata, gur chaith roinnt daoine an-dua agus iad ag iarraidh an focal ‘wimpy’ a chur i nGaeilge ar bhealach cruthaitheach. Bhí moltaí eile ann ar nós ‘Dialann Leaid Óg Gan Cnámh Droma’ agus ‘Dialann Ógánaigh a Chaill a Mhojo’.

Gheobhaidh Aisling Ní Fhlatharta luach €500 de leabhair ó Futa Fata do leabharlann a scoile, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia i gContae na Gaillimhe.

Beidh Dialann Dúradáin á sheoladh ar an 3 Márta, Lá Domhanda na Leabhar, i Siopa Easons ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ag 11rn. Beidh aistritheoir an leabhair, Máirín Ní Mhárta, i láthair ag an ócáid le sleachta a léamh agus le cóipeanna a shíniú.

Fág freagra ar 'An bua ag cáilín óg as Conamara a bhaist ‘Dialann Dúradáin’ ar ‘The Diary of a Wimpy Kid’…'