Séanann polaiteoirí an fhírinne uaireanta. Ach tuigeann a bhformhór luath nó mall nach foláir drochscéala a chur faoi bhráid an phobail ar dhóigh éigin.
An rud is annamh is iontach: an fhírinne lom a admháil go hiomlán, gan mhoill.
Nó í a nochtadh de réir a chéile.
Nó í a fhógairt in éineacht le dea-scéala.
Nó í a sheachaint chomh fada agus is féidir.
Chonaic muintir na hÉireann samplaí den chur chuige deireanach atá luaite sa liosta thuas, go háirithe nuair a bhí riar an státchiste ag dul ó smacht sna blianta roimh 2008. Thug Morgan Kelly, George Lee agus corrdhuine cróga eile rabhadh roimh ré go raibh athrú polasaí de dhíth. Tugadh an chluas bhodhar dóibh go dtí go raibh sé ródhéanach.
Tá sampla eile de sheachaint na fírinne á léiriú féin sa Bhreatain. De réir a chéile, tá difríocht mhór á léiriú idir an cineál Breatimeachta a tairgeadh don phobal i reifreann 2016 agus an cineál Breatimeachta atá ar fáil dáiríre.
Pléitear an tAontas Eorpach go minic sa Bhreatain amhail is dá mbeadh dream neamhthofa i mbun comhcheilge sa Bhruiséil chun saoirse dhaonlathach na Ríochta Aontaithe a chur faoi chois. Is é sin, go mbreathnaítear ar fheidhmeannaigh Choimisiún na hEorpa mar dhream a dhéanann gach dícheall leis an mBreatain a chur faoi smacht na Gearmáine.
Fiú i measc vótóirí ar mian leo fanacht san Aontas Eorpach, bíonn míthuiscint agus aineolas follasach go minic. Sampla maith de sin na comhráite a bhí ag an tuairisceoir seo le Sasanaigh, cuid acu a bhí i bhfabhar agus cuid acu a bhí in aghaidh imeacht as an Aontas Eorpach, in 2016.
Shíl a mbunáite go raibh lánchead ag na ‘Brussels Bureaucrats’ riail ar bith nó polasaí ar bith a chur i bhfeidhm de réir mar ba thoil leo féin. Ní raibh a fhios ag a bhformhór nach féidir dul chun cinn le beartas nua ar bith d’uireasa thacaíocht na mballstát (le móramh nó d’aon ghuth) agus Pharlaimint na hEorpa.
Ba dhoimhne na bréaga a d’inis polaiteoirí agus formhór na nuachtán roimh an reifreann. Ba léir do pholaiteoirí neamhchlaonta agus do mhórán daoine neamhchlaonta i dtíortha eile nach raibh seans dá laghad ann go mbeadh Breatimeacht mar a bhí á ghealladh ar fáil – is é sin le rá Breatimeacht ina mbeadh (1) scaradh iomlán ón Aontas Eorpach i bhfeidhm laistigh de thréimhse ghairid agus (2) conarthaí trádála sínithe gan mhoill leis an Aontas Eorpach agus le tíortha eile, conarthaí a bheadh níos fearr ó thaobh coinníollacha de ná na conarthaí idir na tíortha sin agus an tAontas Eorpach.
Níl Theresa May slán ó mhilleán toisc gur thug sí le fios ar feadh i bhfad go bhféadfaí aisling an Bhreatimeachta seo a bhaint amach. Sheachain sí an fhírinne go dtí nach raibh aon dul as aici ach dul ar mhalairt cúrsa.
Ródhéanach a thug sí aghaidh ar ghnáthrogha an pholaiteora tráth a mbíonn nochtadh na fírinne dosheachanta: í a nochtadh de réir a chéile.
Dá mbeadh sé ar a cumas an fhírinne a fhógairt in éineacht le dea-scéala, b’fhéidir nach mbeadh easaontas ná achrann chomh mór ag bagairt uirthi anois. Faraor, níl a leithéid ar fáil. Ródhéanach a thug sí aghaidh ar an bhfírinne dhosheachanta.
Tá an fhírinne á seachaint nó á lúbadh fós ag naimhde ar chaon taobh di.
Agus tá an clog ag bualadh i gcónaí. Beidh an fhírinne soiléir do chách i gceann 135 lá, ar an 29 Márta, lá an Bhreatimeachta.
Aonghus
Britannia Rues the Ways!
Magaoidh
Tá sé in am ag muintir na hÉireann léirsithe a dhéanamh i ngach chontae ar an teorann. Tá pobal na hÉireann i mbaol mura bhfuil socrú faoin teorann.
An Teanga Bheo
Breatimeacht ag rialú farraigí arda