Thug Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, óráid láidir uaidh sa Dáil agus é ag cur fáilte roimh Michel Barnier, príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh sna cainteanna i dtaobh an Bhreatimeachta.
Leag Adams béim faoi leith ar sheasamh Shinn Féin in aghaidh Éire a dhul isteach san Aontas i 1973, agus mheabhraigh sé dúínn gur chuir an páirtí i gcoinne gach leasú ar chonarthaí an Aontais ar an údar gur bhain ballraíocht san Aontas de chumhacht mhuintir na hÉireann agus flaitheas na tíre píosa ar phíosa.
Mhínigh sé nach raibh Sinn Féin sásta leis an Aontas mar atá is gur mhaith leo athchóiriú a dhéanamh air, cé nár mhínigh sé cén cineál athchóirithe a bhí i gceist aige.
Dúirt sé go lom gur páirtí Poblachtach a bhí i Sinn Féin, páirtí a sheasann le prionsabail 1916.
Ní bheadh sé sásúil, a dúirt sé, cuid d’Éirinn bheith istigh san Aontas agus cuid eile a bheith amuigh, agus dúirt sé nach mbeadh sé sásúil ar chor ar bith teorainn chrua a bheith ann ar oileán na hÉireann.
Ba ar an údar sin a bhí Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh stádas sainiúil ag na Sé Chontae taobh istigh den Aontas Eorpach ó thaobh na heacnamaíochta fad is a bheadh stádas bunreachtúil acu mar chuid den Ríocht Aontaithe go dtí go vótálfadh an pobal ina choinne sin.
Tá an ráiteas seo tábhachtach, mar tá ráitis déanta ag urlabhraithe eile de chuid Shinn Féin, Martina Anderson ach go háirithe, óna dtuigfí gur ballraíocht san Aontas Eorpach an t-aon sprioc a shásódh mian mhuintir na hÉireann.
Is cosúil nár thuig na hiriseoirí ná na tráchtairí tábhacht na hóráide seo mar ní raibh aon phlé ann fúithí seachas tagairtí don mholadh sin i dtaobh stádas speisialta.
Ach ba léir nár thaitin sé le Mícheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil. “Níl aon am agam,” a dúirt sé, “do thuairimi as dáta i dtaobh cúrsaí flaithiúnais is ceannasachta.”
Tá dhá laige mhóra san óráid, mar sin féin.
Ar dtús, céard is brí leis an stádas speisialta atá á mholadh do na sé chontae i ndiaidh an Bhreatimeachta? Mar shampla, is cuid de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn, ach tá stádas sainiúil aici taobh amuigh den Aontas Eorpach.
Le go mbeadh stádas sainithe ag na Sé Chontae taobh istigh den Aontas Eorpach chaithfeadh rialtas na Breataine a leithéid a lorg.
Cinnte, mar atá molta ag roinnt daoine mór le rá i saol na polaitíochta sa Bhreatain, bheadh sé riachtanach an teorainn eacnamúil a aistriú go dtí an Mhuir Mheann. Ní ghéillfeadh na hAontachóirí go bog dá leithéid, is cuma cén chaoi ar vótáil siad san reifreann faoin mBreatimeacht.
Agus ní léir, gan go leor eile a bheith géillte i gcás ábhair eile, go mbeadh Theresa May (a mhaíonn gur Aontachtóir í féin) sásta a leithéid a ghéilleadh ach an oiread.
An dara laige in óráid Adams ná an chaint seo faoin Aontas a athchóiriú.
Bheadh conradh úr ag teastáil le hathchóiriu suntasach ar bith a dhéanamh, agus ciallaíonn sé sin go mbeadh ar gach ballstát, an Ghearmáin ina measc, conradh úr a aontú.
Dá dtiocfadh an ‘conradh’ úr salach ar phrionsabail an nua-liobrálachais, atá á gcur chun tosaigh le tamall ag an nGearmáin agus ag an Aontas, shamhlófá nach nglacfaidís go deo lena leithéid. Agus mura nglacfadh, cén chaoi a rachadh Gerry Adams agus Sinn Féin i ngleic lena leithéid de dhiúltú?
Tá a fhios againn go ndúirt Jean-Luc Mélenchon, iarrthóir i dtoghchán na Fraince atá i bhfad amach ar an eite chlé, go lorgódh sé féin go ndéanfaí athchóiriú suntasach ar an Aontas a chuirfeadh srian leis an gcomhoibriu ó thaobh na heacnamaíochta agus na trádála.
Ach dúirt Mélenchon freisin go dtabharfadh sé an Fhrainc amach as an Aontas mura ndéanfaí an t-athchóiriú iomlán sin.
Tá an rud céanna molta dúinne ar ndóigh ag Ray Bassett, iar-ambasadóir na hÉireann go dtí Ceanada agus é den tuairim gur cheart dúinne bagairt a dhéanamh go n-imeoimis féin sa chás nach bhfaighimis margadh maith d’Éirinn. Gan a leithéid de bhagairt dháiríre a bheith ann, cén fáth go dtabharfadh an Ghearmáin éisteacht ar bith dúinn?
Mar a tharla, tá an fear ar éirigh leis i rás na huachtaránachta sa Fhrainc, Emmanuel Macron, ag iarraidh dlús a chur faoin dlúthpháirtíocht san Aontas.
Mar sin féín, tá sé tábhachtach go bhfuil béim leagtha arís ag uachtarán Shinn Féin ar naimhdeas a pháirtí don chreimeadh atá á dhéanamh ar fhlaitheas na tíre seo mar thoradh ar bhallraíocht s’againne san Aontas.
Tá contrárthacht shoiléir ann, cinnte: a bheith ag iarraidh áit san Aontas a chinntiú don Tuaisceart agus a bheith ag diúltú don Aontas mar atá ar son na tíre uilig.
Agus cuimhnigh, murach an Breatimeacht ní bheadh aon díospóireacht ann faoin scéal seo nó faoi stádas speisialta nó faoin teorainn chrua a bhogadh go dtí an mhuir.
Sea, is é an Breatimeacht an bronntanas a bhfuil an seasamh ann.
Éadóchasach
Go hiontach! Seo chugainn uair amháin eile an t-aon tuairim amháin, agus an t-aon alt amháin, atá ag Eoin Ó Murchú le beagnach bliain anuas: ‘An tAontas Eorpach, Fíor-Namhaid na hÉireann’.
Táim ag súil go mór leis an alt seo a athléamh uair amháin eile an tseachtain seo chugainn…
donncha Ó hÉallaithe
An Breatimeacht an fhadhb is mó ag an tír seo faoi láthair, thuaidh agus theas. Ní bronntanas ar bith é, ach do dhaoine le meon intinne atá frith Eorpach/pro Rúiseach!