An botún a rinne Fear an Tí ná éisteacht liom agus mé ag caint leis…

178 lá níos déanaí agus níor thriail mé orm an chulaith fhliuch fós

An botún a rinne Fear an Tí ná éisteacht liom agus mé ag caint leis…

Is í an fhadhb atá agam ná gur ghlac Fear an Tí le m’fhocal i mí na Samhna na bliana seo caite nuair a dúirt mé go raibh fonn orm tosú ag snámh sa bhfarraige arís i mbliana. 

‘Tá mé a cheapadh gurb iad na rúin a bheidh agam an bhliain seo chugainn ná a ghabháil amach as an teach níos minice agus a ghabháil ag snámh sa bhfarraige!’ a d’fhógair mé tráthnóna dorcha amháin i lár mhí na Samhna is é ina ghála amuigh. Chuir cúrsaí an tsaoil isteach ar an gcéad rún acu sin is diabhal neart a bhí agamsa air. 

Ar mhaithe le rud éigin a rá a dúirt mé é dháiríre. Bhí an samhradh i bhfad uainn an t-am sin agus b’éasca a bheith ag maíomh as na gaiscí a dhéanfainn ‘amach sa July’. 

Shíl mé go mbeadh a fhios ag Fear an Tí, agus é ag éisteacht liom le roinnt mhaith blianta faoin am seo, gan mórán airde a thabhairt orm nuair a thosóinn ar an aislingeacht ar mhaithe leis an tráthnóna a chaitheamh. 

An bhfuil caitheamh aimsire ar bith níos fearr oíche fhuar dhorcha ná a bheith ag brionglóidí ar

laethanta breátha an tsamhraidh nuair a bheidh tú ag snámh sa bhfarraige agus sínte bolg le gréin ar an trá? 

Bhí dearmad glan déanta agam ar an maíomh a bhí déanta agam faoin snámh sa bhfarraige faoin am gur tháinig maidin Lá Nollag agus ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a d’oscail mé an beart a bhí leagtha faoin gcrann ag Santaí dom. Céard a bhí romham ach culaith fhliuch. 

‘Nach é Santaí an fear maith!’ a dúirt mé le bréagáthas, mo chroí ag briseadh is an fhuil ag imeacht as m’éadan le teann faitís. Bhí mo dhúshlán tugtha anois aige, cén chaoi a bhféadfainn a ghabháil siar ar m’fhocal anois? 

Rug mé ar na guaillí ar an gculaith fhliuch agus chroch mé amach os mo chomhair é. ‘Tá sé ar éigean beag, a’ bhfuil?’ a d’fhiafraigh mé den áisitheoir aislingí agus amhras orm, ‘ní hé go bhfuil mé ag fáil locht air ná aon rud’. 

‘Deir siad go bhfuil síneadh maith iontu,’ a mhínigh sé dom. 

Ó! Is dóigh go mbeidh sé togha mar sin,’ a deir mé agus thosaigh ag tarraingt anonn is anall ar an ngiobailín neoipréin arís gan mórán dóchais. 

‘Triailfidh mé orm ar ball é,’ a dúirt mé, agus bhí mé ag insint na fírinne ag an am.

Bhí sé i gceist agam é a thriail orm nóiméad ar bith, nuair a bheadh mo chuid tae ólta agam agus b’fhéidir an dara cupán tae agus beagáinín misnigh cruinnithe agam. 

D’imigh lá Nollag agus d’imigh 178 lá eile ina dhiaidh sin agus níor thriail mé orm an chulaith fhliuch fós. D’airigh mé leac fuachta i m’ucht nuair a chonaic mé mí Iúil ar an bhféilire is chuimhnigh mé ar an móid a bhí tugtha agam. 

Tharraing mé an chulaith amach as an tarraiceán arís ar maidin agus leag mé amach ar an leaba í.

Tá mé a ghabháil é a thriail orm lá ar bith anois, agus nuair a thiocfaidh feabhas beag ar an aimsir léimfidh mé isteach.

Ní bheidh stopadh ar bith liom. 

Fág freagra ar 'An botún a rinne Fear an Tí ná éisteacht liom agus mé ag caint leis…'

  • Tiarnan de Freine

    Oíche mhaith agus culaith snámh!