
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag Bus Éireann an tseirbhís áitiúil bus scoile aniar as Baile na hAbhann go dtí Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal a chur ar fáil an athuair do mhuintir Chois Fharraige.
Bhain conspóid le roinnt seachtainí anuas le fógairt Bhus Éireann go raibh deireadh á chur leis an tseirbhís seo ar an mbonn nach raibh gá léi de réir na gcritéar atá leagtha síos maidir le seirbhísí bus scoile a chur ar fáil.
Phléigh feidhmeannaigh as rannóg pleanála agus rannóg iompair na Roinne Oideachais an scéal inniu ar an Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí agus thug urlabhraí ón Roinn le fios do Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag Bus Éireann ar cheist seo na seirbhísí bus.
“Bus Éireann is reviewing the number of applicants who are considered eligible for school transport for the 2015/16 school year and it is likely that a school bus service will now operate for next year,” a dúirt urlabhraí na Roinne Oideachais.
Bhí faoi ghrúpa tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Choláiste Chroí Mhuire an dlí a chur ar Bhus Éireann faoin gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís bus agus iad den tuairim go raibh an comhlacht ag sárú dlíthe comhionannais an stáit.
Is scoil Chaitliceach é Coláiste Chroí Mhuire agus nuair a rinne na tuismitheoirí a gcás le Bus Éireann, dúradh leo dá mba rud gur bhain siad le creideamh mionlaigh go mbeifí sásta an tseirbhís a chur ar fáil dóibh.
B’fhacthas do na tuismitheoirí go raibh Bus Éireann ag sárú forálacha san Acht Oideachais, 1998, áit a sonraítear go gcaithfidh eagraíochtaí ceisteanna a bhaineann le héiteas agus cúinsí teanga a chur san áireamh agus cinneadh dá leithéid á dhéanamh acu.
Dúirt na tuismitheoirí go bhfágfadh cealú na seirbhíse nach mbeadh sé de rogha ag tuismitheoirí feasta a gcuid gasúr a chur chuig iar-bhunscoil Chaitliceach dá mba mhian leo.
Uinsionn Mac Dubhghaill
An buidéal fíona oscailte agam tráthnóna agus sláinte na dtuismitheoirí agus na ndaoine eile a sheas an fód á hól agam. Sé an feall go gcaithfidh daoine dul i mbun agóidíochta le bunseirbhís ar nós bus scoile a choinneáil, ach sin Éire nualiobrálach 2015 duit. Ach tá an dea-scéal againn faoi dheireadh. Faoi mar a déarfadh muintir na Sile fadó, “¡El pueblo unido, jamás será vencido!”