An bonn á bhaint d’údarás an rialtais nuair is géire a theastaíonn sé

Iontas ar mhórán nár shíl na daoine a fuair cuireadh chuig ócáid ghailf Bhaile Conaola agus dinnéar an Chlocháin gur chóir dóibh fanacht sa bhaile, agus imní ar a lán go raibh meon dá leithéid i réim i dTeach Laighean

An bonn á bhaint d’údarás an rialtais nuair is géire a theastaíonn sé

Murach toil Dara Calleary éirí gan mhoill as a phost mar aire talmhaíochta, bheadh an rialtas i gcontúirt mhór. Fiú tar éis dó éirí as, ní féidir a bheith cinnte fós go mbeidh sé ar chumas an rialtais muinín an phobail a chothú.

Is léir an phríomhchontúirt: go dtabharfaidh níos mó daoine neamhaird ar chaint rialtais feasta. ‘Déan mar a deirimid seachas mar a dhéanaimid’ a dúradh go forleathan agus polaiteoirí á gcáineadh tar éis don Irish Examiner scéal an dinnéir gan náire sa gClochán a iniúchadh agus a fhoilsiú.

D’fhógair Dara Calleary laistigh de dhá uair déag go raibh sé ag éirí as. D’admhaigh sé nár chóir dó freastal ar an dinnéar agus gur loic sé ar an Taoiseach agus ar a chomh-airí. Ghabh sé leithscéal freisin le daoine a bhí ag obair ar ‘an líne thosaigh’.

Ba tearc an t-ábhar sóláis a bhí ag triúr ceannairí an chomhrialtais nuair a phléigh siad an drochscéala aniar Dé hAoine. Mar sin féin ba shuntasach an sólás é toisc go raibh cuid den nimh bainte as an gconspóid. Bhí an cháil ar pholaiteoirí na hÉireann riamh nach n-éireoidís as post rialtais dá ndeoin féin mura náireofaí os comhair an tsaoil iad, nó mura mbeadh sé soiléir go raibh siad ar tí a bheith náirithe.

Is díol suntais é mar sin gur éirigh fear uasal cumasach, a bhfuil meas ag mórán air, as a phost rialtais go pras, fiú mura raibh aon dul as aige. Is fearr imeacht maith ná drochsheasamh, agus maireann dóchas ina dhiaidh go mb’fhéidir go mbeadh deis eile ag an té a d’imigh filleadh ar phost rialtais ar ball. Mar a tharlaíonn go minic in Westminster. Mar a tharla don Choimisinéir Eorpach Phil Hogan a d’éirigh as a phost mar aire stáit i 1995 ach a fuair post rialtais arís i 1995.

Is géire agus is láidre an brú áfach a chuirfidh dinnéar na Céadaoin ar an rialtas sa ghearrthéarma. Leag go leor daoine a ghlaoigh ar Liveline ar RTE Dé hAoine méar ar an bhfáth gur chuir an ócáid idir fhearg agus mhúisiam ar mhórán. Bhí iontas orthu nár shíl daoine a fuair cuireadh freastal ar an ócáid i mBaile Conaola gur chóir dóibh fanacht sa bhaile, agus imní orthu go raibh meon dá leithéid i réim i dTeach Laighean.

Ní botún a rinne na daoine a d’fhreastail ar an dinnéar ach drochrud nach féidir a chosaint, a dúirt an saineolaí sláinte phoiblí Gabriel Scally. Thagair an t-aire caiteachais phoiblí Michael McGrath do chúis mhór imní eile: ní foláir rialacha an rialtais a chur i bhfeidhm ar bhonn cothrom, a dúirt sé, agus tá dualgas ar chomhaltaí an Oireachtais dea-shampla a thabhairt don phobal.

Baineann tábhacht chaint an aire leis an aos óg go háirithe. Tá an coróinvíreas ag cur isteach go mór orthu le sé mhí. Tá iompar mífhreagrach a bhí á chur ina leith cáinte go láidir agus go minic ag daoine níos sine. Tar éis dinnéar mífhreagrach na Céadaoin, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh an rialtas ábalta cur ina luí ar chuid acu cloí leis na rialacha feasta.

Beidh dea-thoil agus comhoibriú an aosa óig ag teastáil go mór sna seachtainí atá romhainn nuair a osclófar na scoileanna arís agus nuair a eiseofar torthaí mheasúnú na hArdteistiméireachta.

Beidh dua agus díograis de dhíth chun muinín a chothú idir páirtithe an chomhrialtais, mar gheall ar an útamáil agus an phleidhcíocht a léiríodh i rith na seachtaine. Ach rachaidh sé níos déine go mór orthu muinín an phobail a chothú, nuair a bheidh géarghá le tarraingt le chéile.

Fág freagra ar 'An bonn á bhaint d’údarás an rialtais nuair is géire a theastaíonn sé'

  • An Teanga Bheo

    Ní turas aonair é an comhrialtas seo ach fáire amach i gconaí atá i gceist