An bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh do Liz Cheney

Sa mbliain 2021 thacaigh Liz Cheney le táinseamh an Uachtaráin Trump faoin ionsaí a rinneadh ar an gCaipeatól

An bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh do Liz Cheney

Is mairg a déarfadh go bhfuil Donald Trump réidh agus an bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh i stát Wyoming don dlíodóir agus an feisire Liz Cheney. Tiocfaidh deireadh lena cuid oibre i dTeach na nIonadaithe agus is í rogha an iarUachtaráin Trump, dlíodóir eile, Harriet Hegeman a bheidh sa suíochán sin ón 3 Eanáir an bhliain seo chugainn. Bhí an suíochán sin in Wyoming ag athair Liz, Dick Cheney, ar feadh deich mbliana ó 1979 go dtí 1989.

Is mór an t-athrú é seo ar shaol polaitíochta Cheney a raibh Washington mar dhara baile aici. Iníon í leis an iarLeas-Uachtarán Dick Cheney agus ba í a bhí ina Cathaoirleach ar Chomhdháil Phoblachtánach an Tí ó 2019 go 2021. Bhí cúraimí tábhachtacha uirthi faoi rialtas George W Bush agus dearcadh an-choimeádach aici faoi chúrsaí slándála agus í go mór ar son an dreama míleata agus lucht gnó.

Sa mbliain 2021 thacaigh Cheney le táinseamh an Uachtaráin Trump faoin ionsaí a rinneadh ar an gCaipeatól ar an 6 Eanáir. Dá bharr sin bhain na Poblachtánaigh ceannaireacht an pháirtí sa bparlaimint di mí Bealtaine 2021. Faoi Shamhain anuraidh chinn lárchoiste a páirtí [31v29] ina stát féin nach n-aithneofaí feasta í mar bhall den pháirtí Poblachtánach.

Agus a suíochán caillte aici arú aréir dúirt Cheney: “Ón 6 Eanáir tá mé ag rá go ndéanfaidh mé mo mhíle dícheall ionas nach ngabhfaidh Donald Trump in aon ghaobhar don Oval Office arís go deo agus sin é mo rún i gcónaí. Níl ár gcuid oibre déanta fós.”

Deichniúr Poblachtánach a vótáil ar son Trump a tháinseamh faoin ionsaí ar an gCaipeatól agus níl ach beirt acusan fós ina bhfeisirí. Níor atoghadh ceathrar [Wyoming, Washington, Michigan agus Carolina Theas], agus d’éirigh ceathrar eile as an bpolaitíocht náisiúnta. 

Ní nach ionadh rinne Trump comhghairdeas le Harriet Hageman, a rogha féin, agus dúirt gur chóir do Cheney náire a bheith uirthi ach gur ghearr go ndéanfaí dearmad iomlán uirthi. 

Creideann Hageman gach a ndeir Trump agus a lucht tacaíochta faoin toghchán Uachtaránachta – go ndearnadh calaois ann. “Ní ghlacfaidh muid feasta in Wyoming le hionadaithe nach seasann dúinne,” a deir sí aréir.

Ar ndóigh measann a lán go gcloisfear neart fós faoi Liz Cheney mar go gceaptar suim a bheith aici seasamh i dtoghchán na huachtaránachta. 

Fág freagra ar 'An bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh do Liz Cheney'