AN BHREATIMEACHT: Maidríní lathaí na hÉireann ag fanacht ar fhead a máistrí

Tá greim an fhir bháite á choinneáil ag tráchtairí agus polaiteoirí an stáitín seo ar a n-aisling agus iad ag brionglóideach i gcónaí faoi shaol eile nach mbeidh aon Bhreatimeacht ann

AN BHREATIMEACHT: Maidríní lathaí na hÉireann ag fanacht ar fhead a máistrí

Bí ag caint ar aisling bhréige! Sea, tá an oiread sin faitís ar bhunaíocht na tíre seo faoin mBreatimeacht go nglacann siad le hathrú polaitiúil ar bith mar chruthúnas gur féidir neamhaird a dhéanamh den reifreann is go bhféadfadh go bhfanfadh an Bhreatain san Aontas Eorpach ar deireadh thiar.

Is é an cor is deireanaí sa scéal ar ndóigh ná toradh an toghcháin i Sasana. Diúltú don Bhreatimeacht crua a bhí ann, dar leis an Irish Times. Seafóid gan dabht, mar is ar éigean go ndearna na Daonlathaigh Liobrálacha (Lib Dems) – an t-aon pháirtí a bhí ag feachtasaíocht ar son reifreann nua a reáchtáil faoin scéal – mórán dul chun cinn, agus bunaithe ar a naimhdeas don déine a bhí feachtas Jeremy Corbyn agus pháirtí an Lucht Oibre.

Is iad na Caomhaigh a bheas fós i gceannas le tacaíocht an DUP. Creideann roinnt tráchtairí go mbeidh an DUP sásta mórán a ghéilleadh mar go dteastaíonn uathu teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

Ach breathnaigh éilimh an DUP maidir le socrú a dhéanamh leis na Caomhaigh. I measc na n-éileamh sin tá ‘fíor-rialú teorann is polasaí docht ar inimirce’!

Ní thagann éileamh den chineál sin leis an gcaint faoi Bhreatimeacht bog.

Ach céard go deimhin atá i gceist leis na téarmaí sin – crua is bog?

Bheadh Breatimeacht bog ann dá bhféadfadh an Bhreatain cead isteach a fháil sa mhargadh aonair, gan bacanna a bheith orthu is gan maorlathas a bheith á bplúchadh, nó dá n-éireodh leo ar a laghad fanacht san aontas custaim.

Ach tá sé ráite go soiléir ag an Aontas féin nach féidir fáil isteach ar an margadh aonair gan glacadh le saorghluaiseacht daoine. Ach is bunchloch de chuid an éilimh ar Bhreatimeacht go gcuirfí stop leis an tsaorghluaiseacht chéanna.

Thabharfadh ballraíocht san aontas custaim saoirse earraí a thabhairt isteach agus amach as an mBreatain gan aon dleachtanna. Ach is é an tAontas Eorpach a leagfadh síos na rialacha faoi sin is a shocródh táille choiteann ar thrádáil i gcás tíortha atá taobh amuigh den aontas custaim.

Arís, ba bhunchloch de chuid an éilimh ar an mBreatimeacht é go mbeadh an tsaoirse ag an mBreatain a gcomhaontuithe trádála féin a dhéanamh, rud nach bhféadfaidís a dhéanamh dá mbeadh siad san aontas custaim.

Dá mbeadh an tAontas Eorpach sásta na rialacha a thrú, b’fhéidir go bhféadfadh an Bhreatain glacadh leo, ach níl aon chomhartha go bhfuil an tAontas ag smaoineamh ar a leithéid nó go mbeadh gach ballstát sásta glacadh lena leithéid.

Creideann tráchtairí na Sé Chontae Fichead nach bhfuil sé loighciúil go mbeadh DUP tacú le Breatimeacht crua. Ach thacaigh siad sa reifreann le Breatimeacht agus tá siad ag tacú leis i gcónaí – beag beann ar dhearcadh na dtráchtairí ó dheas faoina loighic.

Rud amháin spéisiúil faoi seo ná seasamh na gCaomhach in Albain. D’éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh lena n-argóint go bhféadfaí mianta na hAlban i dtaobh an Bhreatimeachta a chur i bhfeidhm gan reifreann neamhspleáchais a rith. Agus tá caint ann go bhfuil Ruth Davidson, ceannaire na gCaomhach in Albain, ag iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar thoradh an reifrinn, dá bharr.

Tá greim an fhir bháite á choinneáil ag tráchtairí agus polaiteoirí an stáitín seo ar a n-aisling go ndéanfar athmhachnamh ar an scéal agus iad ag brionglóideach i gcónaí faoi shaol eile nach mbeidh aon Bhreatimeacht ann. Níl, ar ndóigh, aon fhianaise le fáil i Sasana go bhfuil aon tacaíocht ag an tuairim sin a luaitear le Davidson.

Ní hamháin nach bhfuil athrú intinne ar na Caomhaigh ná ar an DUP, ach tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn, soiléir faoi freisin go nglacann sé le toradh reifreann an Bhreatimeachta.

Tá sé in am dúinne in Éirinn mar sin éirí as an mbrionglóideacht agus an seachmall agus glacadh leis go gcaithfimid socruithe a dhéanamh leis an mBreatain agus leis an Eoraip a oireann dúinn féin.

Ar dtús, caithfimid comhaontú trádála a shocrú leis an mBreatain agus fadhbanna na teorann a réiteach tríd an socrú sin. Agus más gá dúinn ballraíocht chomhlach (mar atá ag an Iorua) sa AE a lorg seachas ballraíocht iomlán, ba cheart go mbeimis sásta é sin a dhéanamh.

Mar bhall comhlach, tá fáil ag an Iorua ar an margadh aonair. Ach, toisc iad a bheith taobh amuigh den aontas custaim caithfidh siad a chruthú gur as an Iorua aon earraí a chuireann siad go dtí an tAontas Eorpach.

D’fhéadfadh an riail chéanna a bheith againne, agus chabhródh sé sin leis na fadhbanna faoin teorainn a mhaolú.

Ach an bhfuil an misneach ag ár gcuid polaiteoirí aghaidh a thabhairt ar a leithéid de shocrú, nó an bhfuil an cumas intleachta iontu fiú smaoineamh ar a leithéid?

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfanfaidh siad ina luí mar a bheadh maidríní lathaí iontu ag fanacht ar fhead a máistrí.

Fág freagra ar 'AN BHREATIMEACHT: Maidríní lathaí na hÉireann ag fanacht ar fhead a máistrí'

  • Éadóchasach

    Is í an cheist atá agamsa ná: An bhfuil cumas intleachta ag Eoin Ó Murchú féin smaoineamh i gceart ar na smaointe atá aige faoin mBreatimeacht?

    Taibhsítear dom nach bhfuil. Féach ar an alt seo thíos, mar shampla….

    ‘Ar dtús, caithfimid comhaontú trádála a shocrú leis an mBreatain agus fadhbanna na teorann a réiteach tríd an socrú sin. Agus más gá dúinn ballraíocht chomhlach (mar atá ag an Iorua) sa AE a lorg seachas ballraíocht iomlán, ba cheart go mbeimis sásta é sin a dhéanamh. […] [C]habhródh sé sin leis na fadhbanna faoin teorainn a mhaolú.’

    Cad atá ar bun agat, a Eoin? Nach bhfuil a fhios agat go mbeimis chomh fada ó réiteach a fháil ar cheist na teorann agus atáimid fé láthair dá mbeadh stádas na hIorua againne? Mar bhall den margadh aonair, glacann an Iorua le gach ceann desna saorghluaiseachtaí a bhaineann le fíorbhallraíocht an Aontais, saorghluaiseacht daoine, nach bhfuil rialtas reatha na Ríochta Aontaithe sásta glacadh léi, ina measc. Is é an fáth nach bhfuil gá le rialú inimirce a dhéanamh ag an dteorainn idir an Iorua agus an tSualainn ná go nglacann an dá thír leis na bunphrionsabail sin agus gur teorainn oscailte do dhaoine atá inti dá bharr. Ní fhéadfadh sé bheith amhlaidh i gcás na teorann idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn agus an Ríocht Aontaithe lasmuigh den margadh aonair agus i gcoinne shaorghluaiseacht daoine.

    Má tá fonn ort a chur in iúl dúinn go bhfuilir níos glice ná ‘tráchtairí agus polaiteoirí an stáitín seo’ araon, a Eoin, b’fhéidir gur chóir duit ceann nó dhó desna rudaí seo a dhéanamh sara gcuirfir peann le pár: staidéar níos cruinne a dhéanamh ar na ceisteanna a bheidh á bplé agat, nó níos mó measa a léiriú dosna daoine a bheidh á léamh…