An Bhreatain Bheag ag iarraidh áit sa chéad bhabhta eile a chinntiú inniu sa Róimh

Imreofar an babhta deireanach cluichí i nGrúpa A tráthnóna nuair a thabharfaidh an Iodáil agus an Bhreatain Bheag aghaidh ar a chéile agus casfaidh an Eilvéis ar an Tuirc

An Bhreatain Bheag ag iarraidh áit sa chéad bhabhta eile a chinntiú inniu sa Róimh

Aaron Ramsey. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Iodáil v An Bhreatain Bheag – 5pm

Tá áit bainte amach ag na hIodálaigh sa chéad bhabtha eile go cinnte tar éis dóibh an dá chluiche a bhí acu go dtí seo a bhuachan. Tá cuma na maitheasa ar an mBreatain Bheag freisin tar éis dóibh an Tuirc a bhualadh an tseachtain seo agus comhscór a bheith acu in aghaidh na hEilvéise sa chéad bhabtha.

Ní hé nach bhfuil aon tairbhe aon do bhuaiteoir an chluiche seo, áfach. Má chríochnaíonn na hIodálaigh ar bharr an ghrúpa, beidh siad sa Róimh má éiríonn leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Beidh sé sin mar sprioc ag Roberto Mancini ach beidh a fhios aige freisin go bhfuil deis aige scíth a thabhairt do roinnt imreoirí a bhfuil an-chuid oibre déanta acu go dtí seo. Ná bí ag súil leis an iomarca athruithe ón mbainisteoir, áfach.

An Eilvéis v An Tuirc – 5pm

B’údar mór díoma taispeántais na Tuirce go dtí seo sa chomórtas. Mheasadh go raibh an-seans acu dul i gcion ar dhaoine i rith an chomórtais ach tá cliste orthu go dtí seo.

Níl siad go hiomlán as an iomaíocht ach bheadh bua ollmhór ag teastáil uathu chun na chéad bhabhtaí eile a bhaint amach agus nuair nach bhfuil cúl scóráilte acu go dtí seo, is beag seans go dtarlóidh sin.

Tá an Eilvéis beagáinín faoi bhrú freisin ach fágann an comhscór a bhí acu i gcoinne na Breataine Bige go bhfuil an seans ann go mbeadh bua inniu sách maith chun iad a thabhairt slán ón ngrúpa.

Beidh orthu a bheith i bhfad níos fearr ná bhíodar i gcoinne na hIodáile, áfach. Is ar éigin gur chruthaigh na hEilvéisigh seans amháin sa chluiche sin Dé Céadaoin.

Fág freagra ar 'An Bhreatain Bheag ag iarraidh áit sa chéad bhabhta eile a chinntiú inniu sa Róimh'