An Bhreatain agus tAE ag dul i bhfán ar a chéile agus gan aon chaint tosaithe go fóill

Ní léir go bhfuil ceachtar taobh sna cainteanna iarBhreatimeachta soiléir faoin múnla den chonradh trádála ab ansa leo ach is léir go bhfuil bearna mhór eatarthu

An Bhreatain agus tAE ag dul i bhfán ar a chéile agus gan aon chaint tosaithe go fóill

Tá seachtain mhór romhainn san idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Gheobhaidh muid léargas, má theastaigh sé, ar chomh deacair agus a bheidh sé an caidreamh fadtéarmach idir an dá dhream a shocrú.

Chuir ambasadóirí na mballstát bailchríoch inné, Dé Luain, ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh don idirbheartaíocht agus tá súil lena foilsiú tar éis é a bheith pléite ag cruinniú de Chomhairle na nAirí Eorpacha inniu.

Idir an dá linn, ceaptar go bhfoilseofar Déardaoin an cháipéis ina mbeidh cur síos inti ar chur chuige na Breataine.

Ní chaithfear fanacht go dtí foilsiú na gcáipéisí lena thuiscint go bhfuil an bhearna idir seasamh na Breataine agus seasamh an Aontais ag méadú gach lá.

An tseachtain seo caite thug David Frost, príomheadránaí rialtas Boris Johnson, óráid inar dhúirt sé go bhfuil an rialtas i Londain diongbháilte cloí leis an éileamh go mbeadh conradh trádála a bheadh bunaithe ar an socrú atá idir an tAontas Eorpach agus Ceanada idir an tAontas agus an Bhreatain.

An aidhm atá leis an bpróiseas Breatimeachta ar fad, dar le David Frost, go nglacfadh an Bhreatain seilbh in athuair ar a náisiún agus a cuid dlíthe féin. Tá éileamh na hEorpa go mbeadh an córas rialachán bunaithe ar chothrom na Féinne a bheith ag cách, nó ‘páirc imeartha atá cothrom’, mar a deir siad féin, ag teacht glan salach ar an aidhm sin. Go deimhin, bheadh sé frithdhaonlathach, dar le Frost.

Tá ballstáit an Aontais, an Fhrainc go háirithe, an-láidir sa seasamh atá acu go gcloífeadh an Bhreatain sách daingean le rialacha an Aontais. Diúltaíonn siad don chomparáid le Ceanada agus an tSeapáin. Tá an Bhreatain ina ball den Aontas le seacht mbliana agus dhá scór agus níl Dover ach cúpla ciliméadar trasna na farraige ón mór-roinn. Ní hionann an cás le Ceanada. Tá an Fhrainc den tuairim nach bhfuil an tAontas sách géar ina chuid éileamh.

Tá cúis eile leis an éileamh ón Aontas ar “pháirc imeartha atá cothrom”. Tá imní i measc roinnt ball go ndéanfaidh an Bhreatain iarracht buntáiste iomaíochta a fháil trí rialacháin agus caighdeáin Eorpacha a shárú amach anseo. Tá a leithéid séanta go láidir ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ach níl aon chinnteacht ó lá go lá cén seasamh a ghlacfaidh rialtas na Breataine.

Taobh amuigh den cheist sin, tá cearta iascaigh ar cheann de na hábhair achrannacha eile atá le plé sna míonna seo romhainn. Ó tharla gur tír neamhspleách a bheidh inti anois, deir an Bhreatain go mbeidh cúrsaí iascaigh le plé ar bhonn bliantúil feasta. Caithfidh iascairí an Aontais na cearta agus na cuótaí atá acu faoi láthair a choinneáil, a deir an tAontas.

Níl anseo ach sampla den chineál sárú atá le teacht sna cainteanna. Is chun donachta a bheidh cúrsaí ag dul de réir cosúlachta. Cé a cheapfadh go mbeadh Dealbha Elgin na Gréige agus séadchomharthaí cultúrtha eile lárnach i gcainteanna an Bhreatimeachta?

Níor deineadh socrú den chineál seo riamh cheana.

Beidh fadhbanna go leor le sárú ón uair a dtosóidh na cainteanna foirmeálta an tseachtain seo chugainn. Ní léir go bhfuil ceachtar taobh iomlán soiléir faoin múnla den chonradh trádála ab ansa leo. Neosfaidh na cáipéisí a fhoilseofar an tseachtain seo an fíor do na saineolaithe a mheasann gur ag druidim níos faide óna chéile a bheidh na foirne idirbheartaíochta feasta.

Sin más cóir géilleadh do chaint phoiblí na bpáirtithe seachas fanacht go dtosaíonn an chaint oifigiúil.

Fág freagra ar 'An Bhreatain agus tAE ag dul i bhfán ar a chéile agus gan aon chaint tosaithe go fóill'

  • An Trang’s Bheo

    Is minic le plasmas a bheith sa mBreatain agus Brexit 3.5 bliain d ,aois.