An bhratach ghorm bainte anuas ag an Trá Mhóir in Indreabhán

Tá go leor algaí san uisce ag an trá i láthair na huaire agus d’fhéadfadh daoine, peataí agus ainmhithe eile tinneas a fháil as an uisce

An bhratach ghorm bainte anuas ag an Trá Mhóir in Indreabhán

Tá iarrtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an bpobal gan a ghabháil ag snámh ar an Trá Mhóir sa gCoill Rua in Indreabhán i gContae na Gaillimhe mar gheall ar algaí gormghlasa a bheith san uisce.

Tá go leor algaí san uisce ag an trá i láthair na huaire agus d’fhéadfadh daoine, peataí agus ainmhithe eile tinneas a fháil as an uisce.

Tá molta ag an gComhairle do dhaoine gan lámh a leagan ar an gcúr atá curtha isteach ar an trá agus gan dul ag snámh san uisce ann. Moltar páistí agus peataí a choinneáil ón uisce, agus lámha a níochán má tharlaíonn sé go leagtar lámh ar na halgaí. Moltar gan ligean do pheataí an t-uisce a ól agus iad a ghlanadh má bhíonn siad ag snámh ann.

Ní bheidh an Bhratach Ghorm a bronnadh ar an trá níos túisce i mbliana crochta ar feadh trí lá ag an trá Ghaeltachta. Déanfar leibhéal na n-algaí a mheas arís ansin agus táthar ag súil go mbeifear in ann í a chrochadh an athuair ansin.

Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.

Fág freagra ar 'An bhratach ghorm bainte anuas ag an Trá Mhóir in Indreabhán'

  • Braoin

    Agus an t-iascach díolta ó na seachtóidí… agus na cearta ola tugtha ar láimh do na heachtrannaigh… caithfear aire a thabhairt do cheann de na rudaí beaga bídeacha atá fanta san áit thiar agus muid ag smaoineamh ar fhostaíocht a choinneos an mhuintir sa mbaile…